Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Fochéime > Luath agus Nua-Ghaeilge

BA sa Luath- agus Nua-Ghaeilge (Céim Aononóra)

Tugann an chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge traenáil do mhic léinn le stáidéar criticiúil a dhéanamh ar theanga, litríocht agus cultúr na hÉireann agus na hAlban ón tréimhse is luaithe go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar réimse leathan téacsanna agus údar, agus cuirtear bunscileanna na hanailíse teangeolaíche agus liteartha os comhair na mac léinn, chomh maith le gnéithe den stair shóisialta, paileagrafaíocht, béaloideas agus focleolaíocht chomparáideach.

Cloch oghaim ar an gClochan Liath

Tá dhá shruth leis an gcúrsa: sruth na Luath-Ghaeilge ina bpléitear gach gné den ábhar síos go dtí an dara haois déag, agus sruth na Nua-Ghaeilge a chlúdaíonn an tréimhse ó dheireadh an dara haois déag go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar ghaolmhaireachtaí Ceilteacha agus Ind-Eorpacha na Gaeilge sa Luath-Ghaeilge, agus sa tríú agus sa cheathrú bliain cuirtear cúrsa ar fáil sa Nua- agus sa Mheán-Bhreatnais, ach an fhoireann a bheith ar fáil chuige. Cuid lárnach is ea Gaidhlig na hAlban i sruth na Nua-Ghaeilge.

Bíonn go leor deiseanna ag mic léinn ábhair staidéir a roghnú sa chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge. Tá fáilte roimh mhic léinn na dara bliana modúl a roghnú sa Teangeolaíocht nó ón Churaclam Leathan. I mblianta na céime (Bliain 3 agus 4), roghnaítear 4 mhodúl Nua-Ghaeilge ó liosta roghanna gach bliain. Athraíonn na roghanna seo ó bhliain go bliain agus bíonn réimse leathan topaicí ar fáil. Is féidir le mic léinn leathbhliain a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an Luath-Ghaeilge thar lear chomh maith.

Sa cheathrú bliain, leanann na mic léinn lena gcuid staidéar i gceann amháin den dá shruth, Nua-Ghaeilge nó Luath-Ghaeilge. Is í aidhm shainiúil an ceathrú bliain deis a thabhairt do mhic léinn díriú ar an ábhar is fearr leo. Sa tráchtas (c. 10,000 focal) ach go háirithe, a scríobhann siad faoi stiúir bhall de fhoireann na roinne, tá deis acu pé gné den ábhar a roghnaigh siad don cheathrú bliain a scrúdú go mion agus a gcumas scolártha a fhorbairt.

Úsáideach: IMLÍNE AR NA MODÚIL - liosta de na modúil ar fad i Roinn na Gaeilge.

Féach freisin an lámhleabhar do Bhliain a hAon, Bliain a Dó, Bliain a Trí agus Bliain a Ceathair.

Tiocfaidh tú ar an bhfoirm le haistí a chur isteach anseo (doiciméad Word).

Ní mór do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoin Nua-Ghaeilge H4 ar a laghad a bheith acu sa Ghaeilge Ardleibhéil san Ardteist.

Féach eolas faoin CAO agus faoi riachtanais iontrála srl ar shuíomh an Choláiste.