Scéim Cónaithe an Champais/na Dara Bliana
Tá an próiseas iarratais do Scéim an Champais agus na Dara Bliana 2026-27 dúnta. Osclófar arís é i mí an Mhárta/Aibreáin 2027 agus beidh an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo. Baineann an Scéim Cónaithe seo le mic léinn reatha i gColáiste na Tríonóide. Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Cónaithe thíos. Baineann dhá chuid leis an Scéim Cónaithe seo: a) Scéim Cónaithe an Champais: do mhic léinn fochéime sa dara, tríú agus ceathrú bliain (12 spás). b) Scéim Cónaithe na Dara Bliana i Halla na Tríonóide: do mhic léinn fochéime sa dara bliain amháin (6 spás). Eolas Ginearálta faoin Scéim CónaitheIs iad Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge a riarann an Scéim i gcomhar le Cláraitheoir na Seomraí d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile. Leis seo, cuirtear lóistín lán-Ghaeilge ar fáil do mhéid áirithe mac léinn a ghlacann le agus a chomhlíonann coinníollacha na Scéime. Bítear ag lorg mic léinn a bhfuil Gaeilge líofa acu, atá sásta í a labhairt san árasán ar bhonn laethúil agus a thacóidh le himeachtaí Gaeilge. Ní mór do gach mac léinn táillí iomlána na cóiríochta a íoc ach cuirtear deontas €1,000 an duine ar fáil ar chomhlíonadh choinníollacha na Scéime. Íoctar leath den deontas i ndiaidh Théarma na Féile Michíl agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla. Ní mór iarratas ar leithligh a dhéanamh, lasmuigh den iarratas ar an Scéim Cónaithe, leis an Oifig Cóiríochta dá mba mhaith le mac léinn maireachtáil ar an gcampas nó i Halla na Tríonóide. Sa chaoi sin mura n-éiríonn leo áit a fháil ar an Scéim, beidh deis acu go fóill spás a fháil i lóistín na hollscoile. Tá tuilleadh eolais ar chóiríocht Choláiste na Tríonóide le fáil ag an nasc seo. Is féidir spás a thairiscint don dara huair ar líon teoranta mac léinn a bhí ar an Scéim cheana ach ní féidir áit a bhaint amach ar an Scéim níos mó ná dhá uair. An Chóiríochta) Bá na Luibheolaíochta ar champas Choláiste na Tríonóide
b) Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6
An Próiseas IarrataisMárta/Aibreán Osclaítear an próiseas iarratas agus tugtar cuireadh do mhic léinn foirm iarratais a líonadh. Aibreán/Bealtaine Déantar gearrliostú ar na hiarratais agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann amach áit ar an ngearrliosta. Tar éis na n-agallamh, roghnaítear dháréag mac léinn do Scéim an Champais agus seisear mac léinn do Scéim na Dara Bliana (18 mac léinn in iomlán) agus ofrálfar spás i lóistín Choláiste na Tríonóide do na mic léinn sin. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie má bhíonn aon cheist agat. Lean Oifig Gaeilge Choláiste na Tríonóide ar na meáin shóisialta:
|