Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Fochéime

Fochéim

Tá réimse cúrsaí fochéime ar tairiscint againn. Cúrsaí ceithre bliana ár gcuid cúrsaí ar fad ag Coláiste na Tríonóide agus beidh seans agat cuid den am sin a chaitheamh thar lear ar Erasmus.

Seomra rangaIs féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de Chomhchéim Onóracha maraon le hábhar eile (Modhnóireacht Dhá Ábhar a chomhionann do mhic léinn sa tríú agus ceathrú bliain), nó mar chuid de dhá chlár ildisciplíneach - Léann na hEorpa nó ERT. Breathnaíonn an BA i Léann na hEorpa ar an Eoraip tri dhisciplíní na Staire, na Polaitíochta agus tuilleadh, agus féadfaidh mic léinn gabháil do dhá theanga Eorpach mar chuid dá gcuid staidéir, agus an Ghaeilge ina measc. Ar an gclár Eolaíocht Ríomhairí agus Teanga (ERT), déanfaidh tú staidéar ar Eolaíocht Ríomhairí, ar Theangeolaíocht agus ar do rogha teanga as Fraincis, Gearmáinis nó Gaeilge.

Má tá suim agat sna meánaoiseanna, seans go mbainfeá taitneamh agus tairbhe as an gCéim Aononórach sa Luath- agus Nua-Ghaeilge. Leanann cuid na Nua-Ghaeilge den chúrsa mórán an cúrsa céanna leis an gComhchéim Onóracha, agus díríonn cuid na Luath-Ghaeilge ar theanga agus litríocht na hÉireann ó ré na meánaoiseanna agus níos luaithe.

Le tuilleadh eolais a fháil ar ár gcuid cúrsaí fochéime, brúigh ar na nascanna seo a leanas: