Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Fáilte an Phropaist

A chairde,

Tá cur chun cinn na Gaeilge mar chuid lárnach de shaol Choláiste na Tríonóide, agus aithnítear é seo mar is cuí i bPlean Straitéiseach na hOllscoile, sa Pholasaí Gaeilge agus sna Scéimeanna Teanga leantacha.

Cuireann Roinn na Gaeilge anseo go mór le léann agus tuiscint ar oidhreacht shaibhir na teanga. Tá obair iontach ar bun chomh maith ag an Lárionad Léinn Teanga agus Cumarsáide (CLCS), go háirithe i bhforbairt abair.ie, an sintéiseoir ceannródaíoch teanga i gcanúintí éagsúla na Gaeilge.

Tá Oifig na Gaeilge, mar aon le Coiste na Gaeilge, lárnach agus iad ag tacú le go leor gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais agus sóisialta i rith na bliana, agus cinntíonn siad go bhfuil Coláiste na Tríonóide chun tosaigh le comhfhiontair chruthaitheacha a fhorbairt; go inmheánach le ranna agus oifigí sa Choláiste, agus go seachtrach le heagrais chathartha agus chultúrtha.

Tugadh cumann na mac léinn, an Cumann Gaelach, an-ghníomach agus bríomhar agus tá gradam Ghlór na nGael don chumann Gaelach mac léinn is fearr sa tír bainte amach acu ocht n-uaire ón mbliain 2012 mar aon le gradaim eile.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil áis iontach i lár an champais, Seomra na Gaeilge; spás tiomanta do labhairt na Gaeilge do phobal na hollscoile. Rinneadh ceiliúradh speisialta le déanaí ar 10 mbliana ó osclaíodh an seomra sa bhliain 2012. Baineann go leor mac léinn agus ball foirne leas as an áis i gcaitheamh na bliana seo agus reáchtáltar imeachtaí cultúrtha agus sóisialta ann.

Tá rath i gcónaí ar ár Scéimeanna Cónaithe Gaeilge, agus tá ról an ambasadóra teanga bainte amach ag mic léinn na Scéimeanna. Cuireann ár ranganna Gaeilge saor in aisce bealach isteach ar ghné thábhachtach de chultúr na hÉireann ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn ó thíortha éagsúla.

Táimid i gColáiste na Tríonóide an-bhródúil as an méid atá déanta thar na céadta bliain anseo chun leasa na Gaeilge. I measc na ndaoine cáiliúla san Ollscoil a rinne gaisce don teanga tá William Bedell, (a bhí freagrach as an chéad aistriúchán go Gaeilge ar an Sean-Tiomna), Dubhghlas de hÍde (bunaitheoir Chonradh na Gaeilge) agus Máirtín Ó Cadhain (a bhí ina Ollamh tráth i Scoil na Gaeilge).

Molaim duit leas a bhaint as na deiseanna agus na seirbhísí éagsúla Gaeilge atá sa Choláiste, agus taitneamh a bhaint astu.

Le gach dea-ghuí,
Linda Doyle
Propast


Nuashonraithe 5 5 2023 ag .