Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéimeanna Cónaithe Choláiste na Tríonóide

Cuireann Coláiste na Tríonóide Scéim Cónaithe Gaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime. Tá sé mar aidhm leis an Scéim deis a thabhairt do mhic léinn maireachtáil i mion-Ghaeltacht i gcóiríocht na hollscoile. Bíonn cónaí ar na mic léinn le chéile agus bíonn an Ghaeilge mar theanga laethúil sna hárasáin. Tacaíonn baill na Scéime Cónaithe le gníomhaíochtaí Gaeilge san ollscoil agus cuireann siad an teanga chun cinn i measc an phobail ollscoile. Ní gá a bheith ag déanamh staidéir chun a bheith páirteach sa Scéim Cónaithe.

Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe i gColáiste na Tríonóide:

  1. Cóiríocht ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide do mhic léinn sa dara, tríú agus ceathrú blianin
  2. Cóiríocht i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 do mhic léinn sa chéad bhliain amháin

1. Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime, lánaimseartha atá sa dara, tríú agus ceathrú bliain. Tá lóistín na Scéime Cónaithe lonnaithe ar champas na hollscoile i lár na cathrach, agus i Halla na Tríonóide i mBaile Átha Cliath 6. Tá 18 spás in iomlán ar fáil; 12 spás ar an gcampas agus 6 spás i Halla na Tríonóide.

Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair do Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana don bhliain acadúil 2026-27. Tá tuilleadh eolais ag an nasc seo. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná Dé Máirt, 5 Bealtaine 2026.

2. Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide/Na Chéad Bhliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime a bheidh sa chéad bhliana i mí Mheán Fómhair 2025. Tá an lóistín lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6. Tá 12 spás ar fáil.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana ag an nasc seo. Tá an próiseas iarratais dúnta don bhliain acadúil 2025-26. Osclófar arís é i mí Aibreáin/na Bealtaine 2026.


Nuashonraithe 13 4 2026 ag .