Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Céad míle fáilte chuig suíomh gréasáin Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

 

Irish is for international students and staff too! Please click the "English" tab at the top right of this page for a full translation of all our webpages, including information on our free Irish classes.

 

Eolas faoi Oifig na Gaeilge

Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal na hollscoile mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith le sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh.

Ar an suíomh seo, gheofar eolas ar an teanga bheo i saol Choláiste na Tríonóide: ranganna, ócáidí sóisialta agus na scéimeanna cónaithe Gaeilge. Tá áit lárnach ag an Ghaeilge san ollscoil seo: féach Fáilte an Phropaist. Tá Cumann Gaelach an Choláiste ar cheann de na cumainn Gaeilge is mó agus is gníomhaí sa tír. Tá Roinn na Gaeilge ina gaeltacht bheag chairdiúil i mBloc na nEalaíon. Tá Seomra na Gaeilge againn i lár an champais, ach ní ansin amháin a labhraítear an Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, mar a fheicfear ar leathanaigh an tsuímh seo.

Fáilte roimh cheisteanna, tuairimí agus smaointí ag gaeloifig@tcd.ie.

 

 

 

 


Nuashonraithe 10 11 2023 ag .