400 bliain tar éis a fhoilsithe, cuirtear an t-aon chóip in Éirinn de ‘First Folio’ Shakespeare ar taispeáint

Posted on: 13 April 2023

400 bliain tar éis a fhoilsithe, cuirtear an t-aon chóip in Éirinn de ‘First Folio’ Shakespeare ar taispeáint

Tá digitiú déanta ar chóip Choláiste na Tríonóide de First Folio’ agus é ar fáil go furasta anois ar líne ag an bpobal

Lorg lapaí, loscadh agus cód diamhair … tá gach cuma ar an aon chóip amháin na hÉireann de First Folio le Shakespeare gur baineadh cuid mhór úsáide as agus cuid mhór taitnimh.

Is é an t-imleabhar iomráiteach seo atá i lár an aonaigh ag taispeántas nua i Leabharlann Choláiste naTríonóide, Baile Átha Cliath dar teideal Shakespeare the Irishman”, ceiliúradh 400 bliain ar chnuasach iomlán de shaothar an Bhaird a fhoilsiú den chéad uair. Tá leagan ar líne den taispeántas ar fáil ar Google Arts & Culture. Tá na taispeántais á seoladh sa tSean-Leabharlann tráthnóna [Déardaoin, an 13 Aibreán] ag an údar Anne Enright.

Deir Andy Murphy, Ollamh an Bhéarla agus coimeádaí an taispeántais: Léirítear leis an taispeántas seo scéal chóip Choláiste na Tríonóide den First Folio le Shakespeare, ceann de na seoda is mó i mbailiúchán na Leabharlainne. Cé go bhfuil cuma mhaith ar an imleabhar, is léir go raibh tóir air agus gur léadh go mion minic é. Feictear lorg loiscthe, lorg dí agus lorg lapaí air chomh maith le comharthaí diamhaire atá le tuiscint go fóill, fianaise gur tharla úsáid agus ró-úsáid an leabhair, ach gur le teann sásaimh agus taitnimh i gcónaí é.

 

In Éirinn, tharla drámaí Shakespeare a cheangal riamh anall go dlúth le cúrsaí polaitíochta.  Cíortar leis an taispeántas seo na modhanna ina ndearnadh a chuid drámaí a chóiriú agus a mhúnlú in Éirinn le béim ar an ionad lárnach a bhí ag a shaothar i gcultúr coilíneach lucht na Cinsealachta san ochtú haois déag; ar an tionchar a bhí aige i rith an naoú haois déag ar náisiúnaithe de leithéid Wolfe Tone, Séamus Ó Conghaile agus Padraic Mac Piarais; agus, ar an aistriúchán go Gaeilge a rinneadh ar roinnt dá shaothar san fhichiú haois.”

Foilsíodh an chéad eagrán de dhrámaí cnuasaithe William Shakespeare sa bhliain 1623, seacht mbliana tar éis bhás an scríbhneora. Murach gur foilsíodh, bheadh leath na ndrámaí imithe le gaoth ó shin.  Tá na cóipeanna den First Folio atá ar fáil go fóill ar na leabhair is géire a mbíonn tóir ag bailitheoirí orthu ar fud an domhain.

Ceannaíodh cóip Choláiste na Tríonóide nuair a cuireadh leabharlann Arthur Browne, fear léinn, ar ceant tar éis a bháis sa bhliain 1805. D’íoc Coláiste na Tríonóide £26 11s 6d ar an imleabhar. Ó shin i leith, tá First Folio ar cheann de na leabhair is tábhachtaí i mbailiúchán na Sean-Leabharlainne.

Deir Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste: Baineann an taispeántas seo leis an gcomóradh domhanda atá á dhéanamh ar ‘an leabhar a thug Shakespeare dúinn' – murach gur foilsíodh First Folio, ní bheadh leath de dhrámaí Shakespeare ar fáil againn níos mó. Is díol suntais é maidir le Coláiste na Tríonóide agus le hÉirinn mar gheall gurb é an t-aon chóip amháin de First Folio é ar an oileán seo. Seo an sárphointe sa bhailiúchán leitheadach d’ábhar Shakespeare atá ag an Leabharlann. Is iontach an rud go bhfuil sé ar feiceáil sa taispeántas seo sa tSean-Leabharlann agus i bhfoirm dhigiteach trí Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide.”

Mar chuid den cheiliúradh domhanda Folio400, tá digitiú déanta ar chóip Choláiste na Tríonóide den First Folio agus iomlán na cóipe sin ar fáil anois ar líne ag an bpobal trí Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide.

Tá an taispeántas á eagrú tráth a bhfuil Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar, lárionad nua taighde atá lonnaithe i Mol an tSeomra Fhada, á sheoladh i gcomhar leis an Leabharlann, agus beidh comhordú agus scaipeadh á dhéanamh ag an Lárionad sin ar shaothar taighde faoin tábhacht mhór, ó thaobh cúrsaí cultúir agus cúrsaí sóisialta, atá le leabhair den uile chineál.

Deir Mark Faulkner, Ollamh Cúnta Ussher le Litríocht na Meánaoise agus Stiúrthóir Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar: Mar is léir ón taispeántas seo, tá bailiúchán sármhaith d’ábhar a bhaineann le Shakespeare i Leabharlann Choláiste na Tríonóide; agus tá bailiúcháin eile inchurtha leis an mbailiúchán sin freisin ó thaobh sárfheabhais, bailiúchán na lámhscríbhinní ó ré na meánaoise, bailiúchán na leabhar ó thús ré na clódóireachta agus bailiúcháin ábhar cartlainne le húdair, le polaiteoirí, le smaointeoirí agus cuid mhór eile. Beidh leas á bhaint ag Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar as na sárbhailiúcháin sin agus as an dlús suntasach saineolaithe atá san ollscoil i dtrí cinn de dhámha agus sa Leabharlann ionas go gcuirtear leis an tuiscint ar cheann de na gnéithe teicneolaíochta is tábhachtaí sa tsochaí – an leabhar.”

 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551