Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo An Ghaeilge sa Coláiste > An Cumann Gaelach

An Cumann Gaelach

Bunaíodh Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i 1906 agus tá sé ag fás ó shin. I mbliana tá beagnach aon mhíle ball ag an gCumann. Níl sé riachtanach a bheith líofa le bheith lánpháirteach sa Chumann - cuirtear fáilte roimh dhaoine ar bheagán Gaeilge freisin. Tá sé mar chuspóir ag an gCumann deis agus ionad teagmhála a sholáthar dóibh siúd a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a labhairt, a fheabhsú nó a fhoghlaim.

Gach bliain eagraíonn an Cumann céilithe, grúpaí amhránaíochta, ranganna rince seite, bunranganna gaeilge d'eachtrannaigh, agus deirí seachtaine as baile, agus reachtaítear seachtain d'ócáidí cultúrtha gach bliain, Éigse, agus tá sé seo ar cheann de na hócáidí is suntasaí sa bhliain.

Tá an Cumann lonnaithe i Seomra 8 san Atrium.
(Seoladh: Bosca 20, Áras an Leas-Rí, Coláiste na Tríonóide)

Féach suíomh an Chumainn Gaelaigh.

Tá fáilte roimh bhaill bualadh isteach lá ar bith, agus cupán tae nó caife agus tamall comhrá a bheith acu.