Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Fochéime > Comhchéim Onóracha

Comhchéim Onóracha sa Ghaeilge

Nua-Ghaeilge mar chuid de chomhchéim onóracha

Tá struchtúr nua céime ag Coláiste na Tríonóide ó 2018 i leith - an Chomhchéim Onóracha. Tá níos mó solúbthachta ag an mac léinn féin ó thaobh conair a gcúrsa le hais na céime Modhnóireachta Dhá Ábhar (MDÁ) a chuaigh roimhe. Tugann an chéim sa Ghaeilge traenáil do mhic léinn le stáidéar criticiúil a dhéanamh ar theanga, litríocht agus cultúr na hÉireann agus na hAlban ón dara haois déag go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar réimse leathan téacsanna agus údar, agus cuirtear bunscileanna na hanailíse teangeolaíche agus liteartha os comhair na mac léinn, chomh maith le gnéithe den stair shóisialta, paileagrafaíocht, agus béaloideas. Cuid lárnach is ea Gaidhlig na hAlban i sruth na Nua-Ghaeilge.

Sabhal Mor Ostaig
Campas Shabhal Mòr Ostaig ón aer

Bíonn go leor deiseanna ag mic léinn ábhair staidéir a roghnú sa chúrsa sa Ghaeilge. Sa Chomhchéim Onóracha,bíonn deis ag mic léinn sa dara bliain staidéar a dhéanamh ar rudaí iomlán nua, idir 'Trinity Electives' agus modúil oscialte ó ranna eile, agus i roinnt cásanna, ag roghnú Mionábhair nua. I mblianta na céime (Bliain 3 agus 4), féadfaidh mic léinn díriú níos mó nó níos lú ar ábhair ar leith trí mion- agus mór-ábhar a roghnú, nó an dá abhar achoimeád ar chomhsheasamh. Roghnaítear modúil ó liosta roghanna gach bliain. Athraíonn na roghanna seo ó bhliain go bliain agus bíonn réimse leathan topaicí ar fáil. Sa tríú bliain bíonn deis ag mic léinn (ag brath ar an gconair a roghnaítear) dul thar sáile ar Erasmus.

Sa cheathrú bliain, bíonn rogha ag na mic léinn leanúint lena gcuid staidéar i gceann amháin den dá ábhar, Gaeilge nó an t-ábhar eile, nó an dá cheann a choinneáil. Is í aidhm shainiúil an ceathrú bliain deis a thabhairt do mhic léinn díriú ar an ábhar is fearr leo leis an miontráchtas. Sa tráchtas (c. 10,000 focal) ach go háirithe, a scríobhann siad faoi stiúir bhall de fhoireann na roinne, tá deis acu pé gné den Nua-Ghaeilge a scrúdú go mion agus a gcumas scolártha a fhorbairt.

 

Eolas úsáideach: IMLÍNE AR NA MODÚIL - imlíne ar an measúnú agus ar na torthaí foghlama in gach modúl, Luath agus Nua.

Caith súil ar an lámhleabhar don Chomhchéim Onóracha sa Chéad and Dara Bliain, agus don Tríú agus Ceathrú Bliain.

Tiocfaidh tú ar an bhfoirm le haistí a chur isteach anseo (doiciméad Word).

 

Bliain a hAon

  • Nualitríocht
  • Pobal agus Teanga (Éire agus an Ghaeilge san Eoraip)
  • Scéalaíocht Chéitinn agus an Dán Díreach
  • Ceart agus Labhairt na Teanga

Barr an Leathanaigh

 

Bliain a Dó

  • Béaloideas
  • Gaeilge na hAlban
  • Nualitríocht
  • Ceart agus Labhairt na Teanga

Barr an Leathanaigh

 

Bliain a Trí/Ceathair

  • Ceapadóireacht
  • Gaeilge na hAlban
  • Paileagrafaíocht
  • Scéalaíocht na Sean-Ré

Ar na roghanna Nua-Ghaeilge, b'fhéidir go mbeadh:

  • Litríocht an Bhéaloidis
  • Stair na Gaeilge
  • Litríocht an Domhain - aistrithe
  • 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire'
  • 'Cúirt an Mheán-Oíche'
  • Filíocht na Fiannaíochta
  • Dán Díreach
  • Máirtín Ó Cadhain
  • Aogáin Ó Rathaille
  • An Dírbheathaisnéis
  • Prós na Nua-Ghaeilge Moiche
  • An Fhilíocht Chomhaimseartha
  • Litríocht Ghaeilge na hAlban

Barr an Leathanaigh