Acmhainní ar líne do mháithreacha seolta ag staidéar MAMMI

Posted on: 11 December 2019

Tá sraith acmhainní ar líne faoin máithreachas atá saor in aisce agus atá dírithe ar mhná, ar mháithreacha agus ar ghairmithe cúraim sláinte, seolta ag Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste na Tríonóide. Cuirfear faisnéis fhianaise-bhunaithe ar fáil leis na hacmhainní seo atá dírithe ar dhul i ngleic leis na bearnaí in eolas na mban, ar dheireadh a chur leis an tost faoi cheisteanna sláinte náireacha nó íogaire, agus ar chur ar chumas na mban féin-mheasúnú a dhéanamh agus dul i mbun gnímh ar mhaithe lena sláinte.

Forbraíodh na hacmhainní ó thorthaí an staidéir Maternal health And Maternal Morbidity in Ireland (MAMMI), staidéar fadaimseartha Éireannach inar scrúdaíodh sláinte os cionn 3,000 mháthair chéaduaire ar fud na hÉireann, agus ar na fadhbanna sláinte a bhí acu, agus tá siad bunaithe ar na nithe a dúirt na mná ba thrua leo nach raibh siad ar eolas acu.

Tugtar le tuiscint leis na torthaí, cé go mbíonn fadhbanna sláinte éagsúla ag mná sa tréimhse iarbhreithe, nach dtugtar aird ar shláinte mháithreacha go minic, nó go dtugtar tús áite do shláinte na leanaí, mar gur ar shaincheisteanna a bhaineann le sláinte na leanaí a dhírítear go príomha. Bíonn tionchar diúltach ag na fadhbanna sin, ar féidir iad a chosc nó a leigheas go minic má aithnítear iad agus má chuirtear cóireáil orthu go luath, ar shláinte choirp agus ar mheabhairshláinte na mban, agus cuireann siad bac orthu sult iomlán a bhaint as an saol agus as an máithreachas.

I ndiaidh na breithe, díríonn faisnéis agus cúram sláinte iarbhreithe beagnach go hiomlán ar leanaí; deir mná go mbíonn deacrachtaí acu teacht ar acmhainní iontaofa agus ar fhaisnéis ar féidir brath uirthi maidir lena sláinte féin agus leis na fadhbanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith acu.

Tá na hacmhainní nua ar líne roinnte ina dtrí réimse:

  • Sláinte na mBan i nDiaidh an Mháithreachais (WHAM)
  • Máithreachas, Cumhachtú, Féinchabhair Inbhuanaithe: Aghaidh a Thabhairt ar Bhearnaí san Oideachas leis an Eolaíocht (MESSAGES)
  • I dTreo Téarnaimh i nDiaidh Breithe, trí Eolas (ON-TRACK)

Sa chúrsa Sláinte na mBan i nDiaidh an Mháithreachais (WHAM), arna óstáil ar an ardán FutureLearn, cuirtear raon éagsúil acmhainní ar líne i láthair. Dearadh iad agus forbraíodh iad i gcomhar le mná ar rugadh leanaí dóibh le déanaí, agus le saineolaithe ar shláinte mháthartha. Tá sé mar aidhm leis na hábhair oideachasúla cúram a chur ar fáil do mhná sa bhaile trí ábhar fianaise-bhunaithe ar shláinte mháthartha iarbhreithe a thairiscint dóibh féin agus do ghairmithe, i bhfoirm físeán, alt, gníomhaíochtaí idirghníomhacha, grafaic faisnéise ar féidir iad a íoslódáil, féin-mheasúnuithe agus tascanna faoi stiúir cóitseálaí.

Sa tionscadal MESSAGES (Máithreachas, Cumhachtú, Féinchabhair Inbhuanaithe: Aghaidh a Thabhairt ar Bhearnaí san Oideachas leis an Eolaíocht), tá físeáin agus ábhair féinchabhracha agus oideachasúla ann chun cuidiú le mná tuiscint a fháil ar na cúiseanna le neamhchoinneálacht úiríneach agus ar chóireáil choimeádach ina leith. Tá ábhair chun cuidiú le mná féin-mheasúnú a dhéanamh agus a ndul chun cinn a rianú i measc na n?acmhainní. Fondúireacht Eolaíochta Éireann a mhaoinigh an tionscadal MESSAGES.

Is éard atá in I dTreo Téarnaimh i nDiaidh Breithe, trí Eolas: (ON TRACK) ná sraith físeán oideachasúil ar phian sa chrios peilbheach, sláinte ghnéis iarbhreithe agus imní iarbhreithe. An Scéim um Malartú agus Scaipeadh Eolais (KEDS) de chuid an Bhoird Taighde Sláinte (HRB) a mhaoiníonn an tsraith.

Dúirt an Dr Deirdre Daly, Ollamh Cúnta le Cnáimhseachas agus Príomhthaighdeoir an Staidéir MAMMI:

“Bunaíodh an staidéar MAMMI mar staidéar a dhéanfaí in éineacht le mná agus ar a son. Ón tús, agus go háirithe i ndiaidh dúinn na torthaí a roinnt le mná ag imeachtaí agus ag seimineáir éagsúla, bhí mná ag iarraidh orainn ‘rud éigin a dhéanamh faoi na torthaí sin’, agus ag rá ‘caithfidh sibh deireadh a chur leis an tost’ agus ‘caithfidh sibh rud éigin a dhéanamh chun an scéal a fheabhsú do na mná a bheidh ina máithreacha sa todhchaí’.”  

“Agus sinn ag oibriú i gcomhpháirtíocht le rannpháirtithe sa staidéar MAMMI, le gairmithe cúraim sláinte, lena n-áirítear fisiteiripeoirí ar saineolaithe iad i sláinte na mban, le síciatraí imbhreithe agus le saineolaithe eile sna réimsí meabhairshláinte, sláinte ghnéis agus foréigean baile, chaitheamar an bhliain seo caite ag ceapadh na hacmhainní iontacha, iontaofa seo ar féidir brath orthu do mhná agus do ghairmithe cúraim sláinte le húsáid chun cur lena gcleachtas. Mar gheall gur ceapadh na hacmhainní seo i gcomhar le mná, tá siad thar a bheith ábhartha do mhná agus iad ina máithreacha. Cuimsíonn siad na nithe, a deir an oiread sin ban, go mba thrua leo nach raibh ar eolas acu.”

Dúirt Naomi Donaldson, as Baile Átha Cliath, rannpháirtí sa staidéar MAMMI agus i bhforbairt na n?acmhainní nua:

“Cheap mé gur cheist amaideach a bhí i ngach ceist a bhí agam mar mháthair nua. Mheas mé nach raibh an taithí chéanna ag aon duine eile ar an máithreachas agus a bhí agamsa. Thuig mé tríd an staidéar MAMMI go bhfuil gach duine ag dul tríd an rud céanna, den chuid is mó. Níl na ‘ceisteanna amaideacha’ sin amaideach ar chor ar bith agus tugtar freagra ar gach ceann díobh sna hacmhainní nua ar líne atá á seoladh inniu. Dá mbeadh na hacmhainní sin ar fáil nuair a rugadh mo leanbh dom, thabharfadh siad deis dom mé féin a ullmhú don uaigneas, don scoiteacht agus don chiontacht a mhothaíonn tú mar mháthair nua.”

Dúirt Margie McCarthy, Ceann an Oideachais agus an Chaidrimh Phoiblí ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann:

“Tá áthas ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann tacú leis an tionscadal MESSAGES, lena léirítear an tslí a bhfuil litríocht fhianaise-bhunaithe, atá scríofa go soiléir agus éasca teacht uirthi, in ann feabhas suntasach a chur ar shaol daoine ó lá go lá. Ach trí oibriú go díreach le máithreacha a raibh fadhbanna iarbhreithe acu chun na hacmhainní tábhachtacha seo a chruthú i gcomhar, tá siad níos éifeachtaí, níos ábhartha agus níos inrochtana do chách.”

Is féidir tuilleadh eolais faoi na hacmhainní ar líne a fháil anseo: https://www.futurelearn.com/courses/womens-health-after-motherhood

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337