60 bliain de Mhalartú Oideachasúil & Cultúrtha idir Éirinn & na Stát Aontaith

Posted on: 03 July 2017

D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charlie Flanagan agus Reece Smyth, Chargé d’affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn, 38 Dámhachtain nua i dTeach Uíbh Eachach le linn na seachtaine seo caite.

San áireamh sna faighteoirí tá mic léinn, acadóirí agus daoine gairmiúla ó 15 ard institiúd oideachais thar Éirinn agus ar fud na hEorpa. Téann siad go dtí na hinstitiúidí is fearr sna Stáit Aontaithe chun staidéir a dhéanamh agus comhoibriú le saineolaithe ina réimse spéise.

Gné uathúil de na Dámhachtaithe Fulbright is ea an chaoi go gcuireann an clár malartú cultúrtha chun cinn in éineacht leis an Malartú Oideachasúil. Anuas ar a staidéar agus an obair a chuirtear chun críche, is ambasadóirí cultúrtha iad le linn a dtréimhsí sna Stáit Aontaithe. Ansin, fillfidh siad ar Éirnn chun an t-eolas agus an saineolas a bhailíonn siad a roinnt. Cinntíonn an phroiséas iarratas go mbeadh toradh rathúil ar an tsochaí de na ndaoine a éiríonn leo Fulbright a bhaint amach.

Le linn na bliana seo, ceiliúradh 60 bliain den chlár Fulbright idir Éirinn agus na Stát Aontaithe agus an Malartú Oideachasúil agus Cultúrtha ar fad. Ón mbliain 1957, tá an clár i ndiadh deiseanna a chuir ar fáil do shaoránaigh Éireannacha agus Eopacha chun staidéir a dhéanamh, nó taighde a dhéanamh nó léachtóireacht a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus chun tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh Meiricéanacha chun amhlaidh a dhéanamh in Éirinn.

Ó 1957, tá an clár ag cur deiseanna ar fáil do shaoránaigh Éireannacha agus Eorpacha chun staidéir a dhéanamh, taighde a dhéanamh nó dul ag léachtóireacht sna Stáit Aontaithe agus tá tacaíocht curtha ar fáil do Mheiriceánaigh chun amhlaidh a dhéanamh in Éirinn. Tá an clár bunaithe anois i mbreis agus 160 tír ar fud na cruinne ag cur gréasán domhanda do dhámhachtaithe Fulbright agus alumni.

Dúirt bunaitheoir an chláir an Seanadóir J William Fulbright faoin gclár “as na comhiarrachtaí ar fad, an ceann is rathúla, i mo thuairmse is ea malartú oideachasúil. I gconaí bíonn deachrachtaí móra agam teacht ar na focail a thugann míniú math go leor ar an malartú oideachasúil. Ní ionann an malartú oideachasúil agus ceann de na rudaí deasa sin ach rudaí neamhthabhachta a dhéanann muid maidir le cúrsaí idirnáisiúnta ach ar són na tochaí, síochan domhanda. Is é an ní is tabhachtaí agus b’fhéidir is fiúntaí as ár ngníomhachtaí eachtracha”.

Aire Roinn na Gnóthaí Eachtrachta, Charlie Flanagan: “Mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ba mhaith liom mo chomhghairdeas ó chroí a ghabháil leis an 38 scoláire agus mac leinn a bhain gradaim amach le haghaidh na bliana 2017-18. Tá post tábhachtach ag an Coimisiún Fulbright maidir le deiseanna a chuir ar fáil do scoláire Éireannacha agus Meirceánacha chun taigdhe a dhéanamh, obair a dhéanamh agus taithí ar an saol a fháil sa tír eile.

Is as réimse eagsúla a thagann na dámhachtaithe: eolaíocht, gnó, teicneolaíocht, leigheas, innealtóireacht, Geo-eolaíocht, Staidéar mara, léiriúchan na meán, léann na hamharclannaíochta, An Ghaeilge, Dlí agus Stair.Léiríonn na gradaim seo an eagsúlacht atá in obair an Choimisiúin, iad ag oibriú le 34 institiúd in 18 Stát agus le Washington DC. Is mian liom gach beannacht a ghuí ar na dámhachtaithe le linn a ama sna Stáit Aontaithe.

Dúirt Chargé d’affaires Reece Smyth ón Ambassáid na Stat Aontaithe “Is mian liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le grúpa dámhachtaithe. Tá na Dámhachtaithe Fulbright thar a bheith iomaíoch. Tá clú agus cáil ar na dámhachtaithe seo ar fud na cruinne agus leo, tá sármhaitheas agus is mór an gradam gairme iad. Is mór an gaois Fulbright a bhaint amach.

I mbliana, tháinig 38 dámhachtaithe ó 15 Institiúd ar fud na hÉireann agus na hEorapa chun staidéar, taighde agus múineadh in 34 institiúid thar na Stáit Aontaithe. Taispeáineann a saneolas ar an mbealach eagsúil atá taighde domhanda agus dul sa lá atá inniu ann.

Tá bród an domhain orainn go bhfuil daoine leis an gcumas seo ag dul ar mhalartú oideachasúil agus cultúrhta agus táimid ag súil go mór le torthaí a taighde agus staidéar nuair a fhillean siad ar Éirinn in 2018”.

An tOllamh John Hegarty, Cathaoirleah Bhord Choimisiún Fulbright na hÉireann: “Ar a cothrom lae 60 bliain den Chlár Fulbright in Éirinn, tá sé iontach go bhfuil an clár fós ag tarraingt ar chaighdéan millteanach ard de mhic léinn agus scoláirí. Tá an deis ollmhór ach tá a fhreagracht chun fís Fulbright a chuir chun cinn ollmhór freisin: sin chun tuiscint tras-chultúrtha a chuir chun cinn. Ach, tá a fhios agam go bhfuil siad in ann don dúshlán.”

An Dr Dara FitzGerald, Stiúrthóir Feidhmiúcháin,Coimisiún na hEireann-na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil: “Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtaithe, Roinn Stáit Stát Aontaithe Meiricéa agus Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath, Roinn na Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Táimid buíoch go bhfuil tacaíocht ár n-urraitheoirí againn: an Crannchur Náisiúnta, Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an Bord Taighde Sláinte, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, Foras na Mara, Ollscoil na hÉireann, Teagasc, Scoil Dlí Maurer, Scoil Dlí Penn, Ollscoil Notre Dame agus  Ollscoil Montana.

Tá tacaíocht dochreidte againn ó institiúidí Éireannacha ar nós Ollscoil na hÉireann Chorcaí,Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Luimnigh, an tIonad AMBER agus an tIonad INFANT SFI agus dar ndóigh dánlann an Hugh Lane. Nílim in ann an t-uafas béime a chuir ar an tionchar a thugann siad go dtí an chláir Fulbright ach go háirithe maidir leis an éagsúlacht agus líon na ndisciplín a chuireann leis an gcaidreamh idir na Stát Aontaithe agus Éirinn.”

Osclóidh an chéad babtha eile de na hiarratais do na dámhachtaithe Fulbright Déardaoin, an 31ú Lúnasa 2017, le deiseanna mar is gnáth do chuile disciplín. San áireamh tá an “Fulbright-Creative Ireland Fellowship” le haghaidh gaimirthe iarsmalanna. Do dhaoine le spéis acu ann, ba cheart dóibh cuairt a thabhairt ar www.fulbright.ie le haghaidh tuilleadh eolas.

Is Síciatracht í an Dr Martha Finnegan agus cláraitheoir taighde í in ospidéal Naomh Pádraig agus i gColáiste na Tríonóide. Roimhe seo rinne sí staidéar ar an dlí. Mar Scoláire Fulbright-HRB go Yale, díreoidh sí ar bhitheitic agus fhírinniú na modheolaíochta taighde chun tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí sláinte.

Le linn a bhunchéin in Ollscoil Theicneolaíochta Poznan, thosaigh an Dr. Jacek Kibilda ag díriú ar an gcumarsáid líonra gan sreang agus ó shín, lean sé leis an speis sin. Tá PhD bainte amach aige ó TCD, áit ina oibríonn sé go fóill mar taighdeoir leis an Institiúid CONNECT. Mar Scoláire Fulbright-TechImpact, leanfaidh sé lena thagihde ar líonraí agus ar an gcumarsáid in Ollscoil Texas in Austin.

Is taighdeoir agus iníon léinn PhD í Fiona McDermott atá lonnaithe i TCD. Le linn di a bheith ag tabhairt faoin Fulbright sa Scoil Nua i gCathair Nua-Eabhrac, tabharfaidh Fiona faoi taighde ar an bpleanáil uirbeach, bealaí cliste uirbeach agus bonneagair.