Dírítear ar shaol agus ar oidhreacht dhomhanda Dhónaill Uí Chonaill ag comhdháil i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 18 August 2025

I measc na gcainteoirí bhí an Taoiseach Micheál Martin, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána Oleksandra Matviichuk ón Úcráin, agus iar-Thuairisceoir Speisialta na Náisiún Aontaithe an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin.


Agus 250 bliain caite ó rugadh ‘An Fuascailteoir’ Dónall Ó Conaill, d’óstáil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, siompóisiam dhá lá a scrúdaigh a shaol, a oidhreacht agus dúshláin chearta an duine ar scála domhanda.

D’eagraigh Mol an tSeomra Fhada, príomhinstitiúid taighde sna Dána agus sna Daonnachtaí i gColáiste na Tríonóide, agus a stiúrthóir nua an tOllamh Patrick Geoghegan, an siompóisiam a thug stairithe mór le rá, saineolaithe ar chearta daonna, agus figiúirí poiblí le chéile chun saol agus oidhreacht dhomhanda Uí Chonaill a phlé. Is cuid de Chlár Cuimhneacháin Dhónaill Uí Chonaill an Rialtais é seo.

Rugadh i gCiarraí é tráth a raibh Réabhlóid Mheiriceá ar tí tosú, agus d’fhás Ó Conaill aníos chun bheith ar dhuine de na cosantóirí is mó don tsaoirse agus don daonlathas, duine a chreid i gcónaí i gcumhacht an phobail chun an stair a athrú. Ba laoch é d’Fhuasacilt na gCaitliceach, agus fuair sé aitheantas idirnáisiúnta dá sheasamh gan eagla in aghaidh na sclábhaíochta, agus thug sé guth do dhaoine faoi leatrom cibé áit a raibh siad ar fud an domhain.

Scrúdaigh an O’Connell 250 Symposium: Liberty, Democracy, and the Struggle for Human Rights féiniúlacht Eorpach Uí Chonaill, agus an chaoi a dtugann a chuid idéal agus a oidhreacht léargas dúinn chun dúshláin chearta an duine agus bagairtí ar an daonlathas sa lá atá inniu ann a fhiosrú.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin, T.D., i measc na gcainteoirí agus thug sé an eochairchaint ar an 29 Iúil ag 6 i.n. dar teideal ‘The Life and Global Legacies of Daniel O’Connell’ le fáilte ó Phropast Choláiste na Tríonóide, an Dr Linda Doyle, agus réamhrá le hImogen McGrath, SC, ó Bharra na hÉireann.

I measc na bpríomhchainteanna agus na léachtaí eile sa siompóisiam bhí buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána agus dlíodóir cearta daonna ón Úcráin Oleksandra Matviichuk; an saineolaí idirnáisiúnta ar chearta daonna agus iar-Thuairisceoir Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin; an tOllamh Christine Kinealy, staraí mór le rá ar Ó Conaill, ar ghluaiseacht frith-sclábhaíochta, agus ar an nGorta Mór; Nils Muižnieks, iar-Choimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa agus Tuairisceoir Speisialta reatha na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Duine sa Bhéalarúis; an t-iar-Ard-Aighne Paul Gallagher, SC; dlíodóir do chearta daonna agus Tuairisceoir Speisialta na hÉireann ar Chosaint Leanaí, Caoilfhionn Gallagher, KC; agus an scoláire Iodálach mór le rá ar óráidíocht agus ar fhéiniúlacht Eorpach Uí Chonaill, an tOllamh Davide Mazzi.

Ag labhairt roimh an gcomhdháil, dúirt an Taoiseach Micheál Martin, T.D.:
“Ní hamháin gur figiúr stairiúil mór le rá é Dónall Ó Conaill inár stair, ach bhí aithne agus meas air ar fud cuid mhór den domhan mar gheall ar a dhíograis neamhbhalbh d’idéil an chomhionannais agus na saoirse. Is deis í an chomhdháil mhór idirnáisiúnta seo le machnamh a dhéanamh ar an ngné ríthábhachtach seo d’oidhreacht Uí Chonaill.”

Dúirt an Propast, an Dr Linda Doyle: “Is ócáid shuntasach i gClár Cuimhneacháin an Stáit ar bhreith Dhónaill Uí Chonaill an siompóisiam seo. Trí lucht acadúil, dlíodóirí, gníomhaithe cearta daonna, agus ceannairí polaitiúla a thabhairt le chéile, léiríonn an chomhdháil seo an ról ríthábhachtach atá ag taighde agus scoláireacht chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar conas a thugann dúshláin mhóra an ama a chuaigh thart ceachtanna dúinn is féidir linn a úsáid le domhan níos cothroime a chruthú inniu. Tá bród orm gur anseo i gColáiste na Tríonóide atá cuid mhór den taighde agus den scoláireacht seo ar siúl, agus tá áthas orm go bhfuil an siompóisiam seo ag díriú go háirithe ar chosaint an daonlathais agus ar an troid in aghaidh na héagóra lenár linn féin.”

Deagraí na comhdhála agus príomh-scoláire ar ghairm pholaitiúil agus dhlíthiúil Dhónaill Uí Chonaill, an tOllamh Patrick Geoghegan: “Is deis é comóradh 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill chun cuimhneamh ar a shaol agus ar a éachtaí, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir a oidhreacht a chur i bhfeidhm ar chuid de na fadhbanna céanna atá againn inniu maidir le diúltú cearta agus saoirsí daonna. Tá lúcháir ar Mhol an tSeomra Fhada saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt le chéile chun na ceisteanna seo a scrúdú, agus na ceachtanna is féidir linn a fhoghlaim ó staidéar ar an bhFuascailteoir.”

Luaitear tábhacht chomóradh 250 bliain ó bhreith Dhónaill Uí Chonaill i gClár an Rialtais 2025 agus tá tacaíocht á tabhairt don siompóisiam seo ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus ag Rialtas na hÉireann. Ar an 10 Iúil 2025, d’fhógair an tAire Patrick O’Donovan seoladh Chlár Cuimhneacháin Dhónaill Uí Chonaill le tagairt do shiompóisiam Choláiste na Tríonóide i measc imeachtaí cuimhneacháin eile.

D’eagraigh Mol an tSeomra Fhada an chomhdháil i gcomhar le Barra na Éireann, Reilig Ghlas Naíon (cuid de Thrusta Reiligí Bhaile Átha Cliath), agus Diageo, agus i gcomhpháirt le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí agus Scoil Samhraidh Dhónaill Uí Chonaill (29-30 Lúnasa).

Chomh maith leis an O’Connell 250 Symposium, beidh Coláiste na Tríonóide ag forbairt pacáiste oideachais do scoileanna ar fud an oileáin chun a léiriú conas a bhí, agus atá fós, féiniúlacht na hÉireann ina féiniúlacht Eorpach, agus conas a chuir Ó Conaill le smaointeoireacht intleachtúil agus pholaitiúil ar scála domhanda.

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551