Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Seirbhísí Gaeilge

Brúigh na naisc seo thíos chun eolas a fháil faoi na seirbhísí Gaeilge atá ann i gColáiste na Tríonóide.

Seirbhís Aistriúcháin

Scéim Cónaithe

Seomra na Gaeilge

Ranganna Gaeilge

Gradaim na Gaeilge

Modúil le Gaeilge

Seirbhísí Leabharlainne

An Oifig Cóiríochta

An Chlárlann Acadúil

Oifig na bhFiosrúchán

Ciorcal Comhrá

Bailiúcháin Ealaíne
Baill Foirne Nua

Oide Pearsanta

Ainm Cláraithe a Athrú

Cúrsaí Cumarsáide

Gnó trí Ghaeilge

People Finder

Seomra a chur in áirithe Foilseacháin Bronnadh Céime
Foirmeacha Seirbhís Poist

abair.ie

Cainteanna & Turais

Comhairle Ghinearálta

Leathanaigh ghréasáin

Aistriúchán

Cuireann an tOifigeach Gaeilge seirbhís aistriúcháin saor in aisce ar fáil d'fhoireann Choláiste na Tríonóide. Is féidir iarratas ar aistriúchán a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh go gaeloifig@tcd.ie agus an téacs atá le haistriú a chur faoi iamh. Moltar an téacs a chur ar fáil i gcáipéis Microsoft Word nó Excel más féidir.

Modúil le Gaeilge

Cuireann an Lárionad Léinn Teanga agus Cumarsáide modúil éagsúla teanga ar fáil tá an Ghaeilge ar cheann acu. Tá tuilleadh eolais anseo.

Cuireann Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha modúil ar fáil ar an tsean-Ghaeilge, ar an Nua-Ghaeilge ar Ghaeilge na hAlban, agus ar chultúr agus litríocht na hÉireann (trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge). Tá tuilleadh eolais anseo.

Seirbhísí Leabharlainne

  • Is féidir do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge ag an phríomhdheasc iasachta i Leabharlann Berkeley idir 9am-3.30pm ó Luan go hAoine.
  • Tá comhéadan cuardaigh chatalóg na Leabharlainne, an tseirbhís Fastlane agus bileog treorach don Leabharlann ar fáil i nGaeilge.
  • Is féidir ticéad léitheora ar cuairt trí Ghaeilge a iarraidh.
  • Is féidir turas trí Ghaeilge a fháil ar an Leabharlann (i Seachtain na bhFreisear) agus ar Leabhar Ceanannais (ach é seo a shocrú roimh réidh trí theagmháil a dhéanamh le adiffley@tcd.ie).

Tá tuilleadh eolais ar shuíomh Gaeilge na Leabharlainne.

An Oifig Cóiríochta

Tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ón Oifig Cóiríochta ach é a iarraidh. Tá ball foirne lonnaithe i Halla na Tríonóide ar féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leo san oifig, ar an bhfón nó trí ríomhphost. Is féidir an tseirbhís seo a lorg ón oifig ar an gcampas chomh maith. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má bhíonn ceist agat faoin tseirbhís seo.

An Chlárlann Acadúil

Tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ón gClárlann Acadúil ach é a iarraidh. Is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge san oifig, ar an bhfón nó trí ríomhphost. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má bhíonn ceist agat faoin tseirbhís seo.

Oifig na bhFiosrúchán

Tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ó Oifig na bhFiosrúchán ach é a iarraidh. Is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge san oifig, ar an bhfón nó trí ríomhphost. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má bhíonn ceist agat faoin tseirbhís seo.

Barr an leathanaigh

 

Ciorcal Comhrá

Bíonn ciorcal comhrá seachtainiúil i mbialann na Butraí (The Buttery) gach Céadaoin ag 10.30am agus cuirtear fáilte roimh chainteoirí Gaeilge agus fhoghlaimeoirí ó phobal an Choláiste (mic léinn, baill foirne agus céimithe), chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Bímid suite laistigh den phríomhdhoras ag na boird admhaid ar thaobh na láimhe deise. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má bhíonn aon cheist agat. Fáilte roimh chách!

*COVID-19*

Reáchtáltar an ciorcal comhrá ar líne ar bhonn seachtainiúil faoi láthair. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais nó más mian leat a bheith páirteach ann.

Bailiúcháin Ealaíne

Tá eolas éagsúil maidir le bailiúcháin ealaíne Choláiste na Tríonóide ar fáil as Gaeilge ag an nasc seo.

Is féidir turas idirghníomhach trí Ghaeilge a thabhairt ar ealaín an champais ag baint úsáide as d'fhón cliste. Turas féintreoraithe atá i gceist - níl uait ach d'fhón! Tá tuilleadh eolais anseo.

Cuireann an tOifigeach Gaeilge, i gcomhar le Coimeádaí na mBailiúchán Ealaíne, turais treoraithe ar roinnt den ealaín ar an gcampas ar fáil dhá uair sa bhliain de ghnáth - i rith Éigse na Tríonóide agus Sheachtain na Gaeilge. Bíonn fáilte roimh phobal na hollscoile agus an pobal i gcoitinne ag na himeachtaí seo.

Cúrsaí Cumarsáide

Urlabhraithe

Tá liosta de na hurlabhraithe le Gaeilge san ollscoile le fáil anseo.

Preasráitis

Foilsítear suas le 20 preasráiteas de chuid Choláiste na Tríonóide i nGaeilge agus i mBéarla gach bliain. Tá na preas-ráitis agus scéalta nuachta Gaeilge ar fáil anseo.

Meáin shóisialta

Bíonn eolas chun dáta ar nuacht agus imeachtaí Oifig na Gaeilge le fáil go rialta ar a cainéil ar na meáin shóisialta. Is féidir an Oifig a leanúint trí @GaeloifigTCD a chuardach ar Twitter, Facebook agus Instagram.

Is féidir eolas ar nuacht agus imeachtaí ón gCumann Gaelach a fháil chomh maith ar Twitter (@CumannGaelach) agus ar Facebook agus Instagram (@CumannGaelachTCD).

Barr an leathanaigh

 

Baill Foirne Nua

Cuirtear eolas maidir leis an nGaeilge san ollscoil ar fáil bhaill foirne nua ag seisiúin ionduchtúcháin de chuid Roinn na nAcmhainní Daonna. Cuirtear eolas ar fáil chomh maith sa bhileog eolais a chuireann siad ar fáil.

Oide Pearsanta

Tá Seirbhís an Oide Shinsearaigh in ann oide pearsanta le Gaeilge a chur ar fáil do mhic léinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís an Oide Shinsearaigh chun oide le Gaeilge a iarraidh duit féin.

Ainm Cláraithe a Athrú

Ní bhíonn sínte fada ar ainmneacha mac léinn i gcónaí nuair a chláraítear iad i gcóras na hollscoile den chéad uair. Is féidir leis an gClárlann Acadúil do shonraí a athrú sa chóras tar éis cláraithe ach fianaise oifigiúil (e.g. pas nó ceadúnas tiomána) a bheith agat a léiríonn go n-úsáideann tú an t-ainm sin de ghnáth. Is féidir sínte fada a chur san áireamh ar an gcárta mac léinn.

Moltar do mhic léinn fiosruithe a dhéanamh faoi seo i bhfad roimh bhronnadh na céime - is ionann an t-ainm atá cláraithe ar my.tcd.ie agus an t-ainm a bheidh ar an teastas céime. Tabhair faoi deara freisin, le do thoil, go gcruthaítear deacrachtaí do chéimithe uaireanta ainmneacha difriúla a bheith ar an teastas céime agus ar a bpas.

Tá tuilleadh eolais maidir le sonraí pearsanta cláraithe a athrú le fáil sa cháipéis seo agus ar shuíomh gréasáin na Clárlainne Acadúla.

Gnó trí Ghaeilge

Brúigh anseo le haghaidh liosta de bhaill foirne ata sásta gnó a dhéanamh leat trí Ghaeilge. Cuir ríomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie, le do thoil, má tá tú ag iarraidh a bheith ar an liosta seo.

Más ball foirne thú, is féidir leat a léiriú go bhfuil tú sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar 3 bhealach eile:

  1. Nóta a chur le do shíniú ríomphoist, ag rá "Fáilte romhat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge liom".
  2. Suaitheantas a fháil ar do phróifíl ar People Finder.
  3. Comharthaí fisiciúla (samplaí sa phictiúr) a lorg ó gaeloifig@tcd.ie le cur i d'oifig.

samplai de na comharthai ata ar fail

Barr an leathanaigh

 

People Finder

Is féidir eolaire foirne Choláiste na Tríonóide, People Finder, a úsáid as Gaeilge. Téigh go peoplefinder.tcd.ie agus brúigh ar an siombail do na socruithe ar thaobh na láimhe deise (in aice le "PeopleFinder Help?) chun an rogha teanga a athrú go Gaeilge.

Chomh maith leis sin, más ball foirne thú, is féidir leat suaitheantas "Tá Gaeilge agam" nó "Tá cúpla focal agam" a chur ar do phróifíl - ní gá ach d'ainm úsáideora agus do rogha suaitheantais a sheoladh go gaeloifig@tcd.ie.

Seomra a chur in áirithe

Is féidir iarratas a dhéanamh trí Ghaeilge ar sheomra a chur in áirithe ar an gcampas tríd an bhfoirm seo ón Oifig Fiosrúcháin a líonadh.

Foilseacháin Ghaeilge/dhátheangacha

Bronnadh Céime

Osclaítear searmanais chéimithe Choláiste na Tríonóide, a reáchtáiltear trí Laidin, le beannú as Gaeilge.

Is féidir leaganacha Gaeilge de Leabhrán na dTionscnamh agus d'Óráid an Chláraitheora a fháil ag searmanais chéimithe, ach iad a iarraidh ó na cuntóirí ar dualgas sa halla.

mic leinn ag suil isteach sa halla scruduithe don bhronnadh ceime

Foirmeacha

Tá na foirmeacha thíos ar fáil i nGaeilge:

Seirbhís Poist

Tá seirbhís poist Choláiste na Tríonóide in ann glacadh le seoltaí Gaeilge. Tá bunachar seoltaí Gaeilge sa Choláiste ar fáil anseo.

abair.ie

Tionscadal taighde ollscoile is ea abair.ie chun sintéis téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt. Tá an tionscadal á stiúradh ag an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide agus an Dr Neasa Ní Chiaráin den tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra atá mar chuid de Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide.

Comhairle Ghinearálta

Má tá ceist agat faoi chúrsaí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide nó i gcoitinne (e.g. Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Rialacháin, seirbhísí Gaeilge san ollscoil, srl.) tá an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an tOifigeach Gaeilge ag gaeloifig@tcd.ie.

Cainteanna & Turais

Tá an tOifigeach Gaeilge ar fáil chun labhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi na háiseanna Gaeilge atá ar fáil i gColáiste na Tríonóide. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le do thoil.

Leathanaigh Ghréasáin i nGaeilge ar shuíomhanna na hollscoil

Tá mion-suíomh i nGaeilge ar a lán de na suíomhanna gréasáin a bhaineann leis an ollscoil agus táthar ag obair chun leathanaigh Ghaeilge a chruthú dóibh go léir. Tá cnaipe "Gaeilge" le feiceáil ar barr an leathanaigh bhaile (ar thaobh na láimhe deise) de na suíomhanna seo agus is féidir an cnaipe "Gaeilge" a bhrú chun teacht ar an eolas Gaeilge atá ar fáil ar an suíomh.

Barr an leathanaigh


Nuashonraithe 25 4 2023 ag .