“Is Tábhachtaí Dea-cháil ná Saibhreas"

Posted on: 12 March 2026

Mar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Talún sa bhliain 1879 is fearr cuimhne ar Mhícheál Dáibhéad sa lá atá inniu ann, ach bhí sé ina iriseoir fiosrúcháin freisin agus ina fhear feachtais agus aighnis ar son chúis an phoblachtachais, leasú chóras na bpríosún, oideachas nach mbeadh faoi stiúir eaglaisí agus cearta pinsin.

I dtaispeántas nua i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tarraingítear aird ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht Mhíchíl Dháibhéid maidir le feachtais shóisialta agus déantar comóradh ar an díograis a chaith sé ar feadh a shaoil le cur in aghaidh na bochtaineachta, na héagóra agus na leatroime. 

Black and white portrait of Michael Davitt

“Cé go raibh bunú agus stiúradh Chonradh na Talún, a cuireadh ar bun le rún deireadh a chur le córas na dtiarnaí talún in Éirinn, ar cheann de na nithe ba thábhachtaí a rinne Mícheál Dáibhéad ó thaobh stair na hÉireann de, tá cuid mhór eile le tabhairt san áireamh freisin ina leith,” a mhíníonn Ciara Daly, Cartlannaí Tionscadail maidir le Cáipéisí Mhíchíl Dháibhéid sa Leabharlann agus coimeádaí an taispeántais. 

“Ionracas, comhthuiscint agus soilíos seasta do dhaoine eile na tréithe is soiléire atá le lua le saol Mhíchíl Dháibhéid, sin agus an tuiscint gur tábhachtaí dea-thréithe an duine ná aon rachmas a bheadh cruinnithe. Cíortar tráthanna cinniúnacha i saol Mhíchíl Dháibhéid sa taispeántas, an t-am ar chaill sé leathláimh i dtimpiste i monarcha cadáis gan é ach 11 bhliain d’aois, nuair a cuireadh i ngéibheann é agus é i mbun agóide ar mhaithe le leasú ar chóras na bpríosún, iriseoireacht fiosrúcháin sa Rúis agus abhcóideacht ar mhaithe le cearta na dtionóntaí, oideachas neamh-shainchreidmheach, agus cearta pinsin.” 

Is Tábhachtaí Dea-cháil ná Saibhreas: Oidhreacht Leanúnach Mhíchíl Dháibhéid teideal an taispeántais sa Seomra Fada agus an ábhair ar líne, ina bhfeictear grianghraif, litreacha, dialanna agus scríbhinní dírbheathaisnéise.

Is gné amháin an taispeántas seo de Thionscadal Cháipéisí Mhíchíl Dháibhéid i Leabharlann Choláiste na Tríonóide lena mbaineann catalógú, caomhnú agus digitiú ar an mbailiúchán seo a bhfuil tábhacht náisiúnta leis ionas go mbíonn teacht níos forleithne ar an ábhar.

Is éard a dúirt Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí Ollscoile: “Is iad Muintir Dháibhéid a bhronn cartlann leitheadach Mhíchíl Dháibhéíd ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá níos mó ná 7,000 mír sa bhailiúchán, litreacha, grianghraif, dialanna agus leabhair nótaí, gearrthóga as nuachtáin agus paimfléid. 

“Ní féidir gné ar bith de stair na hÉireann lena linn a mheas gan tagairt a dhéanamh do na cáipéisí seo agus, ní nach ionadh, tá cartlann Cháipéisí Mhíchíl Dháibhéid ar cheann de na bailiúcháin taighde nua-aimseartha is mó úsáide i Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Tá sé á chur ar fáil do lucht spéise nua trí chlár Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide, tionscnamh ardaidhme ilbhlianta faoina bhfuil caomhnú, digitiú agus taighde á dhéanamh ar bhailiúcháin den sórt seo a bhfuil tábhacht náisiúnta leo.”

Ar chuid de bhuaicphointí na dtaispeántas, tá na nithe seo a leanas:

  • Lámhscríbhinn príosúin Dháibhéid, Jottings in solitary, a breacadh le linn dó a bheith i ngéibheann i bpríosún Portland 1881-1882. Tá seanfhocal “Is fearr clú ná conách” scríofa ar an leathanach tosaigh. 
  • Ceistiúchán a fuarthas i measc na gcáipéisí óna bhfaightear léargas ar an duine féin níos mó ná ar a oidhreacht, mar shampla an dath ab fhearr leis – corcra éadrom!
  • Sleachta as tuairiscí beathaisnéise faoi thús a shaoil ina leagtar amach ar bhraith sé maidir le leathláimh a chailleadh gan é ach aon bhliain déag d’aois.
  • An dialann inar scríobh sé agus é ar ais in Dartmoor ar dhuine de choiste leasaithe an Phríosúin, bliain agus fiche ó ligeadh amach é.
  • Scríbhinní a bhaineann leis an tráth a raibh sé i gcampaí na mBórach san Afraic Theas agus an litir a scríobh sé ag éirí as an bParlaimint mar agóid in aghaidh ainghníomhartha i rith an dara ceann de Chogaí na mBórach.
  • Litir ó Oscar Wilde tar éis a ligean amach as príosún Reading ag iarraidh ar Dháibhéad aird an phobail a tharraingt ar chás Phríosúnach A.2.11 a raibh drochíde á himirt air.

Deir an tOllamh Patrick Geoghegan, stairí i gColáiste na Tríonóide: “Fear mór feachtais chun feabhais a bhí i Mícheál Dáibhéad ar fairsinge go mór a bhí aird air ná ar oileán seo na hÉireann. Tharraing sé aird ar ainghníomhartha sa Rúis, sheas sé a gceart do dhaoine san Afraic Theas, san Astráil, i Veiniséala agus in áiteanna eile, a raibh cos ar bolg á imirt orthu, agus ba thréan a chuid aighnis ar son chearta an duine agus dhínit an duine, a tharraing meas scríbhneoirí de leithéid Oscar Wilde agus Leo Tolstoy air agus a spreag Mahatma Gandhi a luann go raibh tionchar aige air. Is rímhór an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh in Éirinn agus d’athraigh a chuid ceannasaíochta ar Chonradh na Talún gluaiseacht an náisiúnachais chomh maith le ceist na talún trí chearta agus cinnteacht a ghnóthachtáil do dhaoine arbh fhada sin á séanadh orthu. 

“Is fada agus is fiúntach an ceangal ag Coláiste na Tríonóide le Mícheál Dáibhéid agus a mhuintir, mar gheall ar scoláireacht cheannródaíochta an Oll. T.W. Moody agus dhaoine eile le himeacht na mblianta, agus ar obair na Leabharlainne i mbun a chuid cáipéisí, taifead, scríbhinní agus grianghraif a chumhdach. Is breá liom a fheiceáil go bhfuil an taispeántas nua seo á chur ar siúl agus a shaol agus a shaothar á chur i láthair do dhreamanna nua.”

Is Tábhachtaí Dea-cháil ná Saibhreas: Oidhreacht Leanúnach Mhíchíl Dháibhéid i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne mar chuid d’Eispéireas Leabhar Cheannais. Leanfaidh an taispeántas go deireadh mhí an Mheithimh. Féach anseo maidir le ticéid a chur in áirithe. Is féidir taispeántais ar líne a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Leabharlainne.

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551