Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Buaiteoirí Ghradaim na Gaeilge 2015

Ag deireadh na bliana acadúla 2014/15, don chéad uair, tugadh Gradaim na Gaeilge amach i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh clár na nGradam le haitheantas a thabhairt ar an obair iontach a dhéantar ar son na Gaeilge sa Choláiste seo. Ar an leathanach seo gheofar eolas faoi na buaiteoirí 2015 agus cén fáth a bhfuil Gradam Gaeilge tuillte acu.


 

Mac Léinn Aonair

Buaiteoir - Fionn Ó Deá

 

Fionn Ó Deá

Is mac léinn ceathrú bliana é Fionn atá ag déanamh staidéir ar an Dlí. Tá sé ina bhall gníomhach den Chumann Gaelach ó tháinig sé go Coláiste na Tríonóide sa bhliain 2011, ag glacadh páirte lárnaigh i gcoiste an Chumainn ó shin. Ghlac sé páirt sa Scéim Chónaithe ar campas in 2013/14, agus i mbliana, bhí sé ina Reachtaire ar an Chumann Gaelach. Tá an Cumann Gaelach ar ceann de na cumainn is mó i gColáiste na Tríonóide, le hos cionn míle ball, agus bíonn dualgaisí móra ag an Reachtaire idir imeachtaí a eagrú, tionscadail fhadtéarmacha a stiúradh, agus feachtasaíocht a dhéanamh.

Rinne Fionn jab den scoth sa ról seo in 2014/15. Ar an chéad dul síos, chruthaigh sé caidrimh chomhoibrithe idir an Cumann Gaelach agus cumainn eile sa Choláiste nach bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhsprioc acu. Mar gheall ar a chuid iarrachtaí, tá níos mó mic léinn sa Choláiste ar an eolas faoi na deiseanna atá acu a gcuid Gaeilge a úsáid i gColáiste na Tríonóide, agus tá léirithe go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge sa Choláiste cairdiúil agus oscailte mar phobal.

Tríd an chomhoibriú seo le cumainn eile - ar nós mhaidin caife le CancerSoc, "géilí" le QSoc agus seisiúin Ghaeilge le S2S - tá tacaíocht tugtha ag mic léinn le Gaeilge do chúinsí tábhachtacha i bpobal an Choláiste i gcoitinne. Chomh maith leis sin, bhí Fionn ina chomheagarthóir ar Theangacha na Tríonóide, iris ilteangach úrnua (urraithe ag Coiste Comhionannais TCD) a chuireann éagsúlacht i gColáiste na Tríonóide chun cinn.

Bhí Fionn ina ionadaí láidir ar son chearta teanga na mac léinn in 2014/15. Bhí caidreamh maith aige le hAontas na Mac Léinn agus d'oibrigh sé ar fhorbairtí nua éagsúla leo. Bhí Fionn i gceannas ar fhoireann aistritheoirí a d'aistrigh ríomhphost seachtainiúil Aontas na Mac Léinn go Gaeilge - seirbhís a bhí ann don chéad uair riamh i mbliana - agus d'eagraigh sé roinnt imeachtaí Gaeilge i rith "seachtainí" an Aontais, mar shampla cóisir i Halla na Tríonóide i rith Seachtain RAG. San fhómhar, chuir sé imeacht ar siúl darbh ainm "An Dúshlán Gaelach" a chuir seirbhísí Gaeilge Choláiste na Tríonóide go mór chun cinn i measc mhac léinn an Choláíste.

Bhi tionchar ag Fionn ar leibhéal náisiúnta chomh maith, agus d'ardaigh próifíl Choláiste na Tríonóide mar dhea. D'fhreastal sé ar imeachtaí Gaeilge náisiúnta mar ionadaí ar mhic léinn Choláiste na Tríonóide, labhair sé ar Raidió na Life agus ghlac sé páirt i bhfeachtais de chuid eagraíochtaí eile (e.g. Comhrá '14, Gaeilge 24). Chruthaigh sé féin feachtas náisiúnta darbh ainm "#Gaeilge" a raibh sé mar sprioc simplí, éifeachtach aige an hashchlib #Gaeilge a bheith "trending" ar na meáin shóisialta ag deireadh lae áirithe. Tá an feachtas seo ainmnithe le haghaidh "Feachtas Gaeilge na Bliana" sna Student Achievement Awards 2015 (gradam náisiúnta).

Bhí sé mar chuspóir ag Fionn mar Reachtaire "spriocmhargadh na Gaeilge" a leathnú agus is léir go bhfuil an sprioc sin bainte amach aige. Tá difir mhór déanta ag Fionn i saol na Gaeilge Choláiste na Tríonóide, agus beidh a thionchar le mothú ar feadh na mblianta.

 

Teastas Ardmholta - Rebecca Comer

 

Rebecca Comer

Tá Rebecca ina mac léinn Fraincise agus Nua-Ghaeilge, ag dul isteach ina bliain deiridh in 2015/16. Tá sí ina ball den Scéim Chónaithe le dhá bhliain anuas, i Halla na Tríonóide agus ar campas. Mar bhall den Scéim Chónaithe bhí sí i gcónaí cabhrach cairdiúil, agus chuir sí tionscadail éifeachtacha i bhfeidhm mar chuid de ghrúpaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is léir chomh maith ón cheithre ainmniúchán a fuair Rebecca go mbíonn sí i gcónaí ag cur na Gaeilge chun cinn go neamhfhoirmeálta i measc a cuid cairde agus go bhfuil tionchar mór ag a paisean don teanga ar na daoine mórthimpeall uirthi.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an choiste roghnúcháin, áfach, ná an obair a dhéanann Rebecca le "Club na Gaeilge". Is comhthionscadal é Club na Gaeilge idir an Cumann Gaelach agus an Voluntary Tuition Programme (VTP). Trí VTP, tugann mic léinn Choláiste na Tríonóide tacaíocht do dhaltaí bunscoile ó scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste lena gcuid obair bhaile Gaeilge.

Ní amháin go bhfeidhmíonn Rebecca mar chomhordaitheoir ar Chlub na Gaeilge, ag stiúradh 80 teagascóirí deonacha, ach is teagascóir í féin sa Chlub, agus tugann sí diancheachtanna do dhaltaí Ardteiste ó scoileanna DEIS. Caitheann sí uaireanta fada ag ullmhú ceachtanna agus ag teagasc gach seachtain. Cuireann sí béim mhór ar labhairt na Gaeilge sa Chlub agus spreagann sí meon dearfach i leith na teanga i measc na bpáistí trí ghníomhaíochtaí grúpa spraíúla.

Bíonn Rebecca an-ghníomhach ag cur Club na Gaeilge chun cinn, ag labhairt le grúpaí éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den Choláiste, mar shampla ag ócáid in Ionad Acmhainní Aindriú Naofa mar chuid de College Awareness Week. Cuireann an obair a dhéanann sí sa Chlub go mór le spriocanna Choláiste na Tríonóide maidir le comhpháirteachas poiblí. Agus ar leibhéal idirnáisiúnta, tá cúpla focal Gaeilge múinte ag Rebecca do pháistí scoile san India, agus í ag obair mar theagascóir ann le SUAS.

Tá tionchar ag Rebecca taobh istigh de Choláiste na Tríonóide chomh maith. Tá roinnt mhaith aistriúcháin déanta aici chun suíomh idirlín agus ríomhphost seachtainiúil Aontas na Mac Léinn a chur ar fáil i nGaeilge. Chabhraigh sí le triúr iarrthóirí ar rólanna sabóideacha in Aontas na Mac Léinn 2015/16 ullmhú le haghaidh na toghchánaíochta trí Ghaeilge. Agus deir Uachtarán JCR Halla na Tríonóide 2013/14 gur mar gheall ar Rebecca go pearsanta a chuir cuid mhór daoine isteach ar Scéim Chónaithe 2014/15!

Is ambasadóir iontach í Rebecca do Choláiste na Tríonóide i measc an phobail i gcoitinne, agus don Ghaeilge cibé áit ina mbíonn sí.

 

 

Cumann Mac Léinn

Buaiteoir - Cumann an Cheoil Thraidisiúnta

 

TradSoc

Cuireann Cumann an Cheoil Thraidisiúnta (TradSoc) ceol traidisiúnta na hÉireann chun cinn i measc mhac léinn Choláiste na Tríonóide. Tá os cionn 200 ball sa chumann in 2014/15 agus bhí bliain an-rathúil acu inar sheinn siad ar Céilí House le RTÉ i Seipéal an Coláiste, agus inar bhuaigh siad an gradam don Chumann is Mó Feabhais ag Gradaim Lár-Choiste na gCumann. Eagraíonn siad seisiúin cheoil coicísiúla, ceachtanna ceoil, ceolchoirmeacha, banna céilí, turas go Glaschú agus go leor eile.

Tríd an obair seo ar fad, bíonn TradSoc ag cur na Gaeilge chun cinn mar mheán nádúrtha cumarsáide. Tá a gcuid cártaí ballraíochta agus sínithe ríomhphoist dátheangach; úsáideann siad nathanna Gaeilge ina gcuid ríomhphost seachtainiúla; agus bíonn roinnt mhaith dá gcuid póstaeirí dátheangach chomh maith. Is minic a labhraíonn a gcuid ball Gaeilge le chéile, ag imeachtaí poiblí agus ar na meáin shóisialta, agus déanann siad teagmháil le hOifig na Gaeilge agus leis an Chumann Gaelach trí Ghaeilge i gcónaí.

Is fíormhinic a bhíonn TradSoc ag tacú le himeachtaí Gaeilge trí cheol a sheinnt ann. Rinne siad an-chuid comhimeachtaí leis an Chumann Gaelach in 2014/15, ina measc:

  • Céilí sa Chearnóg Thosaigh i rith Sheachtain na bhFreshers
  • Seoladh na Bliana i dTeach an Ardmhéara
  • Seoladh Éigse na Tríonóide
  • Géilí (in éineacht le QSoc)

Thacaigh siad le himeachtaí na Scéime Cónaithe chomh maith, mar shampla an seisiún ceoil sa Trinity Inn agus cóisir na Nollag. Bíonn seisiún neamhfhoirmeálta ag baill TradSoc i gClub Chonradh na Gaeilge ar oíche na mac léinn gach Máirt - téann mic léinn Choláiste na Tríonóide go dtí an club lán-Ghaeilge seo go rialta, chomh maith le mic léinn ó choláistí eile, agus cuireann an ceol beo traidisiúnta go mór leis an eispéireas.

Cuireann ceol beo ó TradSoc go mór le haon imeacht Gaeilge ina mbíonn sé ar siúl agus cothaíonn sé atmaisféar bríomhair, spraíúil a mheallann níos mó daoine chuig an chéad imeacht Gaeilge eile. Spreagann sé mic léinn an Ghaeilge a shamhlú le craic, le beocht agus le cultúr Gaelach a bhfuil amhránaíocht chomh maith le gramadach aige.

Ar na bealaí seo thuas ar fad, atá praiticiúil, éifeachtach agus iomlán deonach, cuireann TradSoc an Ghaeilge go mór chun cinn i gColáiste na Tríonóide.

 

Teastas Ardmholta - Voluntary Tuition Programme

 

Voluntary Tuition Programme

Is cumann mac léinn carthanachta é an Voluntary Tuition Programme (VTP), a thugann teagasc saor in aisce do pháistí ó na pobail mórthimpeall ar Choláiste na Tríonóide. Cuireann siad réimse leathan ábhar ar fáil, an Ghaeilge ina measc.

An trí sheirbhís Gaeilge a chuireann VTP ar fáil ná Diancheachtanna, Club Ullmhucháin an Scrúduithe Cainte, agus Club na Gaeilge. Tugtar diancheachtanna Gaeilge do dhaltaí bunscoile agus meánscoile araon. Déantar cleachtadh don scrúdú cainte i gClub Ullmhucháin an Scrúduithe Cainte, le daltaí atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach agus faoin Ardteistiméireacht, trí oíche in aghaidh na seachtaine.

Bunaíodh Club na Gaeilge in 2013/14 mar chomhthionscadal idir an Cumann Gaelach, Cumann Naomh Uinseann de Pól, agus an VTP. Tríd an clár, tugann mic léinn Choláiste na Tríonóide tacaíocht do dhaltaí bunscoile ó scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste lena gcuid obair bhaile Gaeilge. Club gníomhach, spraíúil atá ann ina gcuirtear an-bhéim ar labhairt na Gaeilge agus ar úsáid na Gaeilge trí ghníomhaíochtaí grúpa. Mar gheall ar an éileamh mór a bhí ar an chlub anuraidh, thosaigh Club na Gaeilge ón chéad seachtain sa chéad téarma i mbliana, fuarthas níos mó teagascóirí (80 san iomlán) agus ghlac níos mó daltaí páirt sa chlub ná riamh.

Tugann Club na Gaeilge agus seirbhísí eile an VTP deis do pháistí ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste cabhair bhreise a fháil lena gcuid Gaeilge taobh amuigh den scoil. Cuireann an club le cumas agus le muinín na bpáistí seo, ina gcuid Gaeilge agus i gcoitinne. Deirtear go mbíonn níos mó suime ag baill an Chlub sa Ghaeilge mar theanga bheo, seachas mar theanga scrúduithe, ag deireadh an téarma. Seans maith go mbeidh tionchar ag an eispeireas dearfach a bhí acu i gClub na Gaeilge ar dhearcadh na ndaltaí ar an Ghaeilge nuair a bheidh siad ina saoránaigh fhásta.

Chomh maith leis sin, spreagann Club na Gaeilge do mhic léinn an Choláiste, nach mbíonn an Ghaeilge mar ábhar céime acu go minic, úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge taobh amuigh den Choláiste. Thug ionadaithe an Chlub cuairt ar fhoghlaimeoirí Gaeilge fásta in Ionad Acmhainní Aindriú Naofa i rith College Awareness Week - tionscnamh nua in 2014/15.

Tá VTP Choláiste na Tríonóide ar an fhód le 28 mbliana anuas agus an Ghaeilge a mhúineadh acu ó shin - ach is léir go bhfuil an-bhéim a cur ar an Ghaeilge acu le cúpla bliain anuas, agus go bhfuil ag éirí thar barr leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa phríomhchathair.

 

Ball Foirne Aonair

Buaiteoir - Clíona Ní Shuilleabháin

 

Clíona Ní Shuilleabháin

Is Leabharlannaí Cúnta í Clíona atá ag obair do Choláiste na Tríonóide ó 1987, agus céimí de chuid an Choláiste í le céim sa Fhraincis agus sa Nua-Ghaeilge.

Tá Leabharlann Cholaiste na Tríonóide an-láidir ar thaobh na Gaeilge de, idir reachtaíocht teanga a chomhlíonadh, gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus seirbhísí Gaeilge a fhorbairt. Tá an Leabharlann lárnach i saol Choláiste na Tríonóide gan amhras, agus bíonn thart ar 15,000 cuairteoir seachtrach aige gach aon bhliain chomh maith. Mar sin tá tionchar mór ag stádas na Gaeilge sa Leabharlann ar stádas na Gaeilge sa Choláiste iomlán agus i measc an phobail i gcoitinne.

Ní beag an ról atá ag Clíona maidir le láidreacht na Gaeilge i Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Tá Clíona ina eagarthóir ar leathanaigh ghréasáin Ghaeilge na Leabharlainne, ceann de na mionshuímh Ghaeilge is mó sa Choláiste. Bíonn sí ag tabhairt tacaíochta d'Oifig na Gaeilge maidir le comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 sa Leabharlann. Coinníonn Clíona súil ghéar ar chomharthaíocht agus ar fhoilseacháin na Leabharlainne chun a chinntiú go mbíonn siad ar ardchaighdeán litrithe agus gramadaí i gcónaí. Agus bhailigh sí baill foirne ón Leabharlann le chéile chun físeán faoi sheirbhísí Gaeilge sa Leabharlann a chruthú (in éineacht le mic léinn ón Scéim Chónaithe).

Tá Clíona in ann seirbhísí custaiméara Gaeilge a thabhairt agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge gan stró. Eagraíonn sí ciorcal comhrá do bhaill foirne sa Leabharlann in éineacht lena comhghleacaithe Colin Brennan agus Ella Hassett. Tugann an ciorcal comhrá seo deis do bhaill foirne a thugann seirbhísí Gaeilge ach go háirithe a gcuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh compordach atá aisiúil don obair.

Anuas air sin, tugann Clíona í féin seirbhísí Gaeilge eile sa Leabharlann. Tugann sí turais threoraithe trí Ghaeilge ar an Leabharlann i rith Seachtain na bhFreshers gach bliain, chun acmhainní agus seirbhísí (Gaeilge agus ginearálta) na Leabharlainne a thaispeáint do mhic léinn nua. Bíonn sí mar threoraí freisin ar na turais trí Ghaeilge ar Leabhar Ceanannais agus an Seomra Fada, seirbhís an-uathúil ar fad. Sa bhliain 2014/15, chuaigh grúpaí difriúla ó Choláiste na Tríonóide agus ó mheánscoileanna Bhaile Átha Cliath ar na turais seo. Thug an turas léargas nua ar Choláiste na Tríonóide do na daltaí scoile ach go háirithe. Léiríonn na turais phoiblí seo go bhfuil an Ghaeilge beo i gColáiste na Tríonóide, agus gur féidir leis an phobal i gcoitinne a bheith páirteach in oidhreacht an Choláiste.

Cabhraíonn Clíona go mór le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an Choláiste. Tá sí ina ball de Choiste na Gaeilge agus de Choiste Bhainistíochta Sheomra na Gaeilge, agus tugann sí tacaíocht bhreise sna rólanna seo. Mar shampla, suíonn sí ar an phainéal agallaimh don Scéim Chónaithe dhá uair sa bhliain, ag caitheamh suas go 6 lá ar an obair thábhachtach seo nach bhféadfaí a dhéanamh gan chúnamh ó bhall foirne deonach taobh amuigh d'Oifig na Gaeilge.

Ar an iomlán, is gníomhaí teanga den scoth í Clíona a bhfuil éifeacht a cuid díograise le mothú i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, sa Choláiste iomlán agus i measc an phobail i gcoitinne.

 

Seirbhís de chuid an Choláiste

Buaiteoir - ABAIR

 

ABAIR

Tionscadal é ABAIR atá lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide. Foireann bheag taighde atá aige a chuimsíonn baill foirne agus mic léinn.

Tá foireann ABAIR ag déanamh forbairt ar theicneolaíocht urlabhra na Gaeilge agus ar ghnéithe tábhachtacha de theangeolaíocht na teanga. An phríomhaidhm atá ag ABAIR ná guthanna sintéiseacha a chur ar fáil do chanúintí éagsúla na Gaeilge. Tiontaíonn an tsintéis téacs-go-hurlabhra an focal scríofa go caint bheo, agus bíonn sé bunaithe ar chaint nádúrtha an duine daonna - sníomhann sé fuaimeanna le chéile chun abairtí nua a ghineadh.

Tá seirbhís uathúil á cur ar fáil ag foireann ABAIR don phobal i gcoitinne ag www.abair.ie. Is féidir teacht ar an tseirbhís seo saor in aisce ó aon áit ar domhan, agus tá sé an-éasca a úsáid. Ní gá ach focal nó abairt Gaeilge a chlóscríobh ar an leathanach gréasáin seo agus cuirfear comhad fuaime ar fáil duit, ina bhfaighidh tú fuaimniú cruinn ar an fhocal nó an abairt ó chainteoir dúchais. Cabhraíonn abair.ie go mór le foghlaimeoirí Gaeilge in Éirinn, agus le foghlaimeoirí idirnáisiúnta ach go háirithe a mbíonn deacrachtaí acu teacht ar chainteoirí Gaeilge (idir mhúinteoirí agus mheáin chumarsáide).

Bíonn géarghá ag daoine a bhfuil míchumas radhairc orthu leis an tsintéis téacs-go-hurlabhra. In 2014/15, tá forbairt déanta ag foireann ABAIR ar léitheoir scáileáin NVDA (NonVisual Desktop Access) - bogearra a léann gach a bhfuil ar an scáíleán amach ós ard. Forbairt ríthábhachtach í seo do chainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas radhairc orthu.

Tá foireann ABAIR ag déanamh taighde acadúil ar ardchaighdeán ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge. Ardaíonn sé seo próifíl na teanga, cuireann sé le neart na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus le feiceálacht saothar na Gaeilge i saol acadúil na hÉireann. Cruthaíonn ABAIR naisc idir taighdeoirí agus an pobal i gcoitinne tríd an tseirbhís NVDA agus an suíomh abair.ie.

Cuireann ABAIR seirbhísí praiticiúla ar ardchaighdeán ar fáil bunaithe ar thaighde, chun cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge agus le cainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas radhairc orthu. Tá tionchar dearfach acu in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, ar phróifíl na Gaeilge agus ar phróifíl Choláiste na Tríonóide. Seirbhísí den scoth iad abair.ie agus an léitheoir scáileáin Gaeilge, a dhéanann difir mhór do mhéid mór daoine.

 

Níltear ag tabhairt Gradam Gaeilge amach i gcatagóir na gcéimithe i mbliana.


Nuashonraithe 5 5 2015 ag .