Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Scéimeanna Cónaithe Choláiste na Tríonóide

Cuireann Coláiste na Tríonóide Scéim Cónaithe Gaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime ón gcéad bhliain go dtí an ceathrú bliain. Tá sé mar aidhm leis an Scéim deis a thabhairt do mhic léinn maireachtáil i mion-Ghaeltacht i gcóiríocht na hollscoile. Bíonn cónaí ar na mic léinn le chéile agus bíonn an Ghaeilge mar theanga laethúil sna hárasáin. Tacaíonn baill na Scéime Cónaithe le gníomhaíochtaí Gaeilge san ollscoil agus cuireann siad an teanga chun cinn i measc an phobail mac léinn.

Tá dhá chuid leis an Scéim Cónaithe i gColáiste na Tríonóide:

  1. Cóiríocht ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide do mhic léinn sa dara, tríú agus ceathrú blianin
  2. Cóiríocht i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6 do mhic léinn sa chéad bhliain amháin

1. Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime atá sa dara, tríú agus ceathrú bliain. Tá lóistín na Scéime lonnaithe ar champas na hollscoile i lár na cathrach, agus i Halla na Tríonóide i mBaile Átha Cliath 6. Tá 18 spás in iomlán ar fáil; 12 spás ar an gcampas agus 6 spás i Halla na Tríonóide.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana ag an nasc seo. Tá an próiseas iarratais dúnta don bhliain acadúil 2025-26. Osclófar arís é i mí an Mhárta/Aibreáin 2026.

2. Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide/Na Chéad Bhliana

Tá an Scéim Cónaithe seo dírithe ar mhic léinn fochéime a bheidh sa chéad bhliana i mí Mheán Fómhair 2025. Tá an lóistín lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6. Tá 12 spás ar fáil.

Tá an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na Chéad Bhliana 2025-26 oscailte agus tá tuilleadh eolais ag an nasc seo. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh Dé Máirt, 3 Meitheamh 2025.


Nuashonraithe 14 5 2025 ag .