Scannán nua ina mbréagnaítear an miotas go raibh an bheoir a bhí ann sa tréimhse réamhthionsclaíoch níos laige

Posted on: 29 September 2023

Scannán nua ina mbréagnaítear an miotas go raibh an bheoir a bhí ann sa tréimhse réamhthionsclaíoch níos laige

Bhíodh lucht oibre in Éirinn sa 16ú haois ag ól beoir a bhí an- chosúil leis an mbeoir atá againn sa lá atá inniu ann, a raibh ABV 5% ann agus suas le 270 calraí in aghaidh an phionta. Tá aimsiú na beorach seo, a chuir iontas ar chách, ar cheann de na heachtraí is suntasaí atá gafa i gclár faisnéise nua a leanann aistear iontach staraí bia Choláiste na Tríonóide Susan Flavin agus í ag athchruthú go dílis beoir a bhí déanta go deireanach i ngrúdlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sna 1570idí agus í ag úsáid oidis ón stair, teicneolaíochtaí oidhreachta agus grán ársa.

Bhí an scannán Drunk? Adventures in Sixteenth-Century Brewing le feiceáil den chéad uair i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath mar chuid d’Oíche Thaighdeoirí na hEorpa START (Start Talking About Research Today) Festival. Breathnaigh ar an réamhfhógrán anseo: https://youtu.be/MO360e2bNwc

“Thuig staraithe le fada go raibh an bheoir ina cuid lárnach den saol sóisialta agus ina foinse ríthábhachtach cothaithe in Éirinn agus ar fud na hEorpa sa Nua-Aois Luath. Go dtí seo, áfach, bhí ár dtuiscint ar an méid calraí agus alcóil a bhí sa seanbheoir bunaithe ar ríomhanna teoiriciúla. Ní raibh a fhios againn cén chuma a bhí ar an mbeoir seo ná cén blas a bhí uirthi. Ní raibh a fhios againn cé mhéad alcóil a bhí inti ná cé chomh cothaitheach agus a bhí sí,” a dúirt an Dr Susan Flavin, Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Trionóide.

“Chun na ceisteanna sin a fhreagairt thóg foireann ar a raibh staraithe, seandálaithe, eolaithe, ceardaithe agus scannánóirí grúdlann agus ag baint úsáid as teicneolaíocht agus gráin oidhreachta rinneamar beoir ó oidis ghrúdlainne Chaisleán Bhaile Átha Cliath sna 1570idí a athchruthú go dílis. Bhí thart ar 5% ABV (Alcól de réir toirte) sa bheoir a tháirg muid agus bhí suas le 270 calraí in aghaidh an phionta inti. Bhí blas beagáinín searbh uirthi, le blaiseadh beag de na leannlusanna, agus bhí sí smúitiúil agus ar dath éadrom meala. Beoir í a mbeadh cur amach ag lucht óil na linne seo uirthi."

Míníonn an Dr Flavin gurb é an staidéar de chuid FoodCult atá maoinithe ag ERC an scrúdú idirdhisciplíneach is cuimsithí ar an mbeoir ón stair atá déanta go dtí seo. D’oibrigh an cás-staidéar a rinneadh ar theaghlach an Tiarna William Fitzwilliam go raibh idir 5 agus 10 bpionta in aghaidh an lae á n-ól ag na hoibrithe, rud a d’fhág go raibh suas le 2,700 kCal in aghaidh an lae faighte acu.  

"Deimhníonn sé seo go raibh an bheoir ina foinse ríthábhachtach d'oibrithe sa 16ú haois mar a bhain le fuinneamh, tráth ar ól daoine go leor beorach go rialta mar phríomhdheoch agus mar chaitheamh aimsire freisin. Chomh maith leis sin téann sé i gcoinne na tuairime a bhí againn le fada go raibh an bheoir a bhí ann sa tréimhse réamhthionsclaíoch sin, go háirithe beoir a táirgeadh le hól gach lá, níos laige ná a mhacasamhail sa lá atá inniu ann. Ardaíonn sé seo ceisteanna nua faoin dearcadh a bhí ann sa tréimhse seo maidir le daoine a bheith ar meisce.’’

Rinne an criú scannánaíochta taifead ar gach céim den turas agus iad ag leanúint na dtaighdeoirí ón gcartlann go dtí an t-ionad oibre, go dtí an ghrúdlann a bhí tógtha sa tsaotharlann agus a bhí ar aon dul le ceann a bheadh ann sa 16ú haois.

Dúirt an stiúrthóir Shreepali Patel: "Taobh thiar den lionsa, bhí an criú féin an-tógtha leis na   lámhscríbhinní, an tírdhreach, an tseandálaíocht, an cheird a bhain leis na próisis ghrúdaireachta agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhain le bheith i mbun scannánaíochta le linn COVID agus na fionnachtana casta stairiúla a chur trasna ag úsáid na scannánaíochta, dearadh fuaime, beochana agus scór bunaidh."

Bhí sé seo le rá freisin ag an Dr Flavin: “Cé go dtugann ár staidéar léargas go príomha ar an mbeoir sa Nua-Aois Luath, léiríonn sé freisin na buntáistí a bhaineann le 'idirdhisciplíneacht radacach' agus cur chuige bunaithe ar chleachtas. Trí dhul i dteagmháil le comhghleacaithe i réimsí éagsúla, ón micribhitheolaíocht go heolaíocht na grúdaireachta agus léirmhíniú stairiúil bunaithe ar an gceird, d'fhéadfaí ceisteanna taighde níos dúshlánaí a chur, agus freagraí níos casta a aimsiú. Chun é a chur go simplí, ní féidir linn tuiscint a fháil ar an mbeoir sa Nua-Aois Luath gan tabhairt faoin bpróiseas grúdaireachta féin agus comhábhair agus teicneolaíocht na tréimhse sin a úsáid."

I ndiaidh an léirithe bhí plé ann leis an staraí bia an Dr Susan Flavin, le stiúrthóir an scannáin, an tOllamh Shreepali Patel, leis an staraí bia agus deochanna Marc Meltonville agus leis an ngrúdaire oidhreachta Maurice Deasy ó Ghrúdlann Chanvas i gCo. Thiobraid Árann. Foilseofar an clár faisnéise ar líne tar éis dó a bheith feicthe ar dtús ag féilte scannán níos deireanaí i mbliana.

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551