175,000 taifead stairiúil nua eisithe ag Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann
Posted on: 30 June 2025
50,000 ainm ón ré roimh an nGorta agus an ré ina dhiaidh ar fáil lena scrúdú ag lucht stair an teaghlaigh ar Thairseach nua na nDaonáireamh
Tá 175,000 taifead nua staire ar fáil anois ar líne i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann cothrom 103 bliain ó tharla an dóiteán sna Ceithre Cúirteanna a d’fhág Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann scriosta, mar aon le hábhar seacht gcéad bliain de cháipéisí staire.
Seoladh Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann trí bliana ó shin agus tá níos mó ná 350,000 cáipéis ar fáil anois ann agus is féidir cuardach a dhéanamh ar fud 250 milliún focal d’ábhar maidir le stair na hÉireann. Faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus le cúnamh airgid ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, tugtar lucht staire, ríomhaireachta, cartlannaíochta agus leabharlannaíochta le chéile faoin tionscadal ag obair ar chartlann náisiúnta na hÉireann, agus na bailiúcháin a loisceadh, a athchruthú ar bhonn digiteach.
Tá 75 foras cuimhne ar fud oileán na hÉireann agus an domhain ar fad ag cur íomhánna digiteacha ar fáil de cháipéisí ionaid — trascríbhinní agus cóipeanna — don chartlann ar líne. Áirítear orthu sin na príomhpháirtnéirí: An Chartlann Náisiúnta (NAI), Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI), The National Archives (TNA) sa Ríocht Aontaithe, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
I measc na seod nua atá ar fáil ar líne den chéad uair inniu, tá 50,000 ainm as daonáireamh ón 19ú céad a loisceadh i ndóiteán na bliana 1922. Tiomsaíodh iad seo go géarchúiseach mionchúramach as trascríbhinní atá ar caomhnú sa Chartlann Náisiúnta agus in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann ionas go bhfaightear léargas ar shaol na ngnáthdhaoine ar fud oileán na hÉireann roimh agus tar éis aimsir an Ghorta Mhóir ón ábhar atiomsaithe as athchóipeanna de thuairisceáin daonáirimh.
Ábhar Nua i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann:
- Tairseach Dhaonáirimh: iarsmaí ginealais ar a n-áirítear 50,000 ainm as daonáirimh i rith an 19ú céad a chuaigh trí thine sa bhliain 1922 (NAI, PRONI, Coláiste na Tríonóide).
- Tairseach Ré na Réabhlóidíochta: cáipéisí óna bhfaightear léargas ar eachtraí drámatúla Éirí Amach 1798 agus ceangal na hÉireann leis an Réabhlóid i Meiriceá (PRONI, NAI, Library of Congress, TNA).
- Tairseach Ré an Choncais: cúig mhilliún focal de bhunábhar staire (1170-1500) san Angla-Normánais arna aistriú go Béarla. (TNA, IMC, NAI, TCD).
- Páipéir Stáit na hÉireann (1660–1720) ina bhfuil níos mó ná 10 milliún focal faoi rialú na hÉireann i rith na mblianta drámatúla tar éis bhás Chromail (TNA).
- Graf Faisnéise Stair na hÉireann: deis iniúchta nua maidir le daoine agus áiteanna, agus an ceangal eatarthu, a thabhairt chun suntais ar fud na dtaifead (Ionad ADAPT Thaighde Éireann).
Deir an Dr Peter Crooks, Staraí i gColáiste na Tríonóide agus Stiúrthóir Acadúil Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann: “Cuireann sé ríméad orainn na bailiúcháin is deireanaí a fhoilsiú ar líne don lucht taighde i measc na saoránach, na mac léinn agus an aosa léinn. Is díol suntais é oiread, fairsinge agus tábhacht an ábhair. Is díol mór spéise iad d’aon duine a fhiosraíonn scéal na hÉireann mar oileán ar an domhan seo. Ainmneacha agus sloinnte na mílte daoine a mhair roimh agus tar éis an Ghorta Mhóir; tuairiscí faireacháin iomadúla ó ré na dTúdarach; agus taifid ó ré na meánaoise á gcur i láthair i mBéarla chomh maith leis an mbunleagan ar pársa Laidin — is toradh rífhiúntach na bailiúcháin éagsúla leitheadacha seo ar an gcomhar comhoibre.
“Buaicphointe i mo thuairim féin í an obair iontach bleachtaireachta a rinne an mheitheal taighde i gcomhar le páirtnéirí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste faoi thuairisceáin daonáirimh ón ré roimh an nGorta Mór. Chuaigh ainmneacha ina milliúin i ndearmad, go tragóideach, nuair a chuaigh taifid trí thine sa bhliain 1922. Ach inniu, cothrom 103 bliain ó lá an dóiteáin, tá ainm agus sloinne líon is mó ná 50,000 duine á bhfoilsiú againn ar a dtabhairt chun aire in athuair i dtuairisceáin daonáirimh. Is iontach an obair í. Beidh an méid atá curtha ar fáil arís againn le hobair mhion cartlannaíochta ina chuidiú ag teaghlaigh ar fud an domhain atá ag iarraidh stair an teaghlaigh a ríomh níos faide siar i stair na hÉireann.”
Fónann Rialtas na hÉireann do VRTI le cistíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoi Thionscadal Éireann 2040 agus tá sé á chur ar fáil go bithbhuan gan srian ar líne ag Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann(virtualtreasury.ie).
Deir Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt: “Is iontach an toradh é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ar Dheich mBliana Chomóradh an Chéid. Cuirtear acmhainn rífhiúntach staire ar fáil do dhaoine de gach aoisghrúpa agus de gach bunadh traidisiúnta ar fud oileán na hÉireann agus thar lear, chomh maith le deis níos fairsinge a thabhairt ar acmhainn dá shórt ionas gur furasta is féidir leis an uile dhuine teacht ar ábhar staire agus spéis a chur ann.
“Is ábhar suntais na bailiúcháin nua atá á bhfoilsiú agus tréaslaím toradh a gcuid saothair le meitheal Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bhfuil an tionscadal á stiúradh acu le barr léargais, ardaidhme, macántachta agus cúraim. Is mian liom buíochas a ghlacadh freisin leis na príomhpháirtnéirí – An Chartlann Náisiúnta (NAI), Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI), The National Archives (TNA) sa Ríocht Aontaithe, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – chomh maith leis an iliomad foras eile a chuir ábhar as a gcuid bailiúchán cartlainne ar fáil go fial fáilteach maille leis an am agus an saineolas a theastaigh chuige sin. Ó thosach báire, tá an comhar uile-oileáin agus idirnáisiúnta, ina bhonnchloch maidir leis an rath atá ar an togra seo.
“Tá curtha ar chumas dreamanna áitiúla agus lucht stair an teaghlaigh cúrsaí staire a chíoradh ar bhealaí nua mar gheall ar Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, le teacht neamhshrianta ar thaifid chartlainne agus le nuáil teicneolaíochta maidir leis na deiseanna iad a thapú. Ligeann an chruthaitheacht maidir le cur chuige, le géarchúis lucht léinn mar bhonn treise faoi, do léargas nua agus do thuiscint níos fearr a theacht chun cinn ar réimsí ar síleadh eolas iomlán a bheith orthu cheana. Is ábhar inspioráide an saothar nua taighde agus scoláireachta atá cothaithe ag Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann. Molaim don uile dhuine ábhar na mbailiúchán cartlainne a chíoradh go bhfeictear dóibh féin an díol spéise atá ar fáil iontu.”
Deir an Dr Linda Doyle, Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Is lóchrann eolais tionscadal Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann maidir leis an bhfiúntas a léiriú a eascraíonn ó thaighde ildisciplíneach, ón ardteicneolaíocht agus ó dhlús comharoibre agus a théann chun sochair don phobal. Is suntasach an dul chun cinn arís eile oiread ábhair nua a bheith á bhfoilsiú go neamhshrianta don phobal agus beidh leas as ag cuid mhór daoine ar spéis leo bunfhoinsí staire a chaomhnú agus a iniúchadh. Tá géarchúis léinn agus scoláireachta ina bhonn daingean faoi obair an tionscadail seo, chomh maith le leas mar is cóir as an intleacht shaorga agus comhar dlúth oibre le cuid mhór páirtnéirí.”
Cothrom 103 bliain ó chuaigh na Ceithre Cúirteanna trí thine, tá curtha le hardán VRTI le gnéithe nua mórfheabhais, ar a n-áirítear Deis Scrúdaithe don Ghraf Faisnéise a tugadh i gcrích mar chuid den chomhar taighde le hIonad ADAPT Thaighde Éireann. Tá sin bunaithe ar thaighde maidir le teicneolaíocht shéimeantaic an ghréasáin agus is deis é de chineál nach mbíodh ar fáil go dtí seo ag lucht taighde ar stair na hÉireann a bhaineann leas as comhcheangal sonraí ar fud na cartlainne trína léiriú i bhformáid atá furasta a thapú.
Deir Declan O’Sullivan, Ollamh le hEolaíocht Ríomhaireachta, Ionad ADAPT Thaighde Éireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Scoil Eolaíocht na Ríomhaireachta agus an Staidrimh, Coláiste na Tríonóide: “Tríd an Deis Scrúdaithe don Ghraf Faisnéise a sheoladh, tá bealach nua á chur ar fáil don ghnáthdhuine atá i mbun taighde ar stair na hÉireann chun plé le daoine agus áiteanna ar bhealach atá furasta sothuigthe agus a chothaíonn fonn cíoradh a dhéanamh ar stair na hÉireann. Tá an Deis Scrúdaithe bunaithe ar thaighde le deich mbliana anuas ar an teicneolaíocht maidir le Graf Faisnéise in Ionad ADAPT i Scoil Eolaíocht na Ríomhaireachta agus an Staidrimh, Coláiste na Tríonóide agus is bealach nua atá ann le faisnéis staire a leagan amach agus a cheangal le foinsí eile eolais faoi dhuine nó faoi áit ar leith. Níos fearr ná sin arís, ligtear dúinn daoine agus áiteanna a cheangal le taifid VRTI agus na taifid a cheangal le daoine agus le háiteanna.
Buneolas:
Tá páirtnéireacht taighde uile-oileáin agus idirnáisiúnta i gceist le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann (VRTI) ag féachaint le hOifig Taifead Poiblí na hÉireann — cartlann shuntasach a scriosadh nuair a thosaigh Cogadh na gCarad sa bhliain 1922 — a chur le chéile in athuair. Sheol an Taoiseach Micheál Máirtín an tionscadal sa bhliain 2022, cothrom 100 bliain ó scriosadh cartlann náisiúnta na hÉireann.
Tá ceannródaíocht ó thaobh úsáid teicneolaíochta i gceist leis an taighde do Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, úsáid chóir as an Intleacht Shaorga san áireamh. An mheitheal eolaíochta in Ionad ADAPT, arna mhaoiniú ag Taighde Éireann, agus i Scoil Eolaíocht na Ríomhaireachta agus an Staidrimh atá chun tosaigh san obair sin. Tá VRTI tugtha do shaothrú na staire in Éirinn a chur ar chumas na ndaoine. Eagraíodh seó cuairte áitiúil in ocht n-ionad, Dún na nGall agus Doire, Corcaigh agus Port Láirge san áireamh ón mbliain 2023 i leith — agus tá Eochaill agus Luimneach ar na háiteanna is luaithe a mbeifear iontu anois. Seoladh taispeántas digiteach nua ‘Collecting Ireland’s History’ i mí Meithimh 2025 ina leagtar amach an ríthábhacht a bhí le Leabharlanna in Éirinn agus sa Bhreatain maidir le taifid stair na hÉireann a chur ar fáil in athuair.
Deis Scrúdaithe an Ghraf Faisnéise: Tá curtha le hardán VRTI le gnéithe nua den mhórfhiúntas — ar a n-áirítear Deis Scrúdaithe don Ghraf Faisnéise a tugadh i gcrích ar chuid den chomhar taighde le Ionad ADAPT Thaighde Éireann. Baintear leas leis an deis seo, atá bunaithe ar thaighde maidir le teicneolaíocht shéimeantaic an ghréasáin, as sonraí comhcheangailte ar fud na cartlainne trína léiriú i bhformáid atá sothapaithe ag an bpobal i gcoitinne, deis de chineál nach mbíodh ar fáil go dtí seo ag lucht taighde ar stair na hÉireann.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551