Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Taighde > Bardic @ TCD > Treoir SketchEngine

bardic@tcd - Treoir leis an gCorpas a Úsáid (le SketchEngine)

Irish Syllabic Poetry, circa 1200-1650: BARDIC@TCD

Mo mhallacht ort, a shaoghail (poem)

Tá an corpas clibeáilte seo d’fhilíocht na scol ar fáil anois don phobal mór ag https://app.sketchengine.eu/#open. An príomhbhuntáiste a bhaineann leis do thaighdeoirí ná gur féidir leama focail (is é sin an leagan den fhocal a bheadh mar cheannfhocal i bhfoclóir) i gCaighdeán Oifigiúil an lae inniu a úsáid chun cuardach a dhéanamh. Tagann sé sin timpeall ar na deacrachtaí a bheadh ann dá gcaithfí séimhiú, urú, litriú lámhscríbhinní, foirmeacha malartacha sa Nua-Ghaeilge Clasaiceach srl. a chur san áireamh sa chuardach.
Obair idir lámha is ea an tionscadal seo ach mheasamar gurbh fhearr corpas neamhiomlán a chur ar fáil ag an bpointe seo mar áis do thaighdeoirí ná fanacht níos faide. Tá sé ar intinn againn gach dán a tháinig anuas chugainn a chur ar fáil amach anseo (thart ar 2,000 dán san iomlán), chomh maith leis na solaoidí ó na tráchtais ghramadaí, ach táimid ag tosú leis na dánta in Damian McManus agus Eoghan Ó Raghallaigh (eag.), A Bardic Miscellany: Five hundred bardic poems from manuscripts in Irish and British libraries (Baile Átha Cliath 2010).

Táimid faoi chomaoin mhór acu siúd uile a leag na bunchlocha ar a bhfuil an tionscadal seo á thógáil:

  • Saothar na scoláirí uile le blianta fada a chuir dánta in eagar is i gcló.
  • Saothar saoil an Dr Katharine Simms FTCD le catalógú agus innéacsú a dhéanamh ar na dánta uile a tháinig anuas chugainn. Tá torthaí a cuid oibre ar fáil ar shuíomh gréasáin Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (https://bardic.celt.dias.ie/). Tá uasdátú leanúnach á dhéanamh ar an mbunachar seo ag an Dr Mícheál Hoyne san Institiúid.
  • An digitiú a rinneadh, faoi stiúir an Oll. Damian McManus i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, ar dhánta foilsithe agus neamhfhoilsithe agus ar sholaoidí na dtráchtas gramadaí agus comhréire. Is féidir na dánta a léamh ina gceann is ina gceann ag https://bardic.celt.dias.ie/. Tá na solaoidí (doiciméad PDF) ar fáil mar chomhad ar leith ar an suíomh gréasáin seo.
  • An chabhair atá faighte againn ó bhuíon scoláirí chun clibeáil agus leamú a cheartú. Táimid thar a bheith buíoch de Cholm Ó Cuaig, Micheál Hoyne, Philip Mac a’ Ghoill, Damian McManus, Deirdre Nic Chárthaigh and Eoghan Ó Raghallaigh.
  • An obair cheannródaíoch atá déanta ag Caoimhín Ó Scannail ar normalú téacsanna Gaeilge réamhChaighdeánacha agus ag Elaine Uí Dhonnchadha ar leamú agus ar chlibeáil ranna cainte don Ghaeilge.

Gheofar cur síos níos iomláine ar chúlra an tionscadail in Eoghan Ó Raghallaigh (eag.), Léachtaí Cholm Cille 50 (2020) 85–99 (osclaíonn an nasc doiciméad PDF.)
Is i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, atá an tionscadal seo lonnaithe. Stiúrthóirí: Eoin Mac Cárthaigh (Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha) agus Elaine Uí Dhonnchadha (Lárionad Léinn Teanga agus Cumarsáide). Teagmháil: bardic@tcd.ie.

Conas cuardach a dhéanamh

(Gheofar treoracha níos iomláine ar shuíomh Sketchengine.)

Téigh chuig https://app.sketchengine.eu/#open.

Roghnaigh Irish Syllabic Poetry, circa 1200-1650 (BARDIC@TCD)

 

Sketch Engine Guide step 1

 

Chun cuardach simplí a dhéanamh, roghnaigh ‘CONCORDANCE’. (Is féidir ‘CONCORDANCE’ a roghnú ón liosta siombailí ar thaobh na láimhe clé den scáileán freisin.)

Sketch Engine Guide step 2

 

Is féidir cuardach a dhéanamh ar fhocal díreach mar atá sé san fhoinse nó ar leama an fhocail i gCaighdeán Oifigiúil an lae inniu (is é sin, ar bhunfhoirm chaighdeánach an fhocail gan athrú tosaigh ná infhilleadh). Mar shampla, chun an focal ‘shaoghail’ sa líne ‘Mo mhallacht ort, a shaoghail’ a aimsiú, is féidir shaoghail a chuardach nó an leama caighdeánach saol.

Sketch Engine Guide step 3

 

Léirítear torthaí cuardaigh mar liosta samplaí ar an scáileán, le dath dearg ar an bhfocal a cuardaíodh.

Sketch Engine Guide step 4

 

Féadfaidh tú tuilleadh den bhuntéacs a fheiceáil ach cliceáil ar dheis ar an gcuid dhearg seo den sampla.

Sketch Engine Guide step 5

 

Ag tús gach sampla sa liosta samplaí ar an scáileán, feicfidh tú leithéidí ‘P42.1’ nó ‘P1848.11’ (.i. dán 42, rann 1 srl.).

Sketch Engine Guide step 6

 

Má chliceálann tú ar dheis air seo, gheobhaidh tú sonraí faoin dán ó bhunachar Simms (https://bardic.celt.dias.ie/).

Sketch Engine Guide step 7

 

Is féidir cuardach simplí a dhéanamh ar níos mó ná focal amháin. Mar shampla, má chuardaíonn tú a saol (nó a shaoghail) aimseoidh tú an líne ‘Mo mhallacht ort, a shaoghail’ (i measc samplaí eile).

Sketch Engine Guide step 8

 

Feicfidh tú gur féidir samplaí a chur in ord na haibítre ar an scáileán ach cliceáil ar ‘left context’, ar ‘KWIC’ (= ‘key word in context’) nó ar ‘right context’.

Sketch Engine Guide step 9

 

Is féidir an fhormáid ina gcuirtear samplaí ar fáil a athrú. Cuir i gcás, feicfidh tú ag bun an scáileáin gur féidir líon na samplaí ar an leathanach a athrú (‘Rows per page’).

Sketch Engine Guide step 10

 

Féadfaidh tú líon na mionsonraí a bhíonn le feiceáil ar an scáileán a athrú freisin ach cliceáil ar tsúil bheag os cionn an liosta samplaí.

Sketch Engine Guide step 11

 

Mar shampla, b’fhéidir gur mhaith leat briseadh na línte sa bhundán a léiriú, nó na clibeanna atá ceangailte leis an bhfocal a cuardaíodh.

 

Sketch Engine Guide step 12

 

Is féidir saoróga a úsáid chun focail a lorg san fhoirm ina bhfuil siad sa bhuntéacs – comhartha ceiste do litir amháin agus réiltín do litir amháin nó níos mó agus do chásanna nach bhfuil aon litir ann. Cuir i gcás, má chuardaítear shaogh?il, aimseofar samplaí de ‘shaoghail’, ‘shaoghoil’ agus ‘shaoghuil’. Má chuardaítear sh*l, aimseofar focail dar tús ‘sh’ agus dar críoch ‘l’.

Sketch Engine Guide step 13

 

Mar a dúradh thuas, is féidir cuardach a dhéanamh ar níos mó ná focal amháin. Má dhéantar cuardach simplí ar bí í, abair, ginfear liosta samplaí ina bhfuil an dá leama seo díreach i ndiaidh a chéile san ord sin.

Sketch Engine Guide step 14

 

Ach, má dhéantar cuardach casta, gheofar samplaí ina bhfuil bearna idir an dá leama agus ina dtagann ‘i’ roimh ‘bí’freisin:

  • Roghnaigh ‘CONCORDANCE’,
  • ansin ‘ADVANCED’,
  • cuir ar an líne chuardaigh,
  • cliceáil ar an tsaighead bheag is aice le ‘filter context’ ag bun an leathanaigh,
  • roghnaigh ‘lemma context’,
  • iontráil i mar lemma,
  • agus cuir teorainn leis an líon focal idir ‘bí’ agus ‘i’.
Sketch Engine Guide step 15

 

Seo roinnt de na samplaí a ghinfidh an cuardach casta sin:

 

Sketch Engine Guide step 16

 

Feicfidh tú gur féidir ‘text types’ a roghnú freisin chun torthaí a scagadh de réir roinnt de na ceannteidil i mbunachar Simms.

Sketch Engine Guide step 17

 

Saothar idir lámha is ea an tionscadal seo agus tá a lán oibre fós le déanamh air. Iarraimid ar lucht úsáide na seirbhíse seo bheith foighneach linn. Beidh fáilte is fiche roimh chomhfhreagras ag bardic@tcd.ie.