An Dr Rosie Lavan ina comheagarthóir ar chnuasach críochnúil filíochta le Seamus Heaney
Posted on: 03 November 2025
Rinneadh ceiliúradh ar fhoilsiú an chnuasaigh chríochnúil filíochta le Seamus Heaney, a rabhthas ag súil leis le fada an lá, ag ócáid i mBaile Eachaidh, baile dúchais Seamus Heaney. Bhí an Dr Rosie Lavan ó Choláiste na Tríonóide ina comheagarthóir ar an gcnuasach.
Is iad Faber and Faber a d'fhoilsigh The Poems of Seamus Heaney, a bhfuil an fhilíocht ar fad a d'fhoilsigh Heaney le linn a shaoil curtha i dtoll a chéile ann: 12 imleabhar aonair, ó Death of a Naturalist (1966) go Human Chain (2010). Tá líon beag dánta a nochtadh tar éis bhás an fhile curtha leis an gcnuasach freisin, chomh maith le dánta nár bailíodh roimhe sin a foilsíodh i bpaimfléid, in irisleabhair agus in irisí, nó i bhfoilseacháin eile a raibh ciorclaíocht theoranta acu.
Rosie Lavan, Matthew Hollis agus Bernard O’Donoghue. Adrian Robinson/Seamus Heaney HomePlace.
San iomlán, tá os cionn 700 dán sa leabhar, agus 25 dán ina measc nár foilsíodh roimhe seo a roghnaigh muintir an fhile. Tá réamhrá criticiúil ag dul le gach cnuasach sa leabhar, chomh maith le nótaí a thugann léargas ar stair agus ar fhorbairt na ndánta.
Saineolaí ar fhilíocht agus ar nua-litríocht na hÉireann agus na Breataine í an Dr Lavan, atá ag obair ar an gcnuasach le beagnach 10 mbliana in éineacht leis na comheagarthóirí eile Bernard O'Donoghue, comhalta emeritus ó Wadham College, Oxford agus an file, eagarthóir agus beathaisnéisí, Matthew Hollis.
Dúirt an Dr Rosie Lavan, Ollamh Comhlach, Scoil an Bhéarla, : “B’onóir agus údar áthais dom a bheith ag obair ar an leabhar seo, ón iliomad uaireanta ciúine a chaith mé i leabharlanna sa tóir ar na céadta dán agus ó bheith ag déanamh mionscrúdaithe orthu, go dtí na comhráite fada, bríomhara a rinne mé le mo chomh-eagarthóirí agus muid ag plé conas na dánta sin a chur i gcomhthéacs agus léargas a thabhairt orthu.
“Chomh maith leis na sceitimíní a bhain le dánta nár foilsíodh roimhe seo a chur leis an leabhar, a bhuí le flaithiúlacht mhuintir Heaney, tugann an 200 dán nár bailíodh roimhe seo tuiscint chuimsitheach as an nua dúinn ar a chumasaí agus a bhí Seamus Heaney mar scríbhneoir i ndáiríre, agus cuireann sé ar ár gcumas na dánta a thaitníonn go mór le daoine ón dá leabhar déag a foilsíodh roimhe seo a thuiscint ar bhealach nua.
"Ní hamháin gur file é Seamus Heaney a bhfuil aird scolártha ag dul dá shaothar, ach is file é a bhfuil an-chion go deo ag léitheoirí air in Éirinn, sa Bhreatain, agus ar fud an domhain. Is é an cúram a bhí romhainn ná iarracht a dhéanamh ceangal a dhéanamh leis na léitheoirí sin go léir, agus muid ag súil le ceangal a dhéanamh le go leor léitheoirí eile a bheidh ag teacht ar a shaothar den chéad uair chomh maith".
I measc na bhfoilseachán atá ag Dr Lavan roimhe seo tá Seamus Heaney and Society a d'fhoilsigh Oxford in 2020. Mar chuid den tionscadal taighde atá ar siúl aici faoi láthair, tá imscrúdú á dhéanamh aici ar an bhfilíocht, ar chultúr agus ar athruithe sóisialta in Éirinn ó na 1950idí i leith. Áirítear leis an taighde seo plé ar scríbhneoirí agus ar ealaíontóirí amhail Eavan Boland, Padraic Fallon, Seamus Heaney, Edna O'Brien, Nell McCafferty, agus an scannánóir Pat Collins.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551