An Ghaeltacht
Mar chuid den chéim sa Nua-Ghaeilge, ní mór do gach mac léinn ceann de mhórchanúintí na Gaeilge a roghnú (Connacht, Mumhan nó Uladh) do na ranganna sa teanga labhartha. Moltar go láidir mí ar a laghad a chaitheamh i gceantar Gaeltachta i rith na céime. Tá an tréimhse cónaitheachta riachtanach le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus tugann sé spreagadh iontach do mhuinín agus líofacht na mac leinn sa Ghaeilge. Tá deontais ar fáil do gach mac léinn gach bliain le tréimhse ama a chaitheamh tumtha i saol na Gaeltachta.
Caitheann cuid mhaith d'ár gcuid mac léinn an samhradh ar chúrsaí Gaeilge nó ag obair i gceantair Ghaeltachta. I mí Bealtaine gach bliain, cuirtear dianchúrsa ar fáil do mhic léinn na Tríonóide amháin in Áras Mháirtín Uí Chadhain, Conamara. Deis iontach í seo do mhic léinn aithne ceart a chur ar a chéile, agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge roimh thús na bliana nua.


