Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

 
Coláiste na Tríonóide ag Músaem na bPiarsach - Satharn 12 Márta

Trinity at the Pearse Museum: Saturday 12 March (English version below)

Mar chuid de chomóradh Choláiste na Tríonóide ar Éirí Amach 1916, tá an-áthas ar Oifig na Gaeilge TCD, i gcomhpháirt le Músaem na bPiarsach, Páirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, clár imeachtaí trí Ghaeilge a chur ar fáil  ar an Satharn 12 Márta (ar maidin) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. “Coláiste na Tríonóide ag Músaem na bPiarsach" an teideal a bheidh ar an ócáid.

 

Beidh na himeachtaí seo, agus iad ar siúl ag an suíomh ina raibh scoil cháiliúil lán-Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais, Scoil Éanna, ag díriú go speisialta ar oidhreacht oideachais agus cultúrtha an chinnire thábhachtach seo.

Cuimseoidh an mhaidin Ghaelach seo, a thosóidh ag an Músaem ag 10am, turas trí Ghaeilge á threorú ag mic léinn ó Scéimeanna Cónaithe Gaeilge an Choláiste. Bíonn na mic léinn seo ina gcónaí in árasáin ar an gcampas, agus ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. 

I ndiaidh an turais, beidh leiriúchán filíochta agus ceoil againn ó Trad Soc, cumann ceol traidisiúnta na mac léinn sa Choláiste.

Tá ár gCumann Gaelach, ceann de na cumainn mhac léinn is gníomhaí sa Choláiste, ag léiriú dráma ghearr bunaithe ar cheann den dá chás cúirte a raibh Pádraig Mac Piarais bainteach leis mar abhcóide. Ionchúisíodh fear as Dún na nGall, Niall Mac Giolla Bhríghde, i 1905 de bharr go raibh na litreacha ar thaobh a chairt sa chló Gaelach. Beidh An Trocailín Donn, scríofa ag Úna Ní Artaigh*, á léiriú ar stáitse in amharclann an Mhúsaeim mar chuid den mhaidin speisialta seo.

Críochnóidh “Coláiste na Tríonóide ag Músaem na bPiarsach” ag 12.30i.n.


SONRAÍ AN IMEACHTA

Tá na himeachtaí a bheidh ar siúl ag Coláiste na Tríonóide ag Músaem na bPiarsach saor in aisce, agus cuirfear caife agus brioscaí ar fáil ar maidin. Nóta** Nil lón san aireamh sna himeachtaí.

Tá teorainn dhocht ar líon na rannpháirtithe, agus ba chóir duit clárú roimh ré trí ríomhphost a chur chuig gaeloifig@tcd.ie.

Tá leabhrán dátheangach foilsithe ag Coláiste na Tríonóide a thugann léargas ar stair agus peirspictíochtaí ar an Éirí Amach sa Choláiste, agus ar na himeachtaí éagsúla atá beartaithe i mbliana. Féach https://www.tcd.ie/decade-commemoration/assets/pdf/Trinity-1916.pdf

Trinity at the Pearse Museum: Saturday 12 March

As part of Trinity College’s commemoration of the 1916 Easter Rising, Oifig na Gaeilge is delighted to partner with the Pearse Museum, St Enda’s Park, Rathfarnham, in offering a special Irish Language Programme of events for Saturday 12th March next, as part of Seachtain na Gaeilge: “Trinity at the Pearse Museum”.

 

These events, being held at the place where Patrick Pearse ran his famous Irish-medium school Scoil Éanna, will focus particularly on the educational and cultural legacy of this important 1916 leader.

Trinity at the Pearse Museum, beginning at the Museum at 10am, will feature an Irish language tour led by students from Trinity's Irish language residency schemes. These students reside in apartments on campus and speak Irish as their daily language of communication.

This will be followed by a presentation of poetry and music involving members of TradSoc, Trinity’s traditional music society.

An Cumann Gaelach, one of Trinity’s most vibrant student societies, has produced a short play in Irish based on one of the two court cases taken by Patrick Pearse in his carer as a barrister. The case, in the year 1905, concerned the prosecution of a Donegal cart-owner Niall Mac Giolla Bhrighde, for having his name in Irish letters on the side of his cart. An Trocailín Donn, written by Úna Ní Artaigh*, will be presented in the Museum’s theatre as part of Trinity at the Pearse Museum.

Trinity at the Pearse Museum will conclude at 12.30pm.

EVENT DETAILS

Events as part of Trinity at the Pearse Museum are free of charge, including morning coffee. Note** Lunch is at your own arrangement.

Numbers are strictly limited and you should register in advance by emailing gaeloifig@tcd.ie.

Tá leabhrán dátheangach foilsithe ag Coláiste na Tríonóide a thugann léargas ar stair agus peirspictíochtaí ar an Éirí Amach sa Choláiste, agus ar na himeachtaí éagsúla atá beartaithe i mbliana. Féach https://www.tcd.ie/decade-commemoration/assets/pdf/Trinity-1916.pdf

 ------------------------------------------------------------------------------

Úna Ní Artaigh, a scríobh "An Trocailín Donn"

Déanann Úna staidéar ar an Nanaeolaíocht anseo i gColáiste na Tríonóide. Tá paisean aici don dráma, do na meáin agus don Ghaeilge. Tá sí páirteach sa Scéim Chónaithe le dhá bhliain anuas, tá sí mar Oifigeach Drámaíochta ag an gCumann Gaelach. Mar bhreis air sin, bionn Úna ag obair le Trinity News, Trinity FM agus Players,


Nuashonraithe 1 3 2016 ag .