Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Lárionad Léann na mBodhar

Stiúrthóir: An Dr. John Bosco Conama

Comhordaitheoir an Bhaitsiléara i Léann na mBodhar: Carmel Grehan

Lárionad Léann na mBodhar (CDS)

Dia dhuit, is mise John Bosco Conama agus seo é m’ainm comharthaíochta. Is mise stiúrthóir Lárionad Léann na mBodhar (CDS). Tá an CDS lonnaithe anseo i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Tá Coláiste na Tríonóide ar cheann de na 50 ollscoil is fearr ar domhan agus is é an t-aon choláiste in Éirinn a thairgeann céim bhaitsiléara i Léann na mBodhar. Tá an cúrsa creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus tá sé ceangailte leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a chlúdaíonn cáilíochtaí leibhéal a haon go dtí leibhéal a deich. Maireann an cúrsa Léann na mBodhar 4 bliana agus is cáilíocht ag leibhéal 8 é. Is ionann sin agus céim onóracha. Féadfaidh mic léinn a bhfuil céim onóracha acu dul ar aghaidh chuig clár máistreachta, clár ag leibhéal 9 nó PhD, nó clár ag leibhéal 10. Bíonn rogha ag mic léinn staidéar a dhéanamh i réimsí éagsúla mar oideachas, teangeolaíocht, síceolaíocht agus léann cultúir. Tá gach ceann díobh ceangailte leis an réimse Léann na mBodhar.

Is mar seo a leanas aidhmeanna an CDS:

  • Cur leis an líon cáilithe ateangairí Teanga Comharthaíochta na hÉireann(ISL)/Béarla. Bhí líon an-íseal ateangairí cáilithe in Éirinn sular bunaíodh Lárionad Léann na mBodhar. Cuireann an cúrsa seo oiliúint ghairmiúil ar fáil d’ateangairí, rud a chinntíonn go mbeidh na bodhair rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí.
  • An caighdeáin is airde a leagan amach ó thaobh múineadh ISL.
  • Oiliúint a chur ar fáil i réimse Léann na mBodhar.

Ní ionad múinteoireachta amháin é an Lárionad CDS, bíonn sé i mbun taighde freisin. Tá taighde déanta againn don NCSE, an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, maidir le hoideachas na mBodhar in Éirinn. Tá obair déanta againn freisin leis an Paul Partnership chun na seirbhísí ateangaireachta atá ar fáil do na Bodhair i réigiún an iarthair láir a scrúdú. Níos tábhachtaí fós, cuirtear maoiniú ón Rialtas ar fáil don Údarás um Ard-Oideachas le haghaidh taighde.