Tá an próiseas iarratais do Scéim an Champais agus na Dara Bliana 2023-24 dúnta anois. Osclófar arís é i mí an Mhárta/Aibreáin 2024 agus beidh an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaithe thíos.
Baineann an Scéim seo le mic léinn reatha i gColáiste na Tríonóide. Tá dhá chuid leis an Scéim:
a) Scéim Cónaithe an Champais: do mhic léinn fochéime i mblianta a 2, 3 agus 4 (12 spás).
b) Scéim Cónaithe na Dara Bliana i Halla na Tríonóide: do mhic léinn fochéime i mbliain 2 amháin (6 spás).
Eolas Ginearálta ar an Scéim Cónaithe
Is iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile trí chóiríocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhéid áirithe mac léinn a ghlacann le coinníollacha na Scéime.
Bítear ag lorg mic léinn fochéime lánaimseartha i mblianta 2, 3 agus 4 a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt san árasán ar bhonn laethúil, a thacóidh le himeachtaí Gaeilge, agus a chomhlíonfaidh coinníollacha eile na Scéime. Tá dualgas ar mhic léinn costais iomlána na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 an duine ar fáil don bhliain acadúil chun cuidiú leis na costais sin. Íoctar leath an deontais i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.
Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh den iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil ar an gcampas nó i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a fháil ar an Scéim, beidh deis agat go fóill spás a fháil i gcóiríocht na hollscoile. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar shuíomh greásáin na hOifige Cóiríochta ag an nasc seo.
Bíonn mic léinn fochéime a bhí ar an Scéim cheana i dteideal iarratas ar dhéanamh uirthi arís. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirtear suas le seacht spás ar fáil do mhic léinn a bhí ar an Scéim cheana. Ní féidir áit a bhaint amach ar an Scéim níos mó ná dhá uair.
An Chóiríocht
a) Bá na Luibheolaíochta ar champas Choláiste na Tríonóide
- Tá 12 spás ar fáil ar Scéim an Champais do mhic léinn fochéime sa dara, tríú nó ceathrú bliain.
- Sé árasán (lonnaithe i mBá na Luibheolaíochta de ghnáth) atá i gceist, agus maireann beirt mhac léinn i ngach árasán.
- Beidh a s(h)eomra codlata singil féin ag gach mac léinn. Roinntear an seomra folctha agus an chistin/seomra suite.
- Tuilleadh eolais ar chóiríocht ar champas Choláiste na Tríonóide
b) Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6
- Tá 6 spás ar fáil do mhic léinn fochéime sa dara bliain.
- Maireann an seisear mac léinn in árasán amháin.
- Beidh seomra codlata singil agus seomra folctha dá gcuid féin ag gach mac léinn. Roinnfidh an seisear mac léinn an chistin/seomra suite.
- Níl sé ceadaithe do mhic léinn a bhfuil seoladh baile acu i mórcheantar Bhaile Átha Cliath iarratas a dhéanamh ar spás Scéime i Halla na Tríonóide.
- Tuilleadh eolais ar Halla na Tríonóide
Freagrachtaí na Scéime Cónaithe:
- An Ghaeilge a bheith mar theanga chumarsáide laethúil an árasáin.
- Freastal ar chruinnithe a ghlaonn Oifigeach na Gaeilge i rith na bliana acadúla.
- Páirt ghníomhach a ghlacadh i bpobal Gaeilge na hollscoile agus an teanga agus cultúr Gaelach a chur chun cinn ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide.
- Tionscadal amháin ar a laghad a chur i gcrích i dTéarma na Féile Michíl agus i dTéarma na Féile Bríde chun an Ghaeilge a chur chun cinn e.g. imeacht a reáchtáil, feasacht feasachta a eagrú, srl.
- Irisleabhar a scríobh mar ghrúpa ag deireadh na bliana acadúla mar thaifead ar ghníomhaíochtaí na Scéime Cónaithe.
- Tuairisc a ullmhú agus cur i láthair a dhéanamh (mar ghrúpa) os comhair an Oifigigh Ghaeilge agus Choiste na Gaeilge ag deireadh Théarma na Féile Michíl agus Théarma na Féile Bríde maidir leis an gcaoi ar comhlíonadh coinníollacha na Scéime.
- Tacú le hobair Oifig na Gaeilge e.g. freastal ar imeachtaí, cúnamh a thabhairt le heagrúchán, srl.
- Scéim an Champais (dháréag mac léinn): maoirseacht a dhéanamh ar Sheomra na Gaeilge agus páirt a ghlacadh sa scéim Gaelchara ina gcuirfear mic léinn i bpéirí le mic léinn céad bhliana na Scéime.
- Scéim na Dara Bliana (Halla na Tríonóide) (seisear mac léinn): ciorcal comhrá seachtainiúil a reáchtáil agus tacaíocht a thabhairt do mhic léinn céad bhliana ar an Scéim Cónaithe.
- Íocann an mac léinn costais iomlána na cóiríochta. Íocann Oifig na Gaeilge deontas €1,000 chun costais na cóiríochta a laghdú.
- Foirm a shíniú ag tús na bliana acadúla ag dearbhú go gcomhlíonfaidh tú coinníollacha na Scéime.
- Cloí leis na rialacha atá leagtha amach ag an Oifig Cóiríochta do mhic léinn i gcóiríocht na hollscoile.
- Na rialacha agus na srianta a d'fhéadfadh a bheith leagtha síos ag an ollscoil agus ag an rialtas maidir leis an gcoróinvíreas COVID-19 a leanúint i gcónaí. Ní mór a bheith aireach go bhféadfadh athrú teacht orthu sin i rith na bliana acadúla agus go gcaithfear cloí leo.
- Sa chás go meastar nach bhfuil coinníollacha na Scéime á gcomhlíonadh nó nach bhfuil coinníollacha na Scéime comhlíonta ag mac léinn ag deireadh téarma/na bliana, beidh sé de cheart ag an Oifigeach Gaeilge agus ag Coiste naGaeilge ballraíocht an mhic léinn sa Scéim a thabhairt chun críche nó gan an deontas nó cuid den deontas a íoc.
An Próiseas Iarratais
Márta/Aibreán
Oscaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh.
Aibreán/Bealtaine
Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta.
Tar éis na n-agallamh, roghnaítear dháréag mac léinn do Scéim an Champais agus seisear mac léinn do Scéim na Dara Bliana (Halla na Tríonóide) - 18 mac léinn in iomlán. Déanann an tOifigeach Gaeilge teagmháil le mic léinn chun iad a chur ar an eolas maidir le spás a bheith nó gan a bheith faighte acu ar an Scéim Cónaithe.
Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:
@GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD / @GaeloifigTCD
|