Seolann dream scannánaíochta as Coláiste na Tríonóide an chéad scannán riamh a rinneadh sa tSean-Suiméiris

Posted on: 04 December 2025

Is féidir an scannán a fheiceáil ar YouTube le fotheidil i 25+ teanga, Gaeilge, Araibis, Mandairínis agus Seoirsis san áireamh

Tá an chéad scannán riamh sa tSean-Suiméiris le feiceáil inniu ar YouTube ag an lucht féachana ar fud an domhain ar fad. Cuirfear an scannán ar taispeáint den chéad uair riamh tráthnóna inniu i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath [4 Nollaig 2025].

Dumuzi's Dream and Dumuzi's Demons ainm an scannáin, le mic léinn de chuid Choláiste na Tríonóide i mbun na haisteoireachta i dteanga na Sean-Suiméirise faoi Dumuzi, dia na haoireachta ag muintir na Suiméire, a éalaíonn arís agus arís eile ó dheamhain an domhain thíos go dtí go bhfaigheann siad greim air sa deireadh.  

Insint drámaíochta atá ann den dán miotaseolaíochta ar a dtugann an lucht léinn ‘Dumuzi’s Dream’. Déanann script an scannáin aithris, focal i ndiaidh focail, ar théacs an dáin sin atá ar caomhnú go fóill sa lá atá inniu ann i script dhingchruthach ar thabhall cré a cartadh as an talamh in Iaráic na linne seo agus a coimeádadh in iarsmalanna ar fud an domhain.

Olivia Romao (4ú bliain, Ceol) agus Gwenhwyfar Ferch Rhys (4ú bliain, Béarla/Léann Clasaiceach) atá sna príomhpháirteanna aisteoireachta agus is é an tOllamh Martin Worthington, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr i gColáiste na Tríonóide stiúrthóir agus léiritheoir an scannán 20 nóiméad.

“Bhíodh Suiméiris á labhairt i ndeisceart na hIaráice sa ré ársa. Is dócha gurbh í an chéad teanga scríofa ar domhan í agus chuaigh sí i léig thart ar 2000 RCR. Dá ainneoin sin, choinnigh muintir na sean-Bhabalóine tuiscint ar an teanga beo ina teanga foghlamtha agus ina teanga liotúirge, faoi mar a tharlaíonn sa lá atá inniu ann le Laidin,” a mhíníonn an tOllamh Worthington. 

“Bhí ocht mac léinn déag páirteach san obair léiriúcháin, roinnt acu mar ghné den chúrsa foirmeálta léinn acu, agus roinnt ar mhaithe le spraoi – teanga ón ré 4000 bliain ó shin á labhairt acu, iad gléasta in éide iontach agus ag rith thart i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.”

Deir Gwen Ferch Rhys, atá i bpáirt Dumuzi: “Ní gá don lucht féachana a bheith róbhuartha faoi Dumuzi á thabhairt don domhan thíos. Tá scéal eile Suiméirise ina n-éalaíonn sé ar feadh tréimhse áirithe den bhliain, bliain i ndiaidh bliana—b'fhéidir gurb shin é an chéad scannán eile! Agus b’fhéidir gur mhaith le daoine ar spéis leo stair an reiligiúin a chloisteáil go raibh dia i gcultúr na Suiméire a fuair bás agus a tháinig ar ais ar an saol arís.”

Deir Olivia Romao, atá i mbun staidéir ar an gCeol i gColáiste na Tríonóide chomh maith le bheith ina haisteoir gairmiúil: “Chuir aisteoireacht i bpáirt Ĝeštinana, deirfiúr Dumuzi, ag smaoineamh mé ar chumhacht na mban i seanré ársa na Suiméire. Tugann an ról príomhthábhachta atá aicise i scéal Dumuzi deis ceannaireacht na mban i gcúrsaí staire a léiriú mar chineál cumhachta atá bog claochlaitheach–téama ar mó an tábhacht leis san am i láthair agus bagairt níos mó do chearta na mban ar fud an domhain.”

Dumuzi's Dream Production shot

Grianghraf: Shauna Rachael McGeoghan.

Deir an tOllamh Worthington, a rinne an reacaireacht ar an scannán: “Is iontach an deis againn, trí roinnt de na scéalta is luaithe a bhfuil tuairisc againn orthu, sa tSean-Suiméiris, smaoineamh faoi shaol an lae inniu agus a éagsúla atá le saol an scéil, agus le machnamh a dhéanamh fúinn féin mar dhaoine chomh maith. Beidh scéal Dumuzi spéisiúil ag cuid mhór den lucht féachana agus intuigthe chomh maith.

Tá an scannán ar fáil anois ag an uile dhuine ar YouTube. Tá fotheidil i níos mó ná fiche teanga ar fáil leis an scannán, Gaeilge, Araibis, Mandairínis agus Seoirsis ina measc. Sin a bhuíochas le comhoibriú idir réimse leathan daoine agus institiúidí, ina measc, Comhairle Taighde na Breataine sa Leiveaint (Brainse Amman), agus Seminari Theoloji na Maláise.

Is é Eoin Mac Cárthaigh, Ceann Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha a chuir na fotheidil i nGaeilge ar fáil. Deir seisean: 

“Bhí sé an-spéisiúil agus an-taitneamhach páirt a ghlacadh sa tionscadal iontach seo. Cé gur ó Bhéarla go Gaeilge a bhí mé ag aistriú, bhí sé fós dúshlánach roinnt de na bunsmaointe Suiméaracha a thabhairt liom, ach is teanga an-solúbtha í an Ghaeilge agus tá acmhainní iontacha foclóireachta againn.”

Grianghraf: Shauna Rachael McGeoghan.

Chuir Coláiste na Tríonóide, an Cumann Fileolaíochta, Fondúireacht CAENO, an Thriplow Charitable Trust agus an Chomhairle Eorpach um Thaighde (i ndáil leis an tionscadal dar teideal ‘Mesopotamian Orality and the Anthropology of Writing’, arb é a Dr Worthington an t-ardiniúchóir ina leith) cistíocht ar fáil don scannán. Cinetext Films a rinne an scannánaíocht. Taichuan Tang a chur an Eagarthóireacht Scannáin agus Cleasa VFX ar fáil. Chuir Amharclann na Mainistreach agus Amharclann Samuel Beckett cultacha ar fáil. 

  • Beidh taispeáint phoiblí (saor ó tháille) ‘Dumuzi's Dream and Dumuzi's Demons’ ar siúl ag 6.30 i.n. i Léachtlann Edmund Burke, Foirgneamh na nEalaíon, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Leanfaidh seisiún Ceisteanna agus Freagraí le haisteoirí agus le meitheal léiriúcháin an scannáin. Is féidir clárú le haghaidh ticéid agus breis eolais a fháil ar an láithreán gréasáin atá ag Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.
  • Féach an scannán anseo ar YouTube.

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551