Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Cúrsaí > Cúrsaí Iarchéime > Iarchéim le Taighde

Taighde

Féadfaidh mic léinn taighde léamh i dtreo an M.Litt. (1-3 bliana) nó PhD (3-5 bliana) i Roinn na Gaeilge. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn ar staidéar iarchéime taighde faoi réir ag na rialacháin atá leagtha amach i Réamheolaire Iarchéime na hOllscoile. Le tuilleadh eolais a fháil faoi sin, téigh chuig suíomh na Oifige um Léann Iarchéime.

Is tríd an Oifig um Léann Iarchéime a déantar na hiarratais, ach moltar go láidir teagmháil neamhfhoirmiúil a dhéanamh leis an Roinn lena fheiceáil cé chomh hoiriúnach is a bheadh iarrthóir, cé chomh hindéanta is atá an t-ábhar atá á mholadh agus maidir le hainmniúchán stiúrthóra ar an tráchtas. Tugann baill foirne na Roinne aire don taighde ina réimsí féin (féach Taighde na Foirne).

Scoláireachtaí

Féadfaidh mic léinn atá ag smaoineamh ar iarchéim le taighde, nó ina bhun, cur isteach ar Scoláireachtaí éagsula - tá eolas ar fáil ar shuíomh na hOifige um Léann Iarchéime maidir le deiseanna do iarrthóirí Éireannacha, ón AE agus ó lasmuigh den AE.

Tá Scoláireacht dár gcuid féin againn chomh maith do dhaoine i mbun taighde dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge ach go háirithe - the Scoláireacht Henry Flood, agus gheobhaidh tú eolas maidir leis an próiseas iontrála do 2023-24 sa PDF seo. Cliceáil anseo.

NB Síneadh ama curtha leis an spriocdháta suas go dtí 25.8.2023.