Bí i d’abhatár, bain triail as bheith i do scríobhaí meánaoiseach agus cláraigh do dhianchampa luibheolaíochta ag Féile START

Posted on: 29 September 2023

Is cuid d’Oíche Thaighdeoirí na hEorpa í Féile START (Start Talking About Research Today), imeacht poiblí ar fud na hEorpa, ina dtaispeántar an éagsúlacht taighde agus an tionchar a bhíonn aige ar shaol laethúil saoránach ar bhealaí spraíúla spreagúla. I mbliana beidh imeachtaí á reáchtáil in 26 tír ar fud na hEorpa.

Bí i d’abhatár, bain triail as bheith i do scríobhaí meánaoiseach agus cláraigh do dhianchampa luibheolaíochta ag Féile START

Dé Luain an 25 Meán Fómhair 2023 – Ó scríobhaithe meánaoiseacha go habhatáranna fíorúla agus ó ghrúdaireacht sa 16ú haois go scéalta breithe comhaimseartha, déanfar saol saibhir agus éagsúil na taighde acadúla a cheiliúradh ag Féile START i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Dé hAoine an 29 Meán Fómhair.Beidh tobimeachtaí níos lú ar siúl ar feadh na seachtaine, agus óstálfaidh Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide féile Ealaíon & Daonnachtaí a mhairfidh seachtain, mar sin, is cinnte go mbeidh rud éigin ar siúl do gach duine! Is cuid d’Oíche Thaighdeoirí na hEorpa í Féile START (Start Talking About Research Today), imeacht poiblí ar fud na hEorpa, ina dtaispeántar an éagsúlacht taighde agus an tionchar a bhíonn aige ar shaol laethúil saoránach ar bhealaí spraíúla spreagúla. I mbliana beidh imeachtaí á reáchtáil in 26 tír ar fud na hEorpa.

In Éirinn, is é Coláiste na Tríonóide a óstálann Féile START i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn agus ADAPT, Ionad Taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann don Teicneolaíocht Ábhair Dhigitigh faoi Thionchar na hIntleachta Saorga (IS). Tugann an fhéile seo deis do chuairteoirí súil ghrinn a chaitheamh ar an taighde thar a bheith spéisiúil atá ag múnlú an domhain, réitigh ar fhadhbanna is mó na sochaí a fhiosrú, agus foghlaim faoi smaointeoireacht cheannródaíoch ag sráidbhaile taighde sa Chearnóg Thosaigh, áit a mbeidh cainteanna gearra, ceardlanna idirghníomhacha, taispeáintí, léirithe agus neart eile ar siúl ón 2pm ar aghaidh.

Áirítear ar na buaicphointí:

Meetings with Manuscripts: Bain triail as a bheith i do scríobhaí meánaoiseach agus as a bheith ag cóipeáil línte ó lámhscríbhinní cáiliúla na hÉireann le peann cleite agus dúch. Féach an bhfuil tú ábalta an ríomhaire a shárú ag tras-scríobh línte Béarla atá míle bliain d’aois. Cuidigh linn na créatúir agus beithígh aisteacha atá maisithe i lámhscríbhínní ón 8ú haois go dtí an 12ú haois a aithint. Ionad: Seastán Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar, an Baile Taighde, An Chearnóg Thosaigh, Coláiste na Tríonóide (buail isteach).

Fiosraigh IS le ADAPT, taispeántas: Déanfar an intleacht shaorga, ábhar atá go mór i mbéal an phobail, a fhiosrú le sraith gníomhaíochtaí lena n-áirítear ‘Art or AI? Museum of Very Modern Art’ (an bhfuil tú ábalta an difríocht idir do Dalís agus do DALL-Es? a fheiceáil?); ‘From virtual to reality… and back!’ (faigh taithí ar bheith ar d’abhatár fíorúil trí scáthlán IVR a chaitheamh); ‘PARADISE: AI and Vasculitis’ (féach mar a bhainistíonn dochtúirí galair uath-imdhíonachta le IS); agus ‘Automated Translation between Spoken and Sign Languages’ (féach mar a aistríonn IS an teanga chomharthaíochta). Ionad: Áiléar Dhúghlas de hÍde, Coláiste na Tríonóide. Is féidir clárú anseo ach tá fáilte roimh chách bualadh isteach idir 4pm agus 8pm.

 

 

Sláinte: An n-ólfá beoir ón mbliain 1574? An chéad taispeáint de chlár faisnéise ina leantar staraí bia Choláiste na Tríonóide, Susan Flavin, agus í ag macasamhlú beoir a grúdaíodh go deireanach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sna 1570idí go dílis trí úsáid a bhaint as oidis stairiúla, teicneolaíochtaí oidhreachta agus gráin ársa. Beidh plé painéil ann nuair a bheidh an clár thart. Ionad: Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide (Cláraigh anseo).

An tAthrú Aeráide a Stiúradh le plandaí: dianchampa luibheolaíochta Feicfidh cuairteoirí an réimse leathan de thaighde luibheolaíoch a dhéantar trí thaispeántas ard-idirghíomhach agus siamsaíochta a thosóidh sa Chearnóg Thosaigh agus a chríochnóidh sa Luslann, áit a mbeidh samplaí a bhailigh Charles Darwin ar taispeáint. Tabhairt cuairt ar na stáisiúin ar fad agus bailigh stampaí ar an mbealach de réir mar a bheidh tú ag críochnú sraith tascanna ó leibhéil CO2 a thomhas i móin go dtí speicis a aithint le trealamh eolaíochta.

Léiriú amharclainne ‘Birth Story’: tiocfaidh an taibhealaín agus taighde le chéile sa léiriú ionraic agus domhain seo den méid a tharlaíonn nuair a bhíonn páiste ag teacht ar an saol. Torthaí taighde ó Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais a bhí ina ábhar spreagtha don léiriú seo. Beidh dhá léiriú ar siúl agus beidh plé painéil eolasach ina ndiaidh leis na haisteoirí agus le saineolaithe ó Choláiste na Tríonóide agus beidh fáilte roimh an lucht spéise a gcuid tuairimí féin a roinnt agus ceisteanna a chur. Ionad: Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Sráid D'Olier, D02 T283 (Cláraigh anseo.)

Ag féachaint chun cinn go dtí an t-imeacht, dúirt an tOllamh Sinéad Ryan, Déan Taighde i gColáiste na Tríonóide:

“Táthar ag ceiliúradh Oíche Thaighdeoirí na hEorpa i gColáiste na Tríonóide le 10 mbliana anois, agus gach bliain, tugtar deis dúinn cuireadh chuig an ollscoil a thabhairt do dhaoine áit a mbeidh siad ábalta labhairt le taighdeoirí faoin obair a bhíonn ar bun acu. Is é an t-éiteas iomlán atá taobh thiar den imeacht ná ár bhfiosracht a fhiosrú agus a bheith ag foghlaim óna chéile, agus beagán spraoi a bheith againn ag an am céanna. Táim ag súil go mór le fáilte a chur roimh gach duine go dtí Coláiste na Tríonóide ar an 29ú lá.” Is féidir an clár iomlán imeachtaí a fháil ar: https://www.start-ern.org/programme

CRÍOCH

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204

,

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551