Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo An Ghaeilge sa Coláiste > Staidéar ar an nGaeilge

An Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide?

Má tá suim agat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge - Luath nó Nua - ba cheart duit smaoineamh ar theacht ag staidéar anseo linne i gColáiste na Tríonóide.

Staidéar

Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Roinn na Gaeilge ó thaobh teagaisc agus taighde de. Cuireann muid cúrsaí éagsúla fochéime agus iarchéime ar fáil, chomh maith le modúil do mhic léinn ar cuairt. Clúdaítear gach gné den Ghaeilge agus den litríocht inti, ó thús na teanga, tríd na cúrsaí s'againn. Múintear an Luath-Ghaeilge agus modúil na mac léinn ar cuairt trí mheán an Bhéarla; múintear gach rud eile trí mheán na Gaeilge. Tá bród orainn a bheith mar mhion-ghaeltacht taobh istigh de phríomhchathair na hÉireann, agus cabhraíonn muid lenár gcuid mac léinn an Ghaeilge a úsáid gach aon lá.

Sabhal Mor Ostaig on speirCuid lárnach de chúrsa na Nua-Ghaeilge staidéar a dhéanamh ar Ghaidhlig na hAlban - rud nach fíor faoi choláistí eile na tíre - agus bíonn deis ag ár gcuid mac léinn cuairt a thabhairt ar Shabhal Mòr Ostaig ar an Eilean Sgeithanach. Eagraíonn muid cúrsa i ngaeltacht Chonamara gach bliain dár mic léinn féin, agus tugann muid tacaíocht do mhic léinn a thugann cuairt ar ghaeltachtaí eile. Bíonn deis ag mic léinn na Luath-Ghaeilge staidéar a dhéanamh thar lear ar feadh leath-bhliana. Léigh próifíl Christina Cleary, iarscoláire dár gcuid, agus féach conas a d'éirigh léi thall in Aberystwyth.

Tá acmhainní Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, Gael Linn, agus Gaelchultur díreach taobh amuigh de gheataí Choláiste na Tríonóide. Tá acmhainní taighde den scoth ar nós Leabharlann Naisiúnta na hÉireann agus Acadamh Ríoga na hÉireann i bhfoisceacht cúpla slat den choláiste. Tá teacht ag mic léinn taighde ar bailiúchán lámhscríbhinní Choláiste na Tríonóide trí leabharlann an choláiste. Anseo sa Roinn tá cóipeanna micreascannáin de lámhscríbhinní béaloidis de chuid Choimisiún Bhéaloideas na hÉireann, chomh maith le hacmhainní maithe eile.

Saol

Campanile san oícheTá Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteach beag, cairdiúil mar roinn - cuireann an fhoireann agus na mic léin an-aithne ar a chéile, agus bíonn na léachtóirí sásta i gcónaí rudaí a phlé leis na mic léinn. Is minic a bhuaileann iar-mhic léinn isteach chugainn, agus iad fós cairdiúil go minic leis na daoine ar bhuail siad leo sna ranganna Gaeilge. Beidh an-chuid deiseanna agat aithne a chur ar mhic léinn eile i do bhliain féin nó i mblianta eile - trí dhul go dtí an ghaeltacht leis an choláiste, b'fhéidir, nó bualadh le chéile ag Club Chonradh na Gaeilge ar Oíche na Mac Léinn. Le blaiseadh a fháil, féach an méid a bhí le rá ag ár gcuid iarscoláirí.

An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is láidre sa choláiste, agus cuireann siad go leor leor imeachtaí ar siúl i gcaitheamh na bliana, mar shampla, an Ciorcal Comhrá seachtainiúil, turas bliantúil go hOireachtas na Gaeilge, Éigse na Tríonóide, agus Bál na Gaeilge. Tá cumann ceoil thraidisiúnta bríomhair (Tradsoc) anseo sa choláiste chomh maith. Cuireann Oifigeach na Gaeilge an Ghaeilge chun cinn timpeall an choláiste ar go leor bealaí, ó mhaidíní caife sa Bhuitreach go dtí an Scéim Chónaithe, scéim ina mbronntar deontas ar mhic léinn a chónaíonn le chéile trí mheán na Gaeilge i lóistín an choláiste.

Tá Coláiste na Tríonóide é féin lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath, gar do na siopaí, iarsmalanna, bialanna, dánlanna agus tithe tábhairne uile. Tá campas álainn againn, a dtugann daoine ó fud fad an domhain cuairt air - agus d'fhéadfása a bheith anseo chuile lá.