The Cambridge History of Ireland – suirbhé cinniúnach ar stair na hÉireann

Posted on: 08 May 2018

Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, The Cambridge History of  Ireland ina bhfuil ceithre imleabhar agus a chlúdaíonn 1500 bliain de stair na hÉireann, ón mbliain 600 go dtí an lá atá inniu ann. Thug sé óráid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfoilseachán stairiúil agus ina theannta bhí eagarthóirí na n-imleabhar, na hOllúna Thomas Bartlett, Brendan Smith, Jane Ohlmeyer agus James Kelly. Cambridge University Press a rinne óstáil ar an imeacht.

Tá níos mó ná 100 príomhstaraí ó Éire agus mórthimpeall an domhain tar éis cur le The Cambridge History of Ireland, an stair is cuimsithí agus is údarásaí a scríobhadh riamh maidir le hÉirinn. Iad fuinniúil, cuimsitheach agus inrochtana, clúdaíonn na ceithre imleabhar in Cambridge History of Ireland cúig aois déag de stair na hÉireann. Cuimsíonn an foilseachán an léann is déanaí, ag tabhairt léargais ar stair na hÉireann laistigh de chomhthéacsanna Atlantacha, Eorpacha, impiriúla agus domhanda níos leithne.

Ag labhairt dó ar thábhacht an fhoilseacháin, dúirt an tOllamh Thomas Bartlett, eagarthóir ginearálta agus eagarthóir ar an gceathrú imleabhar:

“Tá na himleabhair á bhfoilsiú le linn Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn agus le teacht na Breatimeachta. Tá an Bhreatimeacht anois mar chúlra le cuimhneacháin chonspóideacha ar leith: comóradh 20 bliain ar Chomhaontú Aoine an Chéasta; 50 bliain ar na Trioblóidí; agus 100 bliain tar éis críochdheighilt na hÉireann agus briseadh amach an chogaidh chathartha. ”

“Tugann na ceithre imleabhar léargas ar Éire i gcomhthéacsanna Briotanacha, Eorpacha agus impiriúla níos leithne agus déantar measúnú ar an éifeacht a bhí ag Éire ar an domhan agus ag an domhan ar Éire. Léirítear arís agus arís eile a mhéad tionchair agus a bhí ag tíortha eile ar Éire, agus a cumas féin dul i gcion ar an domhan mór.”

Cruthaíonn na caibidlí sna ceithre imleabhar seo dearcthaí nua ar stair pholaitiúil, mhíleata, reiligiúnach, shóisialta, chultúrtha, intleachta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hÉireann idir 600 agus 2016 agus déantar anailís ar ghníomhartha daoine agus na cúiseanna leo sin. Déantar plé ar shaincheisteanna cosúil le ceannas, teanga, féiniúlacht, imirce, foréigean, inscne, eacnamaíocht agus ocras i measc saincheisteanna eile atá chomh suntasach inniu agus a bhí sa Mheánaois.

Is gné dearfach den saothar é creat láidir na scéalaíochta polaitiúla mar aon leis an dúshlán a chuirtear faoi theorainneacha croineolaíocha traidisiúnta sa tslí is go gcruthaítear dearcthaí agus léargais nua.

Déantar scrúdú i ngach imleabhar ar fhorbairt na hÉireann laistigh de thréimhse áirithe, agus tairgtear léargas iomlán cuimsitheach ar shaol na hÉireann, lena n-áirítear taithí uathúil na tíre.

Is as Éire agus tíortha mórthimpeall an domhain do na rannpháirtithe, lena n-áirítear 39 ollscoil agus ionad taighde sa tSín, i SAM, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Iosrael.

Dúirt an tOllamh Jane Ohlmeyer, eagarthóir an dara imleabhar, mar chríoch: “Is ionann The Cambridge History of Ireland agus ‘tuiscint’ na glúine seo ar an léann le 40 bliain anuas. Is iarracht atá ann sintéis den taighde foilsithe agus neamhfhoilsithe atá déanta ó na 1970aidí ar aghaidh a chur ar fáil. Go gairid, is stair dár n-aois atá anseo; a spreagfaidh breis taighde agus machnaimh amach anseo.”

An tUachtarán in éineacht leis na eagarthóirí agus na príomhstaraí.

Nótaí do na hEagarthóirí:

Maidir le himleabhair aonair The Cambridge History of Ireland

Eagarthóir Ginearálta: Thomas Bartlett, Ollscoil Aberdeen

Imleabhar 1. 600–1550 Curtha in eagar ag Brendan Smith, Ollscoil Bristol

Cuireann an chéad imleabhar in The Cambridge History of Ireland an smaointeoireacht is déanaí maidir le phríomhghnéithe de chuid eispéireas meánaoiseach na hÉireann in iúl, agus béim leagtha ar a mhéad is a bhain forbairtí le hÉirinn amháin. Léirítear arís agus arís eile a mhéad tionchair agus a bhí ag tíortha eile ar Éire, chomh maith lena cumas féin dul i gcion ar an domhan mór. Tá cur chuige an leabhair comparáideach agus breathnaíonn sé lasmuigh d’Éire, agus meastar go raibh an tír mar chuid lárnach ach eisceachtúil d’Eoraip Chríostaí na Meánaoise.

Imleabhar 2. 1550–1730 Curtha in eagar ag Jane Ohlmeyer, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Féachann an dara imleabhar ar na blianta bunathraitheacha agus corraitheacha idir 1550 agus 1730, ag tabhairt léargas nua ar stair pholaitiúil, mhíleata, reiligiúnach, shóisialta, chultúrtha, intleachta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hÉireann sa Nua-aois Luath. Ar an gcaoi chéanna leis na himleabhair go léir sa tsraith, cruthaíonn na rannpháirtithe anseo comhthéacsanna domhanda agus comparáideacha dá gcuid plé.

Imleabhar 3. 1730–1880 Curtha in eagar ag James Kelly, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ba réanna leanúnachais chomh maith le hathraitheacha iad an t-ochtú agus naoú haois déag. Cé go ndéantar léiriú cuí orthu mar Ré ‘na Cinsealachta’, tá dhá chéim i gceist – an t-ochtú haois déag nuair a bhí an buaicphointe sroichte ag an gCinsealacht sin; agus an naoú haois déag nuair a rinne an uasaicme Phrotastúnach cosaint daingean in aghaidh teacht chun cinn an náisiúnachais Chaitlicigh nua-aimseartha. Clúdaíonn an t-imleabhar seo níos mó ná an scéalaíocht pholaitiúil choitianta agus déantar plé ar an eacnamaíocht, an tsochaí, an daonra, an imirce, an reiligiún, an teanga, foirmiú an stáit, an cultúr, an ealaín agus ailtireacht, agus na hÉireannaigh thar lear.

Imleabhar 4. 1880 go dtí an Lá Atá Inniu Ann Curtha in eagar ag Thomas Bartlett, Ollscoil Aberdeen

Clúdaíonn an t-imleabhar deireanach in The Cambridge History of Ireland an tréimhse ó na 1880aidí go dtí an lá atá inniu ann. Baineann an léamh léirsteanach seo ar theacht chun cinn agus forbairt na hÉireann le linn na mblianta sin ba mhinic a bhí corraitheach úsáid as go leor léaráidí, le gnéithe speisialta ar íomhánna de na ‘Trioblóidí’ agus ar ealaín agus dealbhóireacht na hÉireann sa fichiú aois.

Maidir leis na hEagarthóirí

Thomas Bartlett, Eagarthóir Ginearálta, a bhí ina Ollamh le Nua-Stair na hÉireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus, ina dhiaidh sin, ina Ollamh le Stair na hÉireann in Ollscoil Aberdeen go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2014.

James Kelly, is Ollamh le Stair é in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina Uachtarán ar Chumann Staire Eacnamaíocha agus Sóisialta na hÉireann.

Jane Ohlmeyer, is Ollamh Erasmus Smith le Nua-Stair í i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Stiúrthóir ar Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide; agus Cathaoirleach ar an gComhairle um Thaighde in Éirinn.

Brendan Smith, is Ollamh le Stair na Meánaoise é in Ollscoil Bristol.

Chun liosta iomlán na rannpháirtithe bainteach le gach imleabhar a fháil, téigh chuig www.cambridge.org