Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Ranganna Gaeilge i gColáiste na Tríonóide

Tá ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Oifig na Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr don bhliain acadúil 2026-27. Is do bhaill foirne agus do mhic léinn Choláiste na Tríonóide na ranganna seo.

Dátaí

Cuirfear tús le ranganna Théarma na Féile Míchíl Dé Luain an 5 Deireadh Fómhair 2026 agus leanfaidh siad ar feadh 6 seachtaine, ag críochnú an tseachtain dar tús 16 Samhain 2026. Ní bheidh aon rang ar siúl le linn na seachtaine staidéir ón 26-30 Deireadh Fomhair.

Beidh rang amháin sa tseachtain ag gach foghlaimeoir agus mairfidh gach rang thart ar 50 nóiméad, ó 12.00-12.50pm nó ó 1.00-1.50pm.

Foghaimeoirí

Beidh na ranganna á gcur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne Choláiste na Tríonóide agus beidh siad saor in aisce.

Leibhéil

Cuirfear ceithre leibhéal éagsúil ar fáil, ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal (A1, A2, B1, B2).

Moltar do bhaill foirne agus do mhic léinn triail ghearr a dhéanamh ar líne chun an leibhéal is oiriúnaí dóibh a ríomh. Is féidir tabhairt faoin triail ag an nasc seo agus tá cur síos ar na leibhéil agus ar na scóir le fáil anseo. Más glantosaitheoir thú nár fhoghlaim an Ghaeilge riamh cheana, ní gá triail a dhéanamh.

Má d'fhoghlaim tú Gaeilge ar scoil nó má tá cúrsaí Gaeilge déanta agat cheana, níor cheart clárú do Bhunrang 1 (A1).

Beidh ábhar na gcúrsaí ag teacht le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), scrúduithe agus cáilíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn ar mhaith leo scrúdú TEG a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Cur Chuige Teagaisc

Ranganna teanga a bhíonn i gceist agus ní bhronntar teastas ag deireadh na gcúrsaí.

Bainfear úsáid as cur chuige cumarsáideach sna ranganna ina gcuirfear béim ar an teanga labhartha agus ar chomhrá. Múinfear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil. Beidh teorainn leis an méid léitheoireachta agus scríbhneoireachta a dhéanfar.

Amchlár

Tá amchlár an téarma seo le fáil anseo. Tá na dátaí, amanna agus seomraí ranga do gach leibhéal luaite sa cháipéis. Ní mór cúrsa amháin a roghnú bunaithe ar an leibhéal ranga is oiriúnaí duitse, agus an lá agus an t-am is fearr a oireann duit. Beidh rang amháin in aghaidh na seachtaine (c. 50 nóiméad) ag gach foghlaimeoir cláraithe ar feadh 6 seachtaine.

Clárúchán

Ní mór an t-amchlár thuas a léamh go cúramach agus ansin cúrsa amháin a roghnú bunaithe ar an leibhéal cuí agus ar an lá agus am is fearr a oireann duit. Beidh rang amháin in aghaidh na seachtaine (c. 50 nóiméad) ag gach foghlaimeoir ar feadh 6 seachtaine.

Beifear in ann clárú do na cúrsaí bunleibhéil A1 & A2 ó 2.00pm Déardaoin an 17 Meán Fómhair ag an nasc atá curtha ar fáil i ríomhphost ó Oifig na Gaeilge chuig pobal na hollscoile. Beifear in ann clárú do na cúrsaí meánleibhéil B1 & B2 ó 9.00am Dé hAoine 18 Meán Fómhair ag an nasc atá curtha ar fáil i ríomhphost ó Oifig na Gaeilge chuig pobal na hollscoile.

Ná cláraigh do níos mó ná cúrsa amháin le do thoil. Mura n-éiríonn leat áit a fháil i rang, is féidir clárú don liosta feithimh. Ní ghlacfar le léirithe spéise a dhéantar tríd an suíomh gréasáin roimh na hamanna agus dátaí thuasluaite.

Tar éis clárú duit, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch ó Ghaelchultúr ag deimhniú do chlárúcháin. Seiceáil an dramhphost, le do thoil, mar d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an ríomhphost clárúcháin anseo.

Tabhair faoi deara, le do thoil, agus an fhoirm iarratais ar líne líonta agat, go mbeidh tú cláraithe mar fhoghlaimeoir le Gaelchultúr agus go gcruthófar cuntas ar líne duit ina mbeidh tú in ann an cúrsa a bhfuil tú cláraithe dó a fheiceáil. Ní bhainfear úsáid as na sonraí a sholáthraítear ach amháin chun an próiseas clárúcháin do ranganna Choláiste na Tríonóide a éascú.

NB! Más rud é gur chláraigh do rang Gaeilge le Coláiste na Tríonóide/Gaelchultúr roimhe seo, ní mór logáil isteach i do chuntas le do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal ar dtús, agus ansin an fhoirm chlárúcháin a líonadh. Moltar duit iarracht a dhéanamh logáil isteach i do chuntas ar shuíomh gréasán Ghaelchultúir roimh Dhéardaoin an 17 Meán Fómhair le cinntiú go mbeidh tú in ann teacht air go héasca nuair a osclófar an clárúchán.

Deiseanna Labhartha

Tá go leor deiseanna ann do chuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga i gColáiste na Tríonóide agus i mBaile Átha Cliath:

  • Bíonn ciorcal comhrá i mBialann na Butraí (Buttery Restaurant) ar an gcampas gach Céadaoin i rith na bliana ó 10.30am-12.00pm. Cuirtear fáilte roimh mhic léinn, baill foirne agus pobal i gcoitinne. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má tá suim agat teacht chuig an gciorcal comhrá nó buail isteach chugainn sa Bhutrach.
  • Bíonn lón foirne ar siúl ó 1-2pm i seomra 3104, i bhFoirgneamh na nEalaíon gach Céadaoin le linn na dtéarmaí teagaisc. Seol ríomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie le fógra seachtainiúil a fháil faoi seo.
  • Beidh Éigse na Tríonóide, féile Ghaelach bhliantúil Choláiste na Tríonóide, ar siúl ón 8-12 Feabhra 2027. Beidh tuilleadh eolais le fáil ar mheáin shóisialta Oifig na Gaeilge atá luaite thíos.
  • Eagraíonn Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí imeachtaí sóisialta do dhaoine atá ag obair san earnáil phoiblí agus atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh lasmuigh den obair. Cuirtear deiseanna ar fáil leis bualadh le foghlaimeoirí eile i suíomh réchúiseach. Is féidir clárú le haghaidh nuachta ar a gcuid imeachtaí ag an nasc seo.
  • Bíonn seirbhís i nGaeilge ar fáil sa Leabharlann ó 9.00am-3.30pm ó Luan go hAoine.
  • Bíonn imeachtaí seachtainiúla ar siúl ag an gCumann Gaelach i gcaitheamh na bliana acadúla. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid gníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta @CumannGaelachTCD.
  • Tá Oifigeach Gaeilge lánaimseartha in Aontas na Mac Léinn agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina cuid oibre agus na himeachtaí a bhíonn á reáchtáil ag AML ar na meáin shóisialta @Gaeilge.AMLCT
  • Bíonn imeachtaí á n-eagrú rialta ag mic léinn na Scéime Cónaithe i rith na bliana acadúla. Is féidir tuilleadh eolais faoina gcuid imeachtaí a fháil ar na meáin shóisialta @sceimtcd.

Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:

File:Instagram logo 2016.svg - Wikimedia Commons@GaeloifigTCD / Who Made That Twitter Bird? - The New York Times @GaeloifigTCD / Facebook logo and symbol, meaning, history, PNG @GaeloifigTCD


Nuashonraithe 10 9 2026 ag .