Ar smaoinigh tú riamh ar an ní a d’fhéadfadh tarlú ach nár tharla?

Posted on: 06 February 2024

An ndearna tú smaoineamh riamh ar an ní a d'fhéadfadh tarlú ach nár tharla? Cad go díreach a fhágann go mbíonn 'brí' le saothar? An dona an rud é bac a chur ar do chéile glacadh le post i dtír eile? Beidh na ceisteanna sin, agus tuilleadh nach iad, á gcíoradh mar chuid de ‘Philosophy Today’, sraith nua léachtaí poiblí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a mbeidh tús á chur leo i mí Feabhra 2024.

Cion agus grá, eachtraí claochlaitheacha, cúrsaí eitice maidir leis an intleacht shaorga, saothar a bhfuil brí leis, léargas agus cumhacht, "dá mbeadh" nó "mura mbeadh", agus an eagna; bí in éineacht le fealsúnaithe Choláiste na Tríonóide agus torthaí a gcuid saothair le gairid á chur i láthair acu agus léargas faoi leith á thabhairt ar a thábhachtaí agus a thráthúla atá sin maidir leis an saol atá á chaitheamh ag muintir na linne seo.

Tugann Ceann Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta, Paul O’Grady, duine de na cainteoirí i rith na sraithe, an míniú breise seo: “Leis na léachtaí seo, féachtar le ceangal a chothú idir an pobal i gcoitinne agus saothar na dtaighdeoirí i Roinn na Fealsúnachta i gColáiste na Tríonóide chun an tionchar a bhíonn ag smaointeoireacht fealsúnachta ar an ngnáthshaol a léiriú. Is é atá de rún againn sraith léachtaí a chur ar siúl atá spéisiúil spreagúil agus a chothaíonn smaointeoireacht chomh maith le haird a dhíriú ar an tionchar a bhíonn go leanúnach ag an bhfealsúnacht ar shaol na linne, réimse den léann a bhíonn, ag gach tráth, chomh tábhachtach an tráth sin agus a bhí riamh.”

Beidh sé léacht phoiblí sa tsraith agus iad ar siúl gach dara Déardaoin, ón 7.30 - 9.00i.n.

Is féidir breis eolais a fháil faoin tsraith agus áit a chur in áirithe ach cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Roinn na Fealsúnachta. €75 ar an tsraith ar fad (6 léacht). Tá ráta ar lascaine €40 ann do mhic léinn, pinsinéirí seanaoise, daoine dífhostaithe, grúpaí ina bhfuil 20+ duine, foireann agus céimithe Choláiste na Tríonóide.

Na Léachtóirí agus na Léachtaí:

Déardaoin, 8 Feabhra 2024 | An Dr Farbod Akhlaghi

‘Changing Partners: Should You Stop Your Beloved from Changing Who They Are?'

An dona an rud é bac a chur ar do chéile glacadh le post i dtír eile? Cosc a chur ar mhac nó ar iníon leat freastal ar ollscoil? Deirfiúr nó deartháir a stopadh ó phósadh? Bíonn Farbod Akhlaghi ag plé le cúrsaí eitice maidir le heachtraí claochlaithe ina chuid oibre – eachtraí a athraíonn an duine agus nach mbíonn fios orthu go dtí go dtaithítear iad.

Déardaoin, 22 Feabhra 2024 | An Dr William Ratoff

'How Should We Negotiate the Creation of Artificial General Intelligence?'

Tá i ndán go gcuirfidh an Intleacht Shaorga athrú ó bhonn ar shaol mhuintir na linne seo. Níl gné ar bith den saol, meastar, nach dtiocfaidh athrú air mar gheall ar charranna féinrialaithe, róbait chomhluadair, agus eile. Conas is ceart déileáil leis an intleacht shaorga ghinearálta a chruthú? Arb é ba mhian linn fiú amháin go gcruthófaí a leithéid? An bhfuil bagairt ar leibhéal an eiseachais ann don duine? Bíonn William Ratoff i mbun taighde ar fhealsúnacht na moráltachta, go háirithe ar chúrsaí eitice maidir leis an intleacht shaorga agus gnéithe nua den teicneolaíocht.

Déardaoin, 7 Márta 2024 | An tOllamh John Divers

'Caring About What Would Have Been'

An bhfuil mórán ama caite agat ag smaoineamh ar an léargas a d'fhéadfadh a bheith ar an saol seo ó na smaointe sin lá i ndiaidh an lae a thosaíonn le "dá mbeadh" agus "mura mbeadh"? Ar chúrsaí modhanna a bhíonn John Divers ag obair – an chaint (agus na smaointe) a théann níos faide ná an saol mar atá go díreach agus a tharraingíonn anuas an saol mar a bheadh nó a d'fhéadfadh a bheith nó mar nach mbeadh agus nach bhféadfadh a bheith.

Déardaoin, 21 Márta 2024 | An Dr Emma Otterski

'Decoding Perception: Power, Status, & How We See Others'

Ar smaoinigh tú riamh ar an dóigh a dtuigimid dáiríre daoine a mbíonn teagmháil againn leo i rith an lae? Cé na geáitsí beaga a dtéimid ina muinín le léargas a fháil ar a meon agus ar a gcuid smaointe agus cé chomh mór agus a bhíonn ár dtuiscint orthu ag brath ar an saol inár dtimpeall? I ngort na cognaíochta sóisialta a shaothraíonn Emma Otterski – d'fhonn tuiscint a fháil ar (mhí)thuiscint daoine ar a chéile.

Déardaoin, 4 Aibreán 2024 | An tOllamh Paul O'Grady

'What is wisdom?

Is dóigh leis an uile dhuine gur maith an rud é eagna a bheith agat ach níltear chomh cinnte céanna faoin rud atá ann agus baineann mearbhall le gnéithe áirithe di. I ngort theoiric an eolais agus fhealsúnacht an reiligiúin a shaothraíonn Paul O’Grady agus beidh cíoradh á dhéanamh aige, trí leas a bhaint as gnéithe den tsíceolaíocht, de stair na fealsúnachta agus d'eipistéimeolaíocht na linne seo, ar a bhféadfadh a bheith i gceist le heagna.

Déardaoin, 18 Aibreán 2024 | An Dr Caleb Althorpe

'Making Work Meaningful'

Cad go díreach a fhágann go mbíonn 'brí' le saothar? An é amháin a bheadh i gceist go mbraitheann an té a dhéanann an obair go bhfuil brí leis? Nó an saothar atá i gceist a bhfuil gnéithe faoi leith ag baint leis, mar shampla castacht, nó saothar a fhágtar faoin saothraí féin é an dóigh ina ndéanfar é? Bíonn Caleb Althorpe i mbun taighde ar fhealsúnacht pholaitíochta agus ar theoiric na polaitíochta agus scrúdú á dhéanamh aige ar cheisteanna normatacha a bhaineann leis an réimse ina dtarlaíonn trasnaíl idir fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht.

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551