Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo An Ghaeilge sa Coláiste > Nuacht

Nuacht agus Naisc

An Nuacht is déanaí

8.3.2024 Lá Idirnáisiúnta na mBan

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil lae - 'Lá Idirnáisiúnta na mBan: Ceiliúradh ar Scoláireacht na mBan agus ar Cheist na hInscne i Léann na Gaeilge' ar an 8ú Márta. Beidh sé ar siúl ó 9.30am go dtí 6pm i Mol an tSeomra Fhada.

Tuilleadh eolais faoin léacht, faoin ábhar agus agus na cainteoirí anseo. Fáilte roimh chách.

9.11.2023 Léacht Chuimhneacháin Eleanor Knott

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, léacht chuimhneacháin in onóir do Eleanor Knott ar an 9ú Samhain. Beidh sé ar siúl ag 6pm in Téatar Mháirtín Uí Chadhain agus is é an tOllamh Ailbhe Ó Corráin (Ollscoil Uladh) a bheidh ag tabhairt na léachta.

Tuilleadh eolais faoin léacht, faoin ábhar agus faoin ionad anseo. Fáilte roimh chách.

19.7.2023 Scoláireacht Henry Flood

Fáilteoidh Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, roimh iarratais ar Scoláireacht Taighde Henry Flood don bhliain acadúil 2023-24. Taighde i réimse an bhéaloidis, na litríochta nó na teanga a bheidh i gceist agus ní mór céim sa Ghaeilge (grád II.1 nó I) a bheith ag an iarrthóir chomh maith le togra maith taighde. Scoláireacht bhliana is ea í ach is féidir í a athnuachan (faoi dhó ar a mhéad).

Is fiú €8,000 in aghaidh na bliana chomh maith le fiacha (leibhéal AE) an scoláireacht seo.

Tuilleadh eolais ar an PDF seo. Dáta deiridh iontrála 28.7.2023.

 

26.5.2022 Comhdháil "Athchuairt ar Silva Gadelica / Silva Gadelica revisited"

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar an 20ú Bealtaine. Beidh an Chomhdháil lae á tionól ar an gcampas i Mol an tSeomra Fhada.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Fáilte roimh chách.

20.5.2023 Comhdháil "Dánta cogaidh agus dánta síochána ó lár an 17ú haois"

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar an 20ú Bealtaine. Tá súil againn an Chomhdháil lae a thionól beo ar an gcampas (agus ar líne), cé go mbeidh sé sin ag brath ar chúnisí sláinte poiblí ag an am.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

21.5.2021 Comhdháil Lae do Damian McManus

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ar an 21ú Bealtaine. Comhdháil lae ar líne a bheidh ann in onóir do Damian McManus agus é ag éirí as.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

20.11.2020 Comhdháil Uí Chadhain

Comhdháil Uí Chadhain 2020

Caitríona Pháidín le nótaí breactha air

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ag comóradh agus ag ceiliúradh beatha agus saothair an mhórscríbhneora Máirtín Ó Cadhain.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo.Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

 

23.7.2019 Oíche Filíochta

Oíche filíochta - Dé Máirt 23 Iúil 2019 ag 7.30pm

Ailbhe ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Caitríona Ní Chléircín ag léamh a gcuid filíochta 23.7.19

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Biddy Jenkinson
Caitríona Ní Chléirchín

Léifidh triúr file cuid dá gcuid saothar filíochta sa Ghaeilge mar chuid de Chomhdháil 2019 IASIL. As Gaeilge a bheidh na himeachtaí ach míneofar an fhilíocht as Béarla freisin.

Cá háit? Acadamh Ríoga na hÉireann 19 Sráid Dhásain (in aice le Teach an Ard-Mhéara)

Saor in aisce Fáilte roimh chách

Tá an ócáid seo á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, mar chuid de Chomhdháil an Chumainn Idirnáisiúnta le Staidéar ar Litríochtaí na hÉireann, 2019 le tacaíocht fhial ó Fhoras na Gaeilge.

 

Scéalta, Scéilíní agus Nótaí Imill  as Litríocht na Gaeilge

16.5.19 - 17.5.19, Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

Comhdháil dhá lá arna eagrú ag Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide i gcomhar leis an Leabharlann agus le tacaíocht ó Mhol an tSeomra Fhada

Déardaoin // Thursday 16.5.2019

9.30 –9.40                    Oscailt oifigiúil   //  Opening address (Damian McManus)

9.45–10.10       An Dr Eoghan Ó Raghallaigh: ‘The border wall of bones: a bardic prophecy.’
10.10–10.35      An Dr Christina Cleary: ‘Wrathful wives in medieval Irish literature.’
10.35–11.00      Deirdre Nic Chárthaigh: ‘An bodach agus bean an bharúin; eachtra imeallach.’

11.00–11.45                    Tae agus Caife   //   Tea and Coffee

11.45–12.00      Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (1) Rannta aonair //  Marginalia Medley (1) Verses
12.00–12.45      An tOllamh Liam Breatnach: ‘Marginalia in TCD MS H 3. 17’

12.45–2.30               Lón  & Taispeántas    //   Lunch & Exhibition

2.30–3.00        An Dr Mícheál Hoyne: ‘Merchants and monkeys in medieval Ireland.’
3.00–3.25        An Dr Katharine Simms: ‘The exception of the cat in the larder: adultery justified - the dindshenchas of Inis Saimér.’
3.30–4.00        An tOllamh Cathal Ó Háinle: ‘A lost story from the banks of the Shannon.’
4.00–4.15         Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (2) Nótaí le scríobhaithe   //  Marginalia Medley (2) Scribal notes

4.30                            Fáiltiú fíona   //   Wine reception.

 

Dé hAoine // Friday 17.5.2019

9.00 –9.30         An tOllamh Damian McManus: “Body and soul: tales from ‘this’ and the ‘other’ side in medieval Irish literature.”
9.30–10.00         An Dr Andrea Palandri: “Salamanders or Asbestos? The ‘horizon of expectation’ in the Irish Marco Polo.”

10.00–10.30        Peter Weakliam: ‘An scéal laistigh de na scéalta: scéal na teicneolaíochta i bhficsean Phádraig Uí Chíobháin.’
10.30–11.00        Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (3) Rannta aonair //  Marginalia Medley (3) Verses

11.00–11.45                      Tae agus Caife   //   Tea and Coffee

11.45–12.15         An Dr Eoin Mac Cárthaigh: ‘An scéal laistiar de nóta imill in Stonyhurst A II 20 (imleabhar 1).’
12.15–12.40        An Dr Nike Stam: ‘Céile Críst’s adventure in Rome.’
12.40–1.00          Ariana Malthaner: ‘The intersection of literature and law: the saga of Fergus mac Léti.’

1.00–2.15                                  Lón   //   Lunch

2.15–2.40           Philip Mac a’ Ghoill: ‘Coimirce, marú agus bagairt aoire: Díbirt Chú Choigcríche Uí Chléirigh, 1546.’
2.40–3.10           An Dr Chantal Kobel: ‘Peripheral voices: scribal marginalia in TCD MS H 3.18 (1337).’
3.10–3.25           Meascán Scéilíní  // Anecdotes Medley
3.45–4.30          An tOllamh Joseph Falaky Nagy: ‘Stories Cú Chulainn tells in Tochmarc Emire.

 

29.1.16

Éigse na Tríonóide: Féile Ghaeilge 2016 i gcroílár na hardchathrach

Tá an-áthas ar An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le hOifig na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn, clár imeachtaí Éigse na Tríonóide 2016 a fhógairt. Seachtain spleodrach a bhíonn i gceist leis an Éigse gach bliain, agus muid ag ceiliúradh na Gaeilge i gcroílár Bhaile Átha Chliath. Beidh an fhéile spraíúil seo ar siúl ón Luain 1 go dtí an Aoine 5 Feabhra, agus imeachtaí ó mhaidin go hoíche inti a fhreastalaíonn ar gach cineál spéise, agus comhpháirtíochtaí spreagúla le cumainn agus le hoifigí eile sa Choláiste i gceist. I measc na mbuaicphointí a bheidh againn i mbliana ná: Turais Ailtireachta agus Ealaíne; Éigse Thuar Ceatha le Micheál Ó Conghaile agus David Norris; Éigse Liteartha ag déanamh comóradh ar 1916; Fugitive na Gaeilge agus Oíche Mhór DJ le Trinity FM!  

Féach ar an nasc seo don chlár iomlán imeachtaí: https://www.tcd.ie/gaeloifig/eolasfaoineigse2016.php
Tá gach ceann de na himeachtaí seo thíos saor ó tháille, oscailte do chách, agus ní gá aon rud a chur in áirithint roimh réidh: 
Bígí linn ón 1ú lá Feabhra ar aghaidh lenár dteanga náisiúnta a cheiliúradh!

TEAGMHÁIL
Maria Schaler, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh reachtaire@cumann.ie     085 740 5560 
Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge  gaeloifig@tcd.ie     087 623 2841

31.10.2012

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle: Seolfar Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle ar an Déardaoin 22 Samhain 2012.

Tuilleadh eolais ar ball.

09.02.2011

A Guide To Ogam ar fáil le ceannach!

A Guide To Ogam as cló le píosa maith, ach tá athchló curtha anois air agus tá sé ar fáil le ceannach ó Roinn na Gaeilge.

22.01.2011

Lá Oscailte: Beidh an lá oscailte ag Coláiste na Tríonóide ar an Sathairn 22.1.2011

Tuilleadh eolais faoi na cúrsaí atá á gcur ar fáil ag Roinn na Gaeilge anseo.

15.11.2010

Beidh léacht á tabhairt ag an Ollamh Damian McManus Dé hAoine 19.11.2010

'Léacht Reachtúil an Tionóil: The Bardic Poetry Database: opportunities and challenges for future scholarship'

Ionad: Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Foirgneamh Newman, Amharclann R.

Am: 8pm

Tuilleadh eolais ar fáil faoin Tionól ar shuíomh Insititiúide Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

 

Naisc úsáideacha

Suíomhanna a bhaineann le Coláiste na Tríonóide

Ar ais go barr

Eagraíochtaí Gaeilge

Ar ais go barr

Áiseanna

Ar ais go barr