Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana i Halla na Tríonóide

Tá próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na Céad Bhliana dúnta anois don bhliain acadúil 2023-24. Osclófar arís é i mí Aibreáin/na Bealtaine 2024 agus beidh foirm iarratais ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaithe thíos.

Is do mhic léinn céad bhliana an Scéim seo. Cuirtear dhá spás déag ar fáil in árasáin Ghaeilge i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 mar aon le deontas €1,000 do gach mac léinn a ghlacann páirt sa Scéim.

Bíonn an Scéim Cónaithe oscailte do mhic léinn ó mhórthimpeall na hÉireann agus thar lear atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil fonn orthu í a labhairt go laethúil. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu laistigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Eolas ginearálta

Is iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim Cónaithe i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile trí chóiríocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn le Gaeilge a chomhlíonann na critéir thíos.

Is mic léinn céad bhliana a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil a bhíonn á lorg don Scéim Cónaithe. Bítear ag súil chomh maith go bhfreastalófaí ar imeachtaí Gaeilge agus go gcomhlíonfaí na coinníollacha thíos mar chuid den Scéim. Bíonn dualgas ar an mac léinn féin costais na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 thar bliain acadúil iomlán ar fáil mar chúnamh chun na costais seo a chlúdach.

Íoctar an chéad leath den deontas (€500) i ndiaidh na Nollag agus an leath eile (€500) ag deireadh na bliana acadúla. Sa chás nach mbeadh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac léinn, tá sé de cheart ag Oifig na Gaeilge a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.

Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh d'iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith leat maireachtáil i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leat áit a bhaint amach ar an Scéim Cónaithe, beidh deis agat go fóill spás a fháil i gcóiríocht na hollscoile. Is féidir iarratas a dhéanamh ag an nasc seo agus nóta a chur le d'iarratas le rá gur mian leat a bheith lonnaithe san fhoirgneamh ina mbeidh mic léinn na Scéime Cónaithe ("close to An Scéim Cónaithe apartments"). Ní gá iarratas a bheith déanta ar chóiríocht i Halla na Tríonóide chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim.

An Chóiríocht

  • Cuirtear 12 spás ar fáil ar an Scéim.
  • Dhá árasán a bhíonn i gceist agus bíonn seisear mac léinn i ngach árasán.
  • Beidh seomra codlata agus seomra folctha dá gcuid féin ag gach mac léinn. Roinneann siad an chistin/seomra suite leis an gcúigear mac léinn eile.
  • Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar Halla na Tríonóide

An gcomhlíonann tú na critéir thíos?

  • Beidh tú i do mhac léinn fochéime, lánaimseartha sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide i mí Mheán Fómhair 2024.
  • Ba mhaith leat cóiríocht a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile.
  • Tá Gaeilge agat agus teastaíonn uait í a labhairt i do shaol laethúil.
  • Níl cónaí ort i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Na coinníollacha a bhaineann leis an Scéim:

  • An Ghaeilge a bheith mar theanga chumarsáide laethúil san árasán.
  • Freastal ar chruinnithe a ghlaonn Oifigeach na Gaeilge i rith na bliana acadúla.
  • Páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge san ollscoil, agus an teanga agus cultúr Gaelach a chur chun cinn i Halla na Tríonóide agus san ollscoil.
  • Ciorcal comhrá seachtainiúil a reáchtáil mar ghrúpa.
  • Tionscadal amháin ar a laghad a chur i gcrích mar ghrúpa sa dá théarma teagaisc chun an Ghaeilge a chur chun cinn e.g. imeacht a reáchtáil nó feasacht feasachta a eagrú.
  • Tuairisc a ullmhú agus cur i láthair a dhéanamh (mar ghrúpa) don Oifigeach Gaeilge agus do Choiste na Gaeilge ag deireadh gach téarma teagaisc maidir leis na tionscadail a cuireadh i gcrích.
  • Irisleabhar a scríobh mar ghrúpa ag deireadh na bliana acadúla mar thaifead ar ghníomhaíochtaí na Scéime Cónaithe.
  • Tacú le hobair Oifig na Gaeilge e.g. freastal ar imeachtaí, cúnamh a thabhairt le heagrúchán, srl.
  • Tá costais iomlána na cóiríochta i Halla na Tríonóide le híoc ag an mac léinn. Íocann Oifig na Gaeilge deontas €1,000 don bhliain acadúil.
  • Foirm a shíniú ag tús na bliana acadúla ag dearbhú go nglacann tú le coinníollacha na Scéime.
  • Cloí leis na rialacha atá leagtha amach ag an Oifig Cóiríochta do mhic léinn i gcóiríocht na hollscoile.
  • Na rialacha agus na srianta a d'fhéadfadh a bheith leagtha síos ag an ollscoil agus ag an rialtas maidir leis an gcoróinvíreas COVID-19 a leanúint i gcónaí. Ní mór a bheith aireach go bhféadfadh athrú teacht orthu sin i rith na bliana acadúla agus go gcaithfear cloí leo.
  • Sa chás go meastar nach bhfuil coinníollacha na Scéime á gcomhlíonadh nó nach bhfuil coinníollacha na Scéime comhlíonta ag mac léinn uair ar bith sa bhliain acadúil, tá sé de cheart ag an Oifigeach Gaeilge agus ag Coiste na Gaeilge ballraíocht an mhic léinn sa Scéim a thabhairt chun críche nó gan an deontas, nó gan cuid den deontas a íoc.

An Próiseas Iarratais

 

Aibreán/Bealtaine

Osclaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh.

Meitheamh/Iúil

Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta. Tar éis na n-agallamh, roghnaítear dháréag mac léinn do Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide.

Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:

File:Instagram logo 2016.svg - Wikimedia Commons@GaeloifigTCD / Who Made That Twitter Bird? - The New York Times @GaeloifigTCD / Facebook logo and symbol, meaning, history, PNG @GaeloifigTCD


Nuashonraithe 5 8 2023 ag .