Foghlaim gan teorainneacha – ceiliúradh ag Coláiste na Tríonóide ar 20 bliain den oideachas ionchuimsitheach

Posted on: 27 October 2023

Tagann an tAire Simon Harris le chéile le mic léinn na linne seo agus na mblianta a caitheadh chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta

"Is é an neamhspleáchas an rud is fearr faoi bheith i do mhac léinn ollscoile agus an chaoi ar féidir liom socrú a dhéanamh faoin saol a chaithfidh mé féin,” arsa duine de na mic léinn atá ag freastal ar chomhdháil inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain den oideachas ionchuimsitheach i Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta (TCPID).

Ag an gcomhdháil faoin teideal ‘Foghlaim gan Teorainneacha’, beidh mic léinn agus céimithe de chuid an Lárionaid in éineacht leis an Aire Simon Harris, chomh maith le baill foirne Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide agus daoine den lucht tacaíochta i measc an phobail, i mbun machnaimh ar a bhfuil i gceist le saol an choláiste nuair atá sé sin ionchuimsitheach go fírinneach.  

TCPID graduates with Simon Harris, outside in Trinity's grounds.

Sadbh Feehan, Stephen Ryan, an tAire Minister Simon Harris agus Niamh Biddulph

I Scoil an Oideachais atá Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta lonnaithe.  Tionscadal píolótach a bhí ann sa bhliain 2004 agus tá sé ina thionscadal ceannródaíoch anois, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, maidir le hoideachas ionchuimsitheach.

Ag déanamh comhghairdis leis an Lárionad dó ar an 20ú bliain d’oideachas ionchuimsitheach a chur chun cinn, dúirt Simon Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta:

“Is iontach an rud é a bheith i mbun ceiliúrtha ar ról ceannródaíoch TCPID in oideachas ionchuimsitheach na hÉireann le scór bliain anuas. Tá an obair a dhéanann gach duine sa Lárionad thar a bheith luachmhar. Is ábhar dóchais dom cloisteáil faoi na scéalta iontacha faoi mar a d’éirigh leis na céimithe. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Lárionad Choláiste na Tríonóide as spás ionchuimistheach a chruthú a thugann aitheantas iomlán do chearta na mac léinn atá faoi mhíchumas intleachta. Ó 2004 i leith, tá an caighdeán leagtha síos ag an Lárionad faoin méid ar féidir a bhaint amach nuair a sháraímid constaicí agus nuair a chuirimid comhdheiseanna oideachais ar fáil do gach duine.

“Agus mé i m’Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, tá sé de dhualgas orm a chinntiú gur féidir leat é a bhaint amach, is cuma cé thú féin, cá as tú ná cén paisean atá agat. Airíonn go leor mac léinn agus teaghlach go bhfuil an t-oideachas fós thar a n-acmhainn. Táim thar a bheith diongbháilte go bhfaighidh gach duine an deis atá tuillte acu maidir le cúrsaí oideachais.

“Tríd an bhFóram Náisiúnta um Ardoideachas Ionchuimsitheach a bhunú, tá an Lárionad ag cothú fhorbairt na gcúrsaí oideachais ionchuimsithigh i gcoláistí agus ollscoileanna ar fud na hÉireann. Is údar bróid dom go bhfuil ‘CONAIR 2 CÉIM 2’ seolta ag mo roinn le déanaí – tionscadal píolótach trí bliana chun tacú le feabhas a chur ar sholáthar cúrsaí do mhic léinn faoi mhíchumas intleachta, agus beidh infheistíocht shuntasach €9 milliún ar fáil le linn na chéad trí bliana eile. Is céim ríthábhachtach é seo lena chinntiú go mbeidh teacht ag mic léinn faoi mhíchumas intleachta ar chláir oideachais d’ardchaighdeán cosúil le Teastas TCPID sna hEalaíona, san Eolaíocht agus sa Chleachtas Ionchuimsitheach.”

Ar cheann de bhuaicphointí an lae inniu, beidh seomraí caidrimh le mic léinn agus céimithe de chuid an Lárionaid i mbun stiúradh an phlé. Beidh an bhéim ar thrí cinn de théamaí – an taithí acadúil, an taithí ar shaol an choláiste, agus conairí maidir le deiseanna tar éis an coláiste a fhágáil.

Dúirt Tomás Murphy, Comhalta Boird de chuid Ionchuimsiú Éireann: “Nuair is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide duine, bíonn dóchas ceart ag an duine sin. Is féidir aird a tharraingt ar an gcúrsa, a insint do dhaoine cé chomh hiontach agus atá sé ag daoine atá faoi mhíchumas intleachta deis a bheith acu teacht chuig an gcoláiste. Ba cheart do níos mó de na coláistí eile é seo a dhéanamh, agus deis a thabhairt do dhaoine.”

Is múnla sárchleachtais é cúrsa suaitheantais an Lárionaid, an Teastas sna hEalaíona, san Eolaíocht agus sa Chleachtas Feidhmeach Ionchuimsitheach, den oideachas a ligeann do na mic léinn atá faoi mhíchumas intleachta barr a gcumais a bhaint amach trí obair léinn, socrúchán oibre agus taithí ar shaol an choláiste. Tá an cúrsa sin, agus an Teastas i Maireachtáil Chomhaimseartha a tháinig roimhe, curtha díobh ag níos mó ná 160 mac léinn.

Míníonn an tOllamh Michael Shevlin, Stiúrthóir Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta, Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide:

“Na mic léinn agus na céimithe iontacha bun agus barr an mhisin againne.  Arís agus arís eile, cuireann siad iontas orainn lena gcuid díocais agus dúthrachta agus leis an gcumas gan teorainn atá acu. San am a caitheadh, tharlódh do na mic léinn iontacha seo go ndealófaí ón bpobal iad, ach is é a fheicimid anois iad ag teacht faoi bhláth i gColáiste na Tríonóide agus ar aghaidh ina dhiaidh sin i mbun fostaíochta lenár gcomhpháirtithe gnó. Ó thús an aistir seo, tá foghlamtha againn nach bhfuil dhá shaol ann le dealú eatarthu; aon saol amháin atá ann agus féadaimid go léir, go deimhin is ceart dúinn go léir, maireachtáil go socair lena chéile sa saol sin. Meabhraíodh an ceiliúradh seo dúinn nach bhfuil aon teorainn lenar féidir a thabhairt i gcrích nuair a bhaintear constaicí as an mbealach agus nuair a chothaítear an ionchuimsitheacht don uile dhuine."

“Agus ceiliúradh á dhéanamh againn inniu ar a bhfuil bainte amach ag Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta, is ceart aird faoi leith a thabhairt ar an meon ceannródaíochta a bhí i ndaoine de leithéid PJ Drudy, Freida Finlay, Alan Crosbie, Mary Davis agus Patricia O'Brien, gan an t-iomlán a lua, arb é an saothrú gan traochadh a rinne siad sna laethanta tosaigh sin, fiche bliain ó shin, a leag an bhonnchloch faoin ábhar mórtais atá againn ó shin. Is é a ndúthracht, agus an léargas a bhí acu, an lóchrann eolais maidir leis an misean againne.”

Chuir Deirdre Mortell, Príomhfheidhmeannach Rethink Ireland, atá ag tacú le hócáid an lae inniu, leis an méid sin: "Leis an gCiste Foráis atá againne, déantar infheistíocht sna bearta nuálaíochta sóisialta is fearr ar féidir a gcuid réitigh a fhairsingiú de réir scála ionas go gcuirtear feabhas ar shaol daoine ar fud na tíre. Tá léirithe ag Lárionad Choláiste na Tríonóide do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta a oiread is féidir a dhéanamh chun saol oideachais atá ionchuimsitheach go dáiríre a chruthú agus táimid den tuairim go dtabharfar i gcrích, tríd an bhFóram Náisiúnta um Ardoideachas Ionchuimsitheach a chur ar bun agus trína gcuid oibre maidir le polasaithe agus cleachtais a mhúnlú, todhchaí ina mbeidh na deiseanna céanna oideachais ag daoine óga atá faoi mhíchumas intleachta agus a bhíonn ag aon duine eile.”

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551