Seo é an "Damhán Alla" – an ghné ar Europa, Gealach Iúpatar

Posted on: 03 December 2025

Tá eolaithe pláinéadacha de chuid na hÉireann tar éis ‘’Damhán Alla’’ a bhaisteadh ar ghné atá cosúil le damhán alla atá ar Europa, gealach reoite Iúpatair.

Is é spásárthach Galileo NASA a thug faoi deara i dtosach é, agus déanann staidéar nuafhoilsithe, a tharraingíonn aird ar ghnéithe a fhaightear go coitianta ar lochanna reoite an Domhain, iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfadh sé gur cruthaíodh an ghné seo nuair a bhrúcht uisce sáile thíos faoin oighear, rud a thabharfadh leideanna faoin uisce leachtach fodhromchla agus an seans go bhféadfadh beatha a bheith ar Europa. 

Tá na heolaithe a rinne an taighde – agus rinne an t-ainmniú ina dhiaidh sin – faoi stiúir an Ollaimh fisice de chuid Ollscoil Florida Láir, Lauren McKeown, céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá an Dr Jennifer Scully, céimí eile de chuid Choláiste na Tríonóide, chomh maith le daoine eile ó Shaotharlann Jet Propulsion (JPL) NASA, Ollscoil Brown agus an Planetary Science Institute i measc na mball foirne. Tá siad díreach tar éis a gcuid torthaí a fhoilsiú in The Planetary Science Journal.

Dr Lauren Mc Keown with a lake star in frozen water behind.

Lauren McKeown.

Agus úsáid á bhaint as réaltaí locha an Domhain mar choibhéis, chomh maith le breathnóireachtaí allamuigh, turgnaimh shaotharlainne agus samhaltú, tá súil ag na taighdeoirí léargas luachmhar a fháil ar an gcaoi ar cruthaíodh an ghné reoite mhistéireach seo, agus d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige do mhisin a d’fhéadfadh tuirlingt ar Europa amach anseo agus ar dhomhain reoite eile, atá gan aer.  

Thosaigh an tOllamh McKeown ag cur spéise sa spás agus í ina déagóir nuair a fuair sí amach den chéad uair faoin spásárthach Cassini, a bhreathnaigh ar Enceladus, gealach bheag reoite Shatairn.  

"Bhí mé faoi dhraíocht ag beochana i scéal nuachta ar RTÉ inar taispeánadh steall uisce ag scairdeadh míle os cionn dhromchla na gealaí agus an chaoi go bhféadfadh uisce leachtach, nó fiú aigéan, a bheith san áit sin,’’ a dúirt an tOllamh McKeown, arb as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath di ó dhúchas. "Spreag sé mé le breathnú ar shuíomh gréasáin NASA chun níos mó a fhoghlaim faoi dhromchlaí reoite na bpláinéad agus tabhairt faoi ghairm bheatha san eolaíocht phláinéadach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin." 

"Nuair a bhí mé i mbun dochtúireachta leis an Dr Mary Bourke, ollamh i gColáiste na Tríonóide, d’oibrigh mé ar thionscadal a raibh mo chroí ann, agus a bhí maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn ag an am, ag fiosrú an róil atá ag néalúchán an oighir ó thaobh athrú a dhéanamh le dromchla Mharsa. Fuair mé intéirneacht i NASA freisin agus chuir Mary i dteagmháil mé le heolaithe de chuid NASA, lena n-áirítear a comhoibritheoir, an Dr Serina Diniega, agus mar a tharla bhí mé ag obair leis an Dr Diniega ar mo chéim iar-dhochtúireachta ag JPL NASA.”

"Níl ach fíorbheagán eolaithe pláinéadacha Éireannacha ann – agus bhí taighde mór le rá déanta ag Jen ar mhisean Dawn agus chuaigh sise go dtí Coláiste na Tríonóide freisin – mar sin bhí a fhios agam fúithi, ach níor chas muid ar a chéile go dtí go raibh muid ag comhdháil sna Stáit Aontaithe. Bhí sé thar cionn cara ón mbaile a bheith agam nuair a shroich mé JPL agus bhí ríméad orm go mbeadh muid ag obair le chéile ar an tionscadal seo chun a fháil amach an bhféadfaí gné 'damháin alla' i gcráitéar Mhanannáin ar Europa a chruthú ar an mbealach céanna ar cruthaíodh réaltaí locha an Domhain. Rinne Jen anailís gheomoirfeolaíoch ar an ngné ag baint úsáide as íomhánna ó Galileo agus rinne mise turgnaimh analógacha agus tástálacha allamuigh chun ár hipitéis a thástáil."

Nuair a fuair an tOllamh McKeown agus an fhoireann amach go raibh pobal Europa tar éis "damhán alla" a thabhairt go neamhfhoirmiúil ar ghné Mhanannáin, theastaigh uaithi ainm nua a thabhairt air chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus gnéithe eile atá cosúil le damháin alla ar Mhars ach a chruthaítear trí phróisis sreafa gáis atá an-difriúil, agus an mothú a chaomhnú ag an am céanna.

"Toisc gur Éireannaigh mé féin agus Jen, agus toisc go bhfuil ainmneacha Gaeilge agus ainmneacha Ceilteacha tugtha ar go leor tírghnéithe ar Europa cheana féin – an cráitéar ina bhfuil an ghné seo suite san áireamh, le hainm a thagann ó mhiotaseolaíocht na hÉireann – shocraigh muid an t-ainm Gaeilge Damhán Alla a thabhairt air. Is breá liom mo bhaile, airím uaim é agus tá mé an-bhródúil as, agus dá bhrí sin tá ríméad orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt san obair seo do mo chuid fréamhacha Éireannacha.” 

Níl ar fáil go dtí seo ó thaobh na breathnóireachta ar ghné reoite Europa ach íomhánna ón spásárthach Galileo, ach tá súil ag foireann an Ollaimh McKeown é seo a leigheas le híomhánna ardtaifigh ó mhisean Europa Clipper, spásárthach de chuid NASA atá ceaptha córas Iúpatair a bhaint amach i mí Aibreáin 2030.  

"Is iontach an rud é an tábhacht a bhaineann lenár dtaighde," a deir sí. "Is féidir le gnéithe mar seo ar an dromchla neart a insint dúinn faoina bhfuil ag tarlú thíos faoin oighear. Má fheiceann muid tuilleadh acu de bharr an Europa Clipper, thabharfadh sé sin le fios dúinn go bhféadfadh locháin sáile áitiúla a bheith thíos faoin dromchla." 

Agus í ag breathnú chun cinn, tá sé beartaithe ag an Ollamh McKeown imscrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an mbrú íseal ar chruthú na ngnéithe seo agus a fháil amach an bhfuil siad in ann foirmiú faoi screamh oighir, cosúil leis an gcaoi a mbíonn laibhe ar an Domhan ag sní agus screamh os a chionn atá beagnach soladach. 

Tá súil ag an Ollamh McKeown freisin go spreagfaidh an scéal seo faoin Damhán Alla agus na himpleachtaí níos leithne a bhaineann leis níos mó taighdeoirí de chuid na hÉireann le tabhairt faoi thaighde ar an eolaíocht phláinéadach.

"Ba bhreá liom dá dtiocfadh tuilleadh fáis ar ár meitheal bheag Éireannach atá ag obair san eolaíocht phláinéadach agus bheinn ar bís bualadh le heolaithe pláinéadacha eile de chuid na hÉireann amach anseo agus iad ag tosú amach. Tá súil agam go spreagfaidh an saothar seo spéis mhuintir na hÉireann agus go mbeidh fonn orthu breathnú go grinn ar lochanna reoite má thiteann sneachta i mbliana nó an bhliain seo chugainn," a deir sí.