Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Ceathrú Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide

AIGHNEACHTAÍ Á LORG
ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003
DRÉACHTSCÉIM Á hULLMHÚ
AG COLÁISTE NA TRÍONÓIDE, BAILE ÁTHA CLIATH

Tá sé i gceist ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ceathrú scéim teanga a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach).

Tá an chéad, dara agus tríú Scéim Teanga de chuid na hOllscoile le fáil anseo. Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig gaeloifig@tcd.ie faoi 5.00pm Dé hAoine, an 11 Nollaig 2020, nó tríd an bpost chuig:

Oifig na Gaeilge
Oifig an Rúnaí
An Téatar Thoir
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2.

Is féidir go mbeidh fáil go poiblí ar aighneachtaí ag www.tcd.ie/gaeloifig.

Tá leagan Béarla den eolas seo ar fáil anseo.
The information on this page is available in English here.

Tugtar cuireadh do mhic léinn agus do bhaill foirne Choláiste na Tríonóide an suirbhé a scaipeadh ar phobal na hollscoile trí ríomhphost a líonadh faoi 5pm ar an gCéadaoin, an 23 Nollaig 2020.


Nuashonraithe 18 5 2021 ag .