Aistriúchán Gaeilge déanta ar óráid stairiúil 7 Márta tugtha ag Bunaitheoir na Banglaidéise 

Posted on: 08 March 2021

Sheol Ard-Choimisiún na Banglaidéise don Ríocht Aontaithe agus d’Éire aistriúchán Gaeilge ar óráid chinniúnach i stair na tíre inniu.

Thug bunaitheoir na Banglaidéise, Bangabandhu Sheikh Mujibur Rahaman, óráid fhíorthábhachtach ar an 7 Márta 1971 a spreag muintir na tíre chun éirí amach ar son an neamhspleáchais. D’éirigh leis an tír saoirse a bhaint amach sa bhliain chéanna. Ó shin i leith, tá an óráid aistrithe go sé theanga de chuid na Náisiún Aontaithe agus d’áirigh UNESCO í ina Clár um Chuimhne an Domhain sa bhliain 2017.

 

Seoladh aistriúcháin Ghaeilge, Bhreatnaise agus Albanacha ag an seoladh fíorúil mar chuid de chomóradh céad bliain ó rugadh an Bangabandhu.  Bhí Choimisinéir na Banglaidéise, Saida Muna Tasnee, i láthair mar aon le Céad-Aire na Breataine Bige, an Ró-Onórach Mark Drakeford; Aire Gnóthaí Eachtracha na Banglaidéise, an Dr A.K. Abdul Momen; agus an tAire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, Thomas Byrne. Rinne céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Ross Ó Colmáin, aistriúchán ar an óráid le tacaíocht ó Cheann Roinn na Gaeilge, an Dr Eoin Mac Cárthaigh.

Dúirt an Dr Mac Cárthaigh

Ba mhór an onóir dúinn oibriú le hArd-Choimisiún na Banglaidéise ar an tionscadal seo. Is léir go bhfuil go leor cosúlachtaí idir stair ár dtíortha. Táimid an-sásta go mbeidh an óráid seo, a bhfuil tábhacht dhomhanda léi, ar fáil le léamh i nGaeilge anois. Tréaslaím feabhas a chuid oibre leis an aistritheoir, Ross Ó Colmáin, céimí dár gcuid. D’éirigh thar cionn leis spiorad agus brí an bhunleagain a thabhairt leis san aistriúchán álainn seo.

Dúirt an tOllamh Juliette Hussey, an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Domhanda i gColáiste na Tríonóide,

Táim an-sásta go ndearna Ard-Choimisiún na Banglaidéise comhpháirtíocht le Coláiste na Tríonóide chun an óráid 7 Márta a aistriú go Gaeilge. Baineann tábhacht stairiúil ar leith leis an óráid don Bhanglaidéis agus dá troid ar son an neamhspleáchais. Aithnímid na cosúlachtaí lenár dtroid féin ar son na saoirse, agus ar son na teanga. Déanaim comhghairdeas le céimí de chuid na hollscoile, Ross Ó Colmáin, as aistriúchán a chumadh a chuireann spiorad na hóráide in iúl, agus le Roinn na Gaeilge agus leis an gCeann Roinne, an Dr Eoin Mac Cárthaigh, as a gcuid oibre ar an tionscadal teanga suntasach seo.

 

An uair seo, ní shásóidh dada muid ach an tsaoirse. An uair seo, ní shásóidh dada muid ach an neamhspleáchas. Beangál abú! (Sliocht ón óráid) 

Media Contact:

Catherine O’Mahony, Media Relations Officer | omahonc7@tcd.ie |