Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Nuacht

Éigse na Tríonóide 2024

Beidh Éigse na Tríonóide, féile Ghaeilge Choláiste na Tríonóide, ar siúl ón 12-16 Feabhra 2024 i gcomhar le hAontas na Mac Léinn, An Cumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ó do mhic léinn, baill foirne agus an pobal i gcoitinne. Fáilte mhór roimh chách ag gach leibhéal.

Bígí linn! Tá clár na seachtaine le feiceáil anseo.

 

 

Éigse na Tríonóide 2022

Beidh Éigse na Tríonóide, féile Ghaeilge Choláiste na Tríonóide, ar siúl ón 7-11 Feabhra 2022 i gcomhar le hAontas na Mac Léinn, An Cumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge.

Tá na himeachtaí saor in aisce agus beidh siad ar siúl ar champas na hollscoile. Fáilte roimh chách. Is féidir clár iomlán na n-imeachtaí a fheiceáil anseo.

Tabhair faoi deara na himeachtaí seo a leanas:

Gairmeacha le Gaeilge – Dé Luain 7 Feabhra ag 12.30pm i Seomra na Gaeilge
Imeacht i gcomhar leis an tSeirbhís Gairmeacha, Roinn na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge. Ní mór clárú ar MyCareer roimh ré ag an nasc seo.

12.30-12.55: Píotsa agus sólaistí
12.20-14.00: Plé painéal

Plé Painéal leis na haoichainteoirí seo a leanas:

  • Helen Hegarty - Aistritheoir i Roinn Gaeilge Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh
  • Éanna Ó Caollaí - Eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times
  • Maria Schaler - Láithreoir teilifíse le TG4 agus cúntóir cláir le RTÉ
  • Jane O’Connor - Cúntóir Taighde, Ionad ADAPT DCU

Seoladh na hÉigse – Dé Luain 7 Feabhra ag 6.00pm i Seomra na Gaeilge
Ceol, caint agus fáiltiú fíona leis an bPropast, an Dr Linda Doyle, Ceann Roinn na Gaeilge, an Dr Eoin Mac Cárthaigh, agus TradSoc.

Intéirneachtaí sa Ghaeltacht do mhic léinn TCD – Dé Máirt 8 Feabhra ag 6.00pm i Seomra na Gaeilge
Imeacht i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, Tangent, Spás Oibre Smaointe Choláiste na Tríonóide, agus Oifig na Gaeilge.
Seisiún eolais dátheangach faoi dheiseanna intéirneachta sa Ghaeltacht i samhradh 2022 i réimsí cosúil le hinnealtóireacht, teicneolaíocht mhíochaine, eolaíocht, oideachas, na meáin, srl. Cuirfear fáilte roimh mhic léinn ó gach réimse staidéir a bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge acu.

Cúirt Éigse – Dé Máirt 8 Feabhra ag 7.00pm san Atrium
Ceol, filíocht agus go leor eile le aíonna speisialta Emma Ní Chearúil, Ciara Ní É, Trinitones Tradsoc agus Litsoc

Pop-up Gaeltacht – Déardaoin 10 Feabhra ag 10.30am i Seomra na Gaeilge
Comhrá & ceol le mic léinn, baill foirne agus pobal Gaelach Bhaile Átha Cliath.

Feabhra 2022

 

Scéim Cónaithe Choláiste na Tríonóide

Táthar ag glacadh le hiarratais don Scéim Cónaithe do mhic léinn na chéad bhliana. Cuirfear spásanna ar fáil in árasáin atá lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí in éineacht le deontas €1,000 as ucht an Ghaeilge a chur chun cinn.

Fáiltítear roimh iarratais ó mhic léinn a bheidh sa chéad bhliain staidéir i mí Mheán Fómhair 2021. Níl an Scéim Cónaithe teoranta do mhic léinn ón nGaeltacht ná do mhic léinn a d'fhreastail ar ghaelscoileanna nó ar ghaelcholáistí; tá sí oscailte do chách.

Tá tuilleadh eolais ar Scéim Cónaithe Halla na Tríonóide, Dartraí le fáil ag an nasc seo. .

Iúil 2021

Cruinniú Halla an Bhaile ar an gCeathrú Scéim Teanga

Fógra maidir le Cruinniú Halla an Bhaile ar líne Dé hAoine, an 5 Feabhra 2021 ag 12.00pm.

Tugtar cuireadh do phobal na hollscoile a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin do cheathrú Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide. Beidh cruinniú halla an bhaile á reáchtáil chun níos mó eolais a chur ar fáil faoin Scéim Teanga agus an próiseas comhairliúcháin, agus tabharfar cuireadh do mhic léinn agus do bhaill foirne a dtuairimí a chur in iúl maidir le seirbhísí Gaeilge a bheidh le cur ar fáil sa Scéim nua.

Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le do thoil má bhíonn aon cheist agat nó chun nasc do Zoom a iarraidh.

1 Feabhra 2021

An Ceathrú Scéim Teanga

Tá an ceathrú Scéim Teanga á dréachtú ag Coláiste na Tríonóide de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá aighneachtaí á lorg mar chuid den chomhairliúchán poiblí. Tá tuilleadh eolais anseo.

5 Samhain 2020

Seachtain na Gaeilge 2019 i gColáiste na Tríonóide

Cliceáil ar an nasc thíos chun clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2019 a fheiceáil.

Tuilleadh eolais anseo

Márta 2019

Tob-chainteanna Taighde do Sheachtain na Gaeilge 2019

Reáchtálfar sraith cainteanna le léachtóirí agus taighdeoirí an Choláiste mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2019.

Cainteoirí:

  1. An Dr Eoin Mac Cárthaigh - Ceann Roinn na Gaeilge / Head of Discipline of Irish
  2. Deirdre Nic Chárthaigh - Roinn na Gaeilge / Discipline of Irish
  3. An tOllamh (Prof.) Michael Cronin – Ceann Roinn na Fraincise / Chair of French
  4. Colm Mac Gearailt – Roinn na Staire / Dept. of History
  5. An tOllamh (Prof.) Ailbhe Ní Chasaide – Roinn an Léinn Urlabhra agus Teanga Chliniciúla / Centre for Language & Communication Studies (CLCS)
  6. Emily Barnes – Roinn an Léinn Urlabhra agus Teanga Chliniciúla / (CLCS)
  7. An Dr Noel Ó Murchadha - Scoil an Oideachais / School of Education

Tuilleadh eolais anseo

Márta 2019

Scéim Dhartraí na Chéad Bhliana- iarratais á nglacadh anois!

Tá an próiseas iarratas do Scéim Dhartraí na chéad bhliana anois ar oscailt.

Tuilleadh eolais anseo

28 Aibreán 2017

Scéim Chónaithe an Champais 2017-18/ Dhartraí a Dó- iarratais á nglacadh anois!

Tá an próiseas iarratas do Scéim an Champais 2017-18 agus Scéim Dhartraí 2 (árasán an dara bliain i Halla na Tríonóide, 2017-18) anois ar oscailt.

Tuilleadh eolais anseo

24 Feabhra 2017

Éigse na Tríonóide 2017- draíocht na Gaeilge!

Tá an-áthas ar An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le hOifig na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn clár imeachtaí ÉIGSE NA TRÍONÓIDE 2017 a fhógairt. Seachtain spleodrach a bhíonn i gceist i gcónaí leis an Éigse agus muid ag ceiliúradh na Gaeilge i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Tá téama na 'Draíochta' ar an bhféile i mbliana agus léirítear sin san éagsúlacht agus sa chruthaitheacht atá ag baint leis an réimse imeachtaí atá á chur ar fáil le linn na seachtaine. 

Tuilleadh eolais anseo

3 Feabhra 2017

Lá na Gaeilge 2016

Bricfeásta-breakfast | Seastán Eolais & Greámáin-Info Stand & badges | Turas Ealaíne- Art Tour |Aengus MacGrianna

Tuilleadh eolais anseo


 

19 Deireadh Fómhair 2016

Bróisiúr na bliana 2016-2017

Tá an bróisiúr "TCD agus an Ghaeilge 2016-2017" anois ar fáil le léamh anseo. Tá neart eolais ar fail ann maidir leis An Teanga Bheo sa Cholaiste, An Cumann Gaelach, na ranganna agus na seirbhísí éagsula Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha.



 

28 Meán Fómhair 2016

Ranganna Gaeilge Théarma na Féile Mhichíl

***Gheobhaidh gach ball foirne agus mac léinn cláraithe de chuid Choláiste na Tríonóide ríomhphost faoi na ranganna, an clár ama agus an próiseas clárúcháin faoin gCéadaoin 28 Meán Fómhair 2016.***

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.



 

26 Meán Fómhair 2016

Scéim Chónaithe Dhartraí 1 - Próiseas Iarratais ar Oscailt!

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí 1, 2015/16 - an spriocdháta ná Dé hAoine 10 Meitheamh 2016. TÁ SÍNEADH AMA D'IARRATAIS D'ÁRASÁN NA MBUACHAILLÍ FÓGARTHA GO DTÍ AN 5Ú IÚIL 2016



Is é atá i gceist le "Scéim Chónaithe" ná scéim ina gcuirtear lóistín agus deontas ar fáil do mhic léinn atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn sa Choláiste trí ghníomhaíochtaí éagsúla. Tá Scéim Chónaithe Dhartraí 1 lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6, agus tá sé oiriúnach do mhic léinn a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain de chúrsa stáidéir fochéime lánaimseartha in 2015/16, agus nach bhfuil seoladh baile i mórcheantar Bhaile Átha Cliath acu.

Deis iontach atá ann do mhic léinn chéad bhliana cairde nua a dhéanamh, a gcuid Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú, agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an Choláiste. Tá saol na Gaeilge breá bríomhair i gColáiste na Tríonóide agus tá an Scéim Chónaithe ina mórchuid de sin.

Gheofar gach eolas faoin Scéim Chónaithe, agus conas cur isteach uirthi, ar na leathanaigh seo thíos:

Tá fáilte roimh cheisteanna ag gaeloifig@tcd.ie / 01-896-3652.

 

27 Aibreán 2016

Coláiste na Trionóide ag Músaem na bPiarsach- 12 Márta

Mar chuid de chomóradh Choláiste na Tríonóide ar Éirí Amach 1916, tá an-áthas ar Oifig na Gaeilge TCD, i gcomhpháirt le Músaem na bPiarsach, Páirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, clár imeachtaí trí Ghaeilge a chur ar fáil  ar an Satharn 12 Márta (ar maidin) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. “Coláiste na Tríonóide ag Músaem na bPiarsach" an teideal a bheidh ar an ócáid. Gach eolas anseo.

2 Márta 2016

Seachtain na Gaeilge 2016 i gColáiste na Tríonóide

Tá neart imeachtaí beartaithe do Sheachtain na Gaeilge 2016 sa Cholaiste: Turas Ealaíne an Champais Chliste, imeachtaí Gaelacha i Musaem na bPiarsach, ceolchoirm le Ye Vagabonds agus Céilí Móra. Gach eolas anseo.

2 Márta 2016

Bróisiúr na bliana foilsithe: "TCD agus an Ghaeilge"

Tá bróisiúr nua na bliana seolta ag Oifig na Gaeilge agus tá sé ar fáil anseo. Gheofar neart eolais ann faoin nGaeilge sa cholaiste, imeachtaí, ranganna, ár gCumann Gaelach agus cúraimí éagsúla na hoifige.

30 Meán Fómhair 2015

Oíche Rathúil Eile ag Cumann Gaelach TCD ag Gradaim Ghlór na nGael

 

Oíche Bhronnta

Baill den Chumann Gaelach ag an oíche bhronnta

 

Bhí bronnadh Glór na nGael nó "Oscars na Gaeilge" ar siúl i dTeach Srafáin, Co. Chill Dara le déanaí. Gradaim náisiúnta iad seo a bhfuil réimse catagóirí ann - féach www.glornangael.ie.

Ar an oíche mhór, sa chomórtas don Chumann Gaelach tríú leibhéal is fearr sa tír, bronnadh an dara háit ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide. Tá an onóir agus an t-aitheantas seo lán-tuillte ag an Chumann Gaelach mar gheall ar an sárobair atá déanta acu in 2014/15 chun an Ghaeilge a chur chun cinn, i gColáiste na Tríonóide agus i measc an phobail.

Tá an-rath ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide le blianta anuas, agus roinnt gradam den chineál seo buaite acu. Tá siad ar ceann de na cumainn is mó i gColáiste na Tríonóide agus cuireann siad an-chlár imeachtaí ar siúl gach bliain, a thugann deis do mhic léinn a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna spraíúla, cairdiúla, éagsúla.

Comhghairdeachas mór le Cuallacht Cholmcille, Ollscoil Mhá Nuad, a bhain an chéad áit amach sa ghradam céanna, agus le gach cumann mac léinn eile a d'ainmníodh ar an ghearrliosta. Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge chomh láidir is atá ag an tríú leibhéal. Tréaslaíonn Oifig na Gaeilge le Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide as an pháirt lárnach a imríonn siad sa ghluaiseacht sin.

15 Bealtaine 2015

Gradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide bronnta don chéad uair ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaelachta

 

Clíona Ní Shuilleabháin ABAIR Rebecca Comer, Voluntary Tuition Programme

TradSoc Fionn Ó Deá

Na buaiteoirí ag an oíche bhronnta

 

Cuireadh an chéad oíche bhronnta do Ghradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide ar siúl 22 Aibreán 2015 i Seomra na Gaeilge, seomra caidrimh Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Tugadh na gradaim, a bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta iad, chun aitheantas a thabhairt ar an obair thábhachtach, shuntasach a dhéanann mic léinn agus baill foirne Choláiste na Tríonóide ar son na Gaeilge.

Ba iad buaiteoirí an chéad chlár de Ghradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide ná:

  • Cumann Mac Léinn – Cumann an Cheoil Thraidisiúnta
  • Seirbhís de chuid an Choláiste – ABAIR (Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide)
  • Mac Léinn Aonair – Fionn Ó Deá (4ú bliain, Dlí)
  • Ball Foirne Aonair – Clíona Ní Shuilleabháin (Leabharlannaí Cúnta)

Tugadh Ardmholadh do na hainmnithe seo a leanas:

  • Cumann Mac Léinn – Voluntary Tuition Programme
  • Mac Léinn Aonair – Rebecca Comer (3ú bliana, Fraincis agus Nua-Ghaeilge)

Thréaslaigh an tAire McHugh leis na buaiteoirí mar gheall ar an méid atá curtha acu le neart na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus d’aithin sé freisin an iliomad mac léinn agus ball foirne a thóg an pobal Gaeilge breá bríomhair atá ag Coláiste na Tríonóide inniu. Léirigh an tAire an t-áthas atá air go bhfuil mic léinn Choláiste na Tríonóide, an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge, ag déanamh forbairtí fiúntacha don teanga.

“Tá ríméad orm a fheiceáil an obair iontach atá ar siúl i gColáiste na Tríonóide chun ár dteanga náisiúnta a chur chun cinn,” a dúirt an tAire McHugh. “Tá áthas orm ach go háirithe an fuinneamh agus dea-thoil don teanga atá ann i measc na mac léinn anseo a fheiceáil. Chun an teanga a neartú, caithfidh muid a chinntiú go dtugtar gach spreagadh don chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge, agus creidim gur céim mhór chun tosaigh iad na gradaim seo sa sprioc céanna i gColáiste na Tríonóide.”

Le haghaidh a thuilleadh eolais, brúigh ar na nascanna seo thíos, le do thoil:

5 Bealtaine 2015

Scéim Chónaithe Dhartraí 1 - Próiseas Iarratais ar Oscailt!

 

Póstaer do Scéim Dhartraí 2014-15

 

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí 1, 2015/16 - an spriocdháta ná Dé hAoine 5 Meitheamh 2015.

Is é atá i gceist le "Scéim Chónaithe" ná scéim ina gcuirtear lóistín agus deontas ar fáil do mhic léinn atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn sa Choláiste trí ghníomhaíochtaí éagsúla. Tá Scéim Chónaithe Dhartraí 1 lonnaithe i Halla na Tríonóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6, agus tá sé oiriúnach do mhic léinn a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain de chúrsa stáidéir fochéime lánaimseartha in 2015/16, agus nach bhfuil seoladh baile i mórcheantar Bhaile Átha Cliath acu.

Deis iontach atá ann do mhic léinn chéad bhliana cairde nua a dhéanamh, a gcuid Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú, agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an Choláiste. Tá saol na Gaeilge breá bríomhair i gColáiste na Tríonóide agus tá an Scéim Chónaithe ina mórchuid de sin.

Gheofar gach eolas faoin Scéim Chónaithe, agus conas cur isteach uirthi, ar na leathanaigh seo thíos:

Tá fáilte roimh cheisteanna ag gaeloifig@tcd.ie / 01-896-3652.

 

9 Aibreán 2015

'Teangacha na Tríonóide', iris ilteangach, seolta

 

Mic léinn ag léamh Teangacha na Tríonóide

Mic léinn ag léamh Teangacha na Tríonóide ag an seoladh


Iris ilteangach í Teangacha na Tríonóide, atá foilsithe ag Oifig na Gaeilge agus ag an Chumann Gaelach, le hurraíocht ó Choiste Comhionannais TCD. Sprioc na hirise ná an éagsúlacht teangacha atá ann i gColáiste na Tríonóide a cheiliúradh. Istigh ann, insíonn deichniúr mac léinn agus ball foirne Choláiste na Tríonóide a gcuid scéalta pearsanta maidir le teangacha, ina gcuid teangacha dúchais féin. Cuirtear gach scéal ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith, agus tá roinnt eolais istigh ann maidir leis na teangacha éagsúla a úsáidtear.

Seoladh Teangacha na Tríonóide Dé Céadaoin 25 Márta sa Seomra Domhanda. Sheol Oifigeach Comhionannais Choláiste na Tríonóide, Luke Field, an iris, agus labhair sé go maith faoi theacht le chéile cultúr éagsúil i gColáiste na Tríonóide. Labhair na scríbhneoirí, na haistritheoirí agus roinnt mhaith cairde thar réimse sólaistí, le ceol sa chúlra ó gach tír a léirítear san iris.

Iris as an ghnáth í seo a chuirfidh tú ag machnamh ar chúrsaí teanga i do shaol féin agus sa saol mór thart orainn. Is féidir Teangacha na Tríonóide a léamh anseo.

Lógó an Chiste Comhionannais

9 Aibreán 2015

Seolann Coláiste na Tríonóide Gradaim na Gaeilge don chéad uair riamh

 

Tá ríméad ar Oifig na Gaeilge agus ar Choiste na Gaeilge Gradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide a fhógairt don chéad uair riamh. Déanfaidh an clár seo an sárobair atá ar bun i measc ball foirne, mac léinn agus céimithe Choláiste na Tríonóide ar son na Gaeilge a chéiliúradh.

Cuirfear fáilte roimh ainmniúcháin ó gach ball foirne, mac léinn agus céimí de chuid Choláiste na Tríonóide. Má tá aithne agat ar dhuine nó ar ghrúpa i bpobal an choláiste a bhfuil aitheantas tuillte acu ar an obair a dhéanann siad ar son na Gaeilge, ná bíodh leisce ort an fhoirm ainmniúcháin ghearr atá iniata leis seo a líonadh (i nGaeilge nó i mBéarla, de réir mar is mian leat féin). Cuirfear fáilte roimh an féin-ainmniú chomh maith.

Na catagóirí ná:

  • Mac léinn aonair
  • Cumann mac léinn
  • Ball foirne aonair
  • Seirbhís sa Choláiste
  • Céimí


Tabharfar ómós do na buaiteoirí ag oíche bhronnta roimh dheireadh Téarma na Féile Bríde, agus cuirfear a gcuid ainmneacha ar taispeáint go buan i Seomra na Gaeilge.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirmeacha ainmniúcháin, tabhair cuairt ar https://www.tcd.ie/gaeloifig/gradaim.php nó déan teagmháil le hAoife ag gaeloifig@tcd.ie

20 Feabhra 2015

Seachtain spleodrach imeachtaí beartaithe d'Éigse na Trionóide 2015

 

eigse 2014

Baill an Chumainn Ghaelaigh le hArdmhéara Bhaile Átha Cliath, Éigse 2014

 

Tá an-áthas ar An Cumann Gaelach, Coláiste na Trionóide, i gcomhar le hOifig na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn, clár imeachtaí Éigse na Tríonóide 2015 a fhógairt. Seachtain spleodrach a bhíonn i gceist leis an Éigse i gcónaí, ag céiliúradh na Gaeilge i gcroílár Bhaile Átha Chliath. Beidh an fhéile spraíúil seo ag leanúint ón Luain 26 go dtí an Aoine 30 Eanáir, agus imeachtaí éagsúla ar siúl ó mhaidin go hoíche gach lá, ag freastal ar gach cineál spéise.

Tá gach ceann de na himeachtaí seo thíos saor ó tháille, oscailte do chách, agus ní gá aon rud a chur in áirithint roimh réidh:

CLAR

20 Eanáir 2015

Cartlann Nuachta


Nuashonraithe 9 2 2024 ag .