Oíche Chultúir 2025

Posted on: 05 September 2025

Féach ar na himeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, don Oíche Chultúir an Aoine bheag ar 19ú Meán Fómhair

Beidh roinnt imeachtaí ar siúl i gColáiste na Tríonóide don Oíche Chultúir an Aoine bheag ar 19ú Meán Fómhair. Glac páirt sa spraoi san ócáid bhliantúil phoiblí seo a dhéanann ceiliúradh ar an gcultúr, ar chruthaitheacht agus ar na healaíona ar fud na Éireann. Seo na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl ar fud Choláiste na Tríonóide. Cliceáil ar na naisc le haghaidh níos mó eolais faoi na himeachtaí éagsúla.

Oíche Chultúir le Ceolfhoireann Choláiste na Tríonóide (caithfear clárú)

Cuirfidh Ceolfhoireann Choláiste na Tríonóide fáilte roimh chuairteoirí le haghaidh clár speisialta de cheol clasaiceach agus ceol traidisiúnta don Oíche Chultúir. Níos luaithe i mbliana, i gcomhpháirt le Cumann Ceoil Ollscoil Átha Cliath, bhí imeacht ag an gCeolfhoireann le hairgead a bhailiú do Chorrán Dearg na Pailistíne agus le daoine a chur ar an eolas faoin gcinedhíothú sa Phailistín. Le hinspioráid ó ghrúpa ceol traidisiúnta Éireannach Lankum, chuir baill na ceolfhoirne go leor de na píosaí is cáiliúla le Lankum in oiriúint agus sheinn siad iad. Tá siad ag súil le cuid de na píosaí sin a sheinm arís, agus ómós thabhairt don cheol traidisiúnta, atá i gcroílár tuisceana agus brí an chultúir ar oileán na hÉireann.

Saol Lir in Acadamh Lir

Tóg céim isteach sa Lir - Acadamh Náisiúnta na Drámaíochta i gColáiste na Tríonóide – príomhionad oilúna na hÉireann don chéad ghlúin eile de dhrámadóirí, aisteoirí agus dearthóirí.

Le linn na hoíche, is féidir le cuairteoirí bualadh isteach le haghaidh ceardlann, léirithe, agus turais threoraithe a tharraingíonn siar an brat le solas a chaitheamh ar shaol bríomhar na healaíne stáitse. Ón aisteoireacht agus an stiúrthóireacht go dtí an draíocht nach minic a fheictear ó thaobh seit, feistis, agus dearadh soilsithe de, beidh oidí agus mic léinn ón Lir ar fáil lena gcuid saineolais a roinnt agus le blaiseadh a thabhairt den mhéid a tharlaíonn ar chúl stáitse mar chuid de cheard na drámaíochta.

Láthair na Laibhe: Saol Iontach na mBolcán

Glac páirt san imeacht spraíúil seo le Grúpa Magmachta Átha Cliath i dTeach an Rialóra, Coláiste na Tríonóide, atá oiriúnach do theaghlaigh agus beidh taispeántais spreagúla agus léirithe idirghníomhacha mar chuid de! Foghlaim faoi bholcáin, faoi mhagma, agus faoin ról cumhachtach atá acu i gcruthú ár bplainéid agus ár sochaí.

LoGaCulture: Guthanna na Bóinne

Beidh léiriú beo ar siúl sa Chearnóg Thosaigh de LoGaCulture: Guthanna na Bóinne, tumeispéireas réaltacht fhuaimbhreisithe. Tugann an tionscadal seo deis do chuairteoirí céim a thógáil isteach i gceann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na hÉireann – Cath na Bóinne (1690), nuair a tháinig Rí Uilliam III agus Rí Séamas II in éadan a chéile sa chath is mó a troideadh riamh ar thalamh na hÉireann. Trí cheol agus fuaim, feicfidh rannpháirtithe níos mó ná an saol in 1690 amháin, ach na nascanna idir é, an Tréimhse Neoiliteach, agus an lá atá inniu ann freisin.

Is iad an tOll. Mads Haahr agus Joris Vreeke i Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta agus na Staitisticí i gColáiste na Tríonóide atá i gceannas ar thionscadal LoGaCulture Éireann, lena gcomhoibrithe an Dr Svetlana Rudenko, Karun Manoharan, agus Breanna Pitt.

Maoinithe ag Clár Réime Fís na hEorpa de chuid an Aontais Eorpaigh.

Turas treoraithe trí Ghaeilge ar champas Choláiste na Tríonóide

Tar ar thuras treoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar trí thuras a mhairfidh thart ar 30-40 nóiméad an ceann. Tosóidh siad ón Campanile atá sa Chearnóg Thosaigh ag 5:45pm, 6:30pm, agus 7:15pm. Ní gá áit a chur in áirithe ach a bheith ag an Campanile (pointe tosaithe) ag do rogha ama. Bí linn!

Aonad18 & ATD Éireann: Guthanna Lár na Cathrach (moltar clárú)

Cuirfidh Aonad18 agus ATD Éireann oíche cheiliúrtha i láthair ar chruthaitheacht, scéalta agus guthanna ealaíontóirí lár na cathrach, ón am a chuaigh thart go dtí an lá inniu, taobh le cairde ó Choláiste na Tríonóide. Mar chuid den chlár beidh rapcheol agus filíocht ó ghníomhaithe pobail a bhfuil baint acu leis an tionscadal Bealaí Cruthaitheacha chun Rannpháirtíochta de chuid ATD Éireann, a léiríonn saothar ealaíonta agus gníomhaíochas daoine i mbochtaineacht. Cloisfidh cuairteoirí ceol agus cainteanna ó bhaill foirne Choláiste na Tríonóide agus ó chónaitheoirí áitiúla a ghlac páirt sa togra Dialanna Bhaile Átha Cliath de chuid Aonad18, a dhéanann taifead de chuimhní ar Bhaile Átha Cliath síos trí na blianta.

Moltar clárú ach tá fáilte romhat siúl isteach ar an lá. Táthar ag iarraidh go mbeidh an t-imeacht seo oiriúnach do theaghlaigh ach seans go bpléifear le téamaí crua na bochtaineachta agus an leithcheala. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le unit18@tcd.ietara@atdireland.ie.

Taispeántais Chór Dawson

Taispeántas cóir le baill foirne Choláiste na Tríonóide. Is cór nua pop é Cór Dawson a bunaíodh i mBaile Átha Cliath anuraidh. Is baill d’fhoireann Choláiste na Tríonóide iad deichniúr sa chór, agus is céimí de chuid an Choláiste an Stiúrthóir.

Conas a Dí-ainmnítear agus Athainmnítear Leabharlann?

Ar 9ú Deireadh Fómhair 2024, rinne Coláiste na Tríonóide cinneadh a phríomhleabharlann a athainmniú, agus ainm an fhile cháiliúil, Eavan Boland, a thabhairt uirthi. Tar isteach agus tabhair cuairt ar thaispeántas ilmheánach na Leabharlainne ar phróiseas an Choláiste don dí-ainmniú agus athainmniú. Féach ar na haighneachtaí don dí-ainmniú, ar leithead ghníomhaíocht na mac léinn, ar na hainmneacha a mhol pobal an Choláiste agus an pobal i gcoitinne, agus i bhfad níos mó.

Tá an taispeántas le feiceáil i bhforhalla Leabharlann Eavan Boland, agus don Oíche Chultúir, taispeánfar a saothar féin san fhorhalla chomh maith le léirithe lasmuigh a thaispeánfaidh saothar Boland.

Miss Powder Vacuum | Comórtas Áilleachta in Áiléar Dhúghlas de hÍde (níl aon spás fágtha)

Bígí linn in Áiléar Dhúghlas de hÍde do chomórtas áilleachta speisialta ina mbeidh fáilte roimh iomaitheoirí de gach saghas agus cineál. Beidh taispeántais bheo, ceol agus corónú fíorghlórmhar mar chuid de. Chuir an t-ealaíontóir Bill Harris an t-imeacht seo le chéile.

Turas Campais & Eispéireas Leabhar Cheanannais (níl aon spás fágtha)

Beidh Coláiste na Tríonóide ag cur Turais Champais agus Eispéireas Leabhar Cheanannais ar fáil le chéile, agus beidh fáilte roimh chuairteoirí páirt a ghlacadh in oíche dhodhearmadta ag tosú le mionturas treoraithe (30 nóiméad) thart ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide.

Cuirfear cuairteoirí ar an eolas faoi stair shaibhir na hollscoile aitheanta seo, ag foghlaim faoin tionchar a d’imir an coláiste ar chultúr agus ar litríocht na hÉireann. I ndiaidh an turais threoraithe, leanfaidh cuairteoirí leis an eispéireas trí chuairt féin-treoraithe ar an tSeanleabharlann, ar Leabhar Cheanannais a bhfuil clú air ar fud na cruinne agus ar eispéireas digiteach nua dár gcuid a bhfuil ábhar idirghníomhach agus taispeántais ilmheánacha mar chuid de a thugann beocht do Leabhar Cheanannais,agus  a thugann léargas nua-aimseartha mhealltach dúinn ar an tseoid ársa seo.

Tá níos mó eolais faoin Oíche Chultúir ar fáil ar https://culturenight.ie/. 

Media Contact:

Joanne Carroll | Internal Communications Officer | joanne.carroll@tcd.ie | +353 86 136 8036