Bronnann Coláiste na Tríonóide céim oinigh ar an ngníomhaí Gaeilge Linda Ervine

Posted on: 13 June 2025

Bronnann Coláiste na Tríonóide céimeanna oinigh gach bliain chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair eisceachtúil i réimsí éagsúla.

Group of people in robes

Bronnadh céimeanna oinigh ó Ollscoil Átha Cliath ar cheathrar eisceachtúil inniu i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath [13 Meitheamh 2025].

Ag searmanas sa Laidin i dTéatar Poiblí stairiúil na hollscoile, bhronn an Seansailéir, an Dr Máire Mhic Giolla Íosa, an onóir is airde ón gColáiste ar Linda Ervine, ceann feadhna ionad Gaeilge Turas i mBéal Feirste; ar an bhfear gnó daonchairdiúil Dermot Smurfit; ar an saineolaí mór le rá ar oistéapóróis Moira O’Brien; agus ar dhuine de na breithimh is céimiúla i dTuaisceart Éireann, an Ridire Donnell Deeny, atá ina Leas-Seansailéir de chuid Choláiste na Tríonóide.

Bronnann Coláiste na Tríonóide céimeanna oinigh gach bliain chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair eisceachtúil i réimsí éagsúla.

Tuilleadh eolais faoi na faighteoirí:

Linda Ervine (D.Litt)

Two women in academic robes

Tá Linda Ervine ina bainisteoir agus ina ceann feadhna ar ionad Gaeilge Turas i mBéal Feirste. Bhunaigh sí Scoil na Seolta, an chéad scoil imeasctha a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Ina thaobh seo, tá obair fhíorshuntasach agus uathúil déanta aici maidir le cur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste agus le tuiscint trasphobail sa Tuaisceart. Tá cúlra den lucht oibre Protastúnach aici agus bhí sí i measc grúpa ban trasphobail a thug faoi ranganna Gaeilge in 2011 faoi scáth Mhisean Oirthear Bhéal Feirste leis an Eaglais Meitidisteach, i gceantar dílseach de chuid an lucht oibre sa taobh thoir de lár na cathrach.

Thóg sí ceannaireacht ar an tionscadal ina dhiaidh sin agus faoina ceannasaíocht is é Turas an t-ionad Gaeilge is mó i mBéal Feirste anois le breis is 600 foghlaimeoir seachtainiúil. Tagann formhór acu ó chúlra Protastúnach/Aontachtach, rud nach mbeifí ag súil leis mar phobal a bhíodh doicheallach i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh tráth. Áitíonn sí go láidir nár cheart imní ná faitíos a bheith ar Aontachtaithe faoin nGaeilge ach gur chóir dóibh glacadh léi mar chuid dá n-oidhreacht féin. Mar gheall ar Turas, tá an iliomad nascanna cruthaithe idir phobail Aontachtacha agus Náisiúnacha, agus tugtar Protastúnaigh agus Caitlicigh isteach i gceantair a bhaineann a bhaineann le pobail a chéile go rialta. Ar deireadh, bíonn Ms Ervine ag tacú go fial leis an M.Phil de chuid Choláiste na Tríonóide i Réiteach Coimhlinte agus Athmhuintearas ar champas Bhéal Feirste. Le costas suntasach pearsanta, agus le misneach ollmhór in aghaidh

frithbheartaíocht antoisceach óna pobal féin, tá pobal bríomhar cruthaithe aici atá fréamhaithe i bhfoghlaim teanga i gceantar díothach i mBéal Feirste áit nach raibh a leithéid de phobal ann riamh roimhe agus nach bhféadfaí é a shamhlú. Tá a hobair ag teacht leis an bhfís de thodhchaí comhroinnte agus de thuiscint idirchultúrtha sa Tuaisceart, ar fud an oileáin, agus idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Bronnadh MBE uirthi sa bhliain 2021 chomh maith le Dochtúireacht Oinigh ó Ollscoil na Banríona sa bhliain 2023.

An Ridire Donnell Deeny (LLD)

A man and woman in academic robes

Is céimí mór le rá de chuid Choláiste na Tríonóide é an Ridire Donnell Deeny a bhain a chéim amach sa bhliain 1973. Bhí sé ina eagarthóir ar TCD Miscellany, ina Chaptaen ar fhoireann University Challenge, agus ina Reachtaire ar an gCumann Staire (Hist), a bhuaigh comórtas díospóireachta The Irish Times trí huaire. Tá sé ar cheann de na breithimh is mó le rá i stair na hArd-Chúirte agus na Cúirte Achomhairc i dTuaisceart Éireann. Luaitear breithiúnais dá chuid, os cionn 300 ar an iomlán, i mbreis is 13 leabhar dlí, Halsbury’s Laws ina measc sin. Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Stair an Dlí in Éirinn áit a bhfuil dioscúrsa suntasach dá chuid ar stair an dlí in Éirinn le foilsiú gan mhoill. Is duine mór le rá é mar sin i stair an dlí in Éirinn agus sa Bhreatain le gairmréim ar leith i gcúirteanna an Tuaiscirt agus na Ríochta Aontaithe. D’imir sé tionchar lasmuigh den seomra cúirte freisin, go háirithe ina ról mar Chathaoirleach ar an Spoliation Advisory Panel sa Ríocht Aontaithe (a phléann le healaín a ghoid na Naitsithe a thabhairt ar ais) a tharraing clú idirnáisiúnta air mar cheannaire in ionracas agus cothroime dlíthiúil agus eiticiúil i gcúrsaí a bhaineann le héagóracha casta stairiúla. Molann saineolaithe obair an Ridire Donnell mar bhua don dlí agus tharraing sí cáil idirnáisiúnta air, a threisíonn a stádas mar dhuine údarásach i gcúrsaí bhunáitíochta agus cúitimh. I Meitheamh 2023, bhunaigh Rialtas na hÉireann coiste saineolaithe le comhairle a thabhairt maidir le cúiteamh agus le haisdúichiú ábhair chultúrtha agus ba léiriú é ar a thaithí agus ar a ghairmréim eisceachtúil sa réimse sin gur ceapadh an Ridire Donnell Deeny mar chathaoirleach ar an gcoiste. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Opera Thuaisceart Éireann agus ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ba é Ard-Sirriam Bhéal Feirste é sa bhliain 1983 agus Cathaoirleach bunaidh Ollúnacht Filíochta na hÉireann. Mar gheall ar a chaidreamh fada le Coláiste na Tríonóide, ceapadh é ina Leas-Seansailéir in 2014 – agus tá sé ag éirí as an ról sin ag deireadh na bliana acadúla.

Dermot Smurfit (LLD)

A man and a woman in academic robes

Is fear gnó ceannródaíoch agus daonchara mór le rá é Dermot Smurfit, agus is í a obair dhaonchairdiúil is mó a spreag a ainmniú don ghradam seo. In éineacht lena dheartháir Michael, d’fhorbair sé gnólacht pacáistithe an teaghlaigh, Jefferson Smurfit, atá anois i measc na gcomhlachtaí poiblí Éireannacha is mó a bhfuil rath agus clú idirnáisiúnta air. Is é an comhlacht páipéir agus pacáistithe is mó dá leithéid ar domhan anois. Tá sé ina ochtóidí anois, agus cé gur

éirigh sé as an mbainistíocht feidhmiúcháin, bíonn sé fós gníomhach i saol an ghnó mar infheisteoir agus mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhoird. Is daonchara éifeachtach agus gan a bheith maíteach é do na cúiseanna a dtugann sé tacaíocht dóibh. Cé gur fearr leis gan poiblíocht a dhéanamh ar a bhronnadh ar charthanais agus nach mbíonn sé ag lorg aitheantais mar gheall air ón bpobal, tá sé ag tacú go fíorfhlaithiúil le tionscnaimh shláinte agus ardoideachais le blianta fada. Tacaíonn sé le hOspidéal Great Ormond Street agus le hOspidéal na Leanaí, Cromghlinn, is deontóir é d’Ospidéal Mhuire na Leanaí, tá sé ina Leas-Uachtarán ar Institiúid Náisiúnta Ríoga na nDall (RNIB), agus is é Cathaoirleach agus Bunaitheoir an Friendship Ball é – ócáid leathbhliantúil ina mbailítear airgead le haghaidh taighde cairdiach. Is duine é a labhraíonn go seasmhach ar son infheistíochta san ardoideachas, bhí sé ar Bhord Fondúireachta Ollscoil Luimnigh agus tá sé i measc na mbronntóirí is flaithiúla atá ag Coláiste na Tríonóide. Taobh leis an tacaíocht phearsanta a thugann sé do thionscadail fud fad na hollscoile – go háirithe Tionscadal Athfhorbartha na Sean-Leabharlainne agus Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide – bíonn sé ag spreagadh daoine eile ina líonraí domhanda le tacaíocht a thabhairt don ollscoil agus tá sé ar Chomhairle an Phropaist. Ó chuaigh sé ar scor ó Smurfit Group Ltd., tá na scileanna a d’fhorbair sé mar bhainisteoir agus mar infheisteoir tugtha aige leis isteach ina obair dhaonchairdiúil. Is duine flaithiúil agus straitéiseach é: tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le díriú ar chúpla cúis ar leith – ina chás-sa, sláinte agus ardoideachas – agus le bheith ag bronnadh ar bhealach a thugann an tairbhe is fearr don tionscadal agus a tharraingíonn tuilleadh infheistíochta.

Moira O’Brien (D.Sc)

Two women in academic robes

Tá Moira O’Brien 91 bliain d’aois agus fós ag obair ar son sláinte an phobail. Chaith sí formhór a saoil oibre ag teagasc agus ag déanamh taighde i gColáiste na Tríonóide, áit a bhfuil sí fós mar Chomhalta Emerita agus mar Ollamh Emeritus na hAnatamaíochta. Bhunaigh sí an chéad Saotharlann Feidhmíochta Daonna in Éirinn (lonnaithe i gColáiste na Tríonóide). D’úsáid glúin de na lúthchleasaithe, de na foirne agus de na hoilimpigh is fearr in Éirinn an tsaotharlann lena gcuid traenála agus a gcuid feidhmíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn. Chuir sí tús leis an gcéad chlár máistreachta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i Míochaine Spóirt agus bhunaigh sí an chéad Teastas in Uasmhéadú Feidhmíochta agus Monatóireacht ar Thraenáil sa Spórt. Ba í an Príomhoifigeach Leighis í do Chomhairle Oilimpeach na hÉireann sna blianta 1979-89, agus ba í an dochtúir foirne do na hÉireannaigh í sna Cluichí Oilimpeacha i Moscó, Los Angeles agus Súl, agus ba shainchomhairleoir í d’fhoireann na hIorua i gCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Lillehammer. Tríd sin ar fad, throid an tOll. O’Brien ar son cearta rannpháirtíochta do mhná sa spórt i gcoitinne agus sna Cluichí Oilimpeacha ach go háirithe. Ar 18 Aibreán 2024, ag ócáid a d’óstáil Coláiste na Tríonóide roimh na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, mhol Príomhoifigeach Feidhmiúchán Choiste Oilimpeach na hÉireann, Peter Sherrard, í go hard mar cheannródaí i bhFeidhmíocht Spóirt. Ba í an chéad Ollamh mná í i Scoil an Leighis i gColáiste na Tríonóide. Tá os cionn 120 foilseachán aici in irisleabhair acadúla, tá 31 leabhar scríofa aici féin nó scríofa i gcomhar le húdair eile, agus tá breis is 650 cur i láthair déanta aici. Bhunaigh sí an chéad chlinic in Éirinn bainteach le dlús na gcnámh agus ina raibh ionsú-mhéadracht x-ghathaithe défhuinnimh (DXA) le fáil laistigh de Roinn na hAnatamaíochta i gColáiste na Tríonóide le hoistéapóróis a aithint agus leis an riosca a bhaineann lena forbairt a mheas i bhfir agus i mná. Téann sí in éadan an easpa suime sa réimse agus neartaíonn sí an tuairim gur féidir cosc a chur ar an ngalar agus é a leigheas. Is sainchomhairleoir í ar oistéapóróis agus is í Uachtarán Chumann Oistéapóróis (IOS) na hÉireann í. Is iomaí duais agus gradam atá faighte aici, Gradam Sir Roger Bannister (2015) ina measc tar éis a saol a chaitheamh ag cur réimse an Spóirt agus na Míochaine Aclaíochta chun cinn, agus bhuaigh sí an chéad Ghradam Saoil ó Chumann Oistéapóróis na hÉireann sa bhliain 2015.

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie