Cuireann an Propast imní shuntasach in iúl faoin mbuiséad atá le teacht go luath

Posted on: 29 September 2023

Agus í ag rá go raibh an earnáil “tearcmhaoinithe go mór” de réir chaighdeáin idirnáisiúnta, leag an Propast béim ar an éifeacht ollmhór atá ag an staid reatha airgeadais ar mhic léinn agus ar an bhfoireann.

Cuireann an Propast imní shuntasach in iúl faoin mbuiséad atá le teacht go luath

Tá an Propast Linda Doyle tar éis mic léinn, foireann agus céimithe Choláiste na Tríonóide a ghríosadh chun tacú le héileamh ar níos mó maoinithe don earnáil ardoideachais i mbuiséad Dheireadh Fómhair.

Agus í ag rá go raibh an earnáil “tearcmhaoinithe go mór” de réir chaighdeáin idirnáisiúnta, leag sí béim ar an éifeacht ollmhór atá ag an staid reatha airgeadais ar mhic léinn agus ar an bhfoireann.

Is féidir teachtaireacht iomlán an Phropaist a léamh thíos.

An tseachtain seo caite, scríobh na hUachtaráin agus Cathaoirligh na nÚdarás Ceannais ón ocht n-ollscoil atá ina ball de Chumann Ollscoileanna Éireann go dtí An Taoiseach, An Tánaiste agus ceathrar Airí rialtais ag iarraidh beart i mbuiséad na bliana seo chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh maoinithe bliantúil €307 milliún. Aithníodh an t-easnamh sa bhunchistiú i ndoiciméad beartais an rialtais, Ag Maoiniú Na Todhchaí, i mí na Bealtaine 2022.

Moladh do phobal an Choláiste teagmháil a dhéanamh le hionadaithe poiblí.

*****

A phobal Ollscoile,

Mar is eol duit go maith, tá an earnáil ardoideachais in Éirinn go mór gan mhaoiniú. Baineann iarmhairtí móra leis sin agus tá sé de shíor ag cur isteach ar ár n-uaillmhianta do Choláiste na Tríonóide.

Tá tionchar ollmhór aige ar ár mic léinn agus ár bhfoireann, ar ár dtaighde agus ár dteagasc, agus ar ár dtacaíochtaí do mhic léinn.

Glacann an Rialtas leis go bhfuil tearcmhaoiniú á dhéanamh ar an earnáil agus, i mí na Bealtaine 2022, d’fhoilsigh sé plean inar gealladh €307 milliún breise i mbunchistiú gach bliain. Ach cá bhfuil sé?

I gcomhar le Cumann Ollscoileanna Éireann (COÉ), tá iarrachtaí á ndéanamh againn ionas go gcomhlíonfadh an Rialtas an gealltanas seo sa bhuiséad atá le teacht (10 Deireadh Fómhair). Tá meicníocht molta againn fiú chun é seo a bhaint amach, mar a fheicfidh tú sa litir atá faoi iamh.

Agus mar sin féin, le laethanta beaga anuas, tá sé ríshoiléir go gcaithfear brú breise a chur má tá an Rialtas chun beart a dhéanamh de réir a bhriathair riamh agus €307 milliún breise a sheachadadh gach bliain.

Tá mé ag iarraidh anois go labhróimis go léir amach chun brú a chur ar an Rialtas a ghealltanas a chomhlíonadh maidir le haghaidh a thabhairt ar deireadh thiar ar thearcmhaoiniú seasta inár n-earnáil sa bhuiséad atá le teacht.

Deir polaiteoirí linn go minic nach gcloiseann siad faoin gceist seo ‘ag an doras’. Ní mór é seo a athrú. Fiú mura bhfuil vóta agat, tá do ghuth tábhachtach agus ní mór é a chur in iúl, le do thoil.

An féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’ionadaithe poiblí faoi seo, le do thoil? Gheobhaidh tú a gcuid sonraí teagmhála anseo.

Agus tá sé tábhachtach freisin go gcloisfidh an tAire atá freagrach as an ardoideachas ón oiread sin againn agus is féidir: An tAire Simon Harris.

Ní féidir buiséad eile gabháil thart gan feabhas suntasach a bheith i gceist dár n-earnáil maidir le bunchistiú. Tá bunchistiú go hiomlán riachtanach chun na coinníollacha a chruthú ina mbeimid in ann ár n-uaillmhianta a bhaint amach. 

Seo roinnt pointí tábhachtacha le coimeád i gcuimhne agus tú ag plé le hionadaithe poiblí:

  • Tá córas ardoideachais na hÉireann tearcmhaoinithe go mór de réir chaighdeáin idirnáisiúnta. Tá béim leagtha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus ag “Faireachlann um Chistiú Poiblí” de chuid Chumann Eorpach na nOllscoileanna Eorpacha air sin.
  • Tá gá le gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar chostas an oideachais do mhic léinn agus ar an easnamh sa bhunchistiú araon. Ní fiú go mór é a bheith níos inacmhainne do mhic léinn freastal ar an gcoláiste má tá siad ag dul isteach in ollscoileanna tearcmhaoinithe, atá faoi strus ó thaobh airgeadais de.
  • Tá ár mic léinn ag fulaingt: cloisimid tuairiscí go laethúil faoi thionchar na géarchéime lóistín, faoi sheirbhísí mac léinn atá faoi bhrú, agus faoi stipinnithe nach leor iad sa ghéarchéim reatha costais maireachtála.
  • Tá ár bhfoireann ag fulaingt: tá ualaí oibre ag dul i méid, tá ár mbonneagar ag dul in aois, agus ní féidir lenár n-áiseanna cos a choinneáil leis na cinn is fearr ar domhan.
  • Tá ár dteagasc ag fulaingt mar gheall ar líon na ranganna a bheith ag méadú agus deiseanna digiteacha nua atá thar ár n-acmhainn airgeadais.
  • Tá dul chun cinn an Rialtais fíormhall maidir leis an easnamh bliantúil €307M sa bhunchistiú a sainaithníodh in 2022 a sheachadadh. I mbuiséad na bliana seo caite, níor cuireadh ach €40M  breise ar fáil i mbunchistiú. Ag an ráta sin, glacfaidh sé ocht mbliana an bhearna seo a líonadh! Ní féidir linn fanacht. 
  • Mar eolas duit, tá litir faoi iamh a sheol an t-ochtar Uachtarán COÉ chuig an Rialtas le déanaí. 

Mar phobal de 22,000 mac léinn, 4,000 ball foirne agus 138,000 céimí, ní mór dúinn labhairt amach go hard ar son an ardoideachais in Éirinn. Ní mór don Rialtas gníomhú láithreach má tá fíorshuim acu san ardoideachas in Éirinn agus i dtodhchaí ár dtíre.

Ní neart go cur le chéile, 

Linda 

 

Letter_Taoiseach_Ministers_IUA_Universities_19.09.23