Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



Ollscoil Átha Cliath

Clár Toghthóirí an tSeanaid: Foirm Éilimh

Mar a fhoráiltear in Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, tá céimithe uile Ollscoil Átha Cliath ar saoránaigh Éireannacha iad i dteideal clárú mar Thoghthóirí Ollscoile. Foilsítear an Clár gach bliain ar an 1 Meitheamh. Is é an 26 Feabhra an lá deireanach chun ainmneacha nua a chur leis in aon bhliain.

*Réimsí éigeantacha

Is ea  Ní hea

Seoladh Buan ag a raibh gnáthchónaí ort ar an 15ú lá de mhí na Samhna seo caite:

Seoladh

Luaigh an Seoladh ar mian leat go gcuirfí an páipéar ballóide chuige (ba chóir gurb ionann é seo agus do sheoladh buan), seachas i gcúinsí eisceachtúla):

Má dhéantar aon dearbhú bréagach chun críche an éilimh seo, d’fhéadfaí pionós a ghearradh ar an éilitheoir.

Seoladh

Ba chóir aon athrú ar sheoladh a chur in iúl i gcónaí d’Oifig Toghcháin an tSeanaid (i.e. An Chlárlann Acadúil) san Ollscoil go pras; nó d’fhéadfaí an páipéar ballóide a chailleadh, agus d’ainm a bhaint de chlár na dtoghthóirí).

Luaigh an chéim (seachas céim oinigh) agus an dáta ar bronnadh í, a bhfuil an saincheadúnas á éileamh ina leith (nó sonraí, lena n-áirítear dáta aon scoláireacht fondúireachta/neamh-fhondúireachta a fuarthas).

Fuair  Ní bhFuair

Dearbhaím go bhfuil na sonraí a thugtar san fhoirm éilimh ar líne seo fíor agus cruinn chomh fada le m’eolas agus le mo thuairim, agus éilím leis seo go gclárófaí mé mar Thoghthóir Ollscoile do Thoghcheantar Ollscoil Átha Cliath.

Aontaíonn Ní aontaíonn

Tabhair faoi deara: d’fhéadfaí é seo a úsáid chun críche tráchtála.

Cosaint sonraí

Tá na sonraí a bhailítear ar an bhfoirm seo á bhfáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Átha Cliath chun Cláir Thoghthóirí Sheanad Éireann a chothabháil do Thoghcheantar Ollscoil Átha Cliath. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil, seachas mar a cheadaítear de réir an dlí.

Tá sé de cheart acu siúd a chuireann sonraí pearsanta ar fáil rochtain a fháil ar na sonraí sin agus iad a cheartú. Próiseálfaidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sonraí pearsanta de réir an Achta um Chosaint Sonraí 2018.