Leathnaíonn TAP rannpháirtíocht agus rochtain ar an oideachas ó leibhéal na bunscoile go leibhéal iarchéime do mhic léinn ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht.
Is é an misean atá againn oibriú i gcomhpháirtíocht ar fud na hearnála oideachais le mic léinn, múinteoirí, teaghlaigh, pobail agus gnólachtaí chun rochtain agus rannpháirtíocht san Ardoideachas a leathnú do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht.
Tá go leor bealaí iontrála éagsúla isteach i gColáiste na Tríonóide d’aosaigh óga agus do mhic léinn lánfhásta araon. Labhair linn faoin mBonnchúrsa, Dámhachtainí BOO Leibhéal 5 agus Iontráil Dhíreach do Mhic Léinn Lánfhásta.
Cuirimid réimse clár rochtana ar fáil do dhaoine a bhfuil an díograis, an spreagadh agus an cumas acu rath a bhaint amach ag an tríú leibhéal.
Téimid i dteagmháil le pobail agus le scoileanna i gceantair ina bhfuil rátaí ísle dul chun cinn chun na hollscoile chun meon dearfach a spreagadh agus chun tacú le fíorchéimeanna a thógáil i dtreo na hollscoile. Cuimsíonn ár gcláir daltaí bunscoile go mic léinn iarchéime.