Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Mionábhair i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr

Tá an t-eolas seo ar fáil i bhfoirm PDF anseo.

1. Cén fáth a mbeadh an Ghaeilge agat mar mhionábhar?

An mbaineann tú taitneamh as Gaeilge a labhairt? An maith leat an Ghaeilge a scríobh is a léamh? Más mian leat barr feabhais a chur ar do chumas sna réimsí sin, seo an cúrsa duitse. Tá cáil ar fhoireann Roinn na Gaeilge sna goirt ina bhfuil siad ag obair mar scoláirí agus iad ag foilsiú leo go rialta. Chomh maith leis sin, tá an-cháil ar an Roinn as a bheith cairdiúil, rud a thaitníonn go mór lenár gcuid mac léinn. San iomlán, is geall le mionGhaelacht i lár na príomhchathrach sinn.
Tá réimse an-leathan gairmeacha ag daoine a rinne Nua-Ghaeilge anseo. Ina measc tá cuid mhaith múinteoirí, iriseoirí (sna meáin Ghaeilge go háirithe) agus daoine le postanna eile sna meáin – teilifís, ceol, beochan, raidió agus an t-idirlíon. Tá borradh tagtha ar líon na ndaoine a fhaigheann postanna mar ateangairí agus aistritheoirí, cuid acu siúd thar sáile. Tá léachtóirí ollscoile agus leabharlannaithe againn chomh maith, agus iarmhic léinn eile ag obair sa tseirbhís phoiblí, le gnó agus le margaíocht.
Is trí mheán na Gaeilge a mhúinfear do chúrsa. Foghlaimeoidh tú faoi gach gné den Nua-Ghaeilge: ón bhFiannaíocht sa 13ú haois go Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill sa lá atá inniu ann. Cuirfidh tú go mór le do chumas i labhairt agus scríobh na Gaeilge, agus déanfaidh tú staidéar foirmiúil ar cheartúsáid na teanga. Caithfidh tú tréimhse sa Ghaeltacht mar chuid de do chúrsa.

 

2. Riachtanais iontrála agus na leibhéil atá ar fáil

Níl cúrsa ar fáil do thosaitheoirí sa Ghaeilge. Ní mór duit an Ghaeilge a bheith déanta agat don Ardteist agus H4 ar a laghad bainte amach agat san ábhar.

 

3. An Ghaeilge mar mhionábhar – an cúrsa teagaisc

Bliain a 2:


Modúl

Teideal

ECTS

Seimeastar

Éigeantach / Rogha

IRU11441

Ceart agus Labhairt na Teanga T1

5

1

Éigeantach

IRU11411

Pobal agus Teanga

5

1

Rogha

IRU11401

Nualitríocht T1

5

1

Rogha

IRU11442

Ceart agus Labhairt na Teanga T2

5

2

Éigeantach

IRU11402

Nualitríocht T2

5

2

Rogha

IRU11422

Dán Díreach &  Céitinn

5

2

Rogha

Bliain a 3:


Modúl

Teideal

ECTS

Seimeastar

Éigeantach / Rogha

IRU22441

Ceart agus Labhairt na Teanga T1

5

1

Éigeantach

IRU22511

Nuafhilíocht

5

1

Rogha

IRU22421

Béaloideas

5

1

Rogha

IRU22442

Ceart agus Labhairt na Teanga T2

5

2

Éigeantach

IRU22432

Gaeilge na hAlban

5

2

Éigeantach

Bliain a 4:
Beidh deich bpointe creidmheasa le déanamh agat sa teanga féin (éigeantach) agus deich bpointe i gcúrsaí roghnacha. Tairgtear iliomad rogha litríochta ag an leibhéal seo – idir litríocht próis, Fiannaíocht, béaloideas, nuafhilíocht, Gaeilge Chlasaiceach, drámaíocht srl.
20 creidmheas ECTS atá le déanamh gach bliain.
Tá na lámhleabhair ar fáil ag https://www.tcd.ie/Irish/undergraduate/index.ga.php

4. Do thréimhse thar lear

Tá deontas ar fáil do gach mac léinn le cabhrú leo dul siar go dtí an Ghaeltacht sa Cheathrú Rua ar feadh coicíse ar dhianchúrsa Gaeilge. I roinnt cásanna, féadfaidh mic léinn socrú Erasmus a dhéanamh le tabhairt faoin ábhar eile thar lear ar feadh leathbhliana, agus an Ghaeilge ar fad a dhéanamh sa leathbhliain eile.

5. Scileanna mar chéimí

Tá réimse an-leathan gairmeacha ag daoine a rinne Nua-Ghaeilge anseo. Ina measc tá cuid mhaith múinteoirí, iriseoirí (sna meáin Ghaeilge go háirithe) agus daoine le postanna eile sna meáin – teilifís, ceol, beochan, raidió agus an t-idirlíon. Tá borradh tagtha ar líon na ndaoine a fhaigheann postanna mar ateangairí agus aistritheoirí, cuid acu siúd thar sáile. Tá léachtóirí ollscoile agus leabharlannaithe againn chomh maith, agus iarmhic léinn eile ag obair sa tseirbhís phoiblí, le gnó agus le margaíocht.

 

6. Céard a deir ár gcuid mac léinn?

“Níl aon amhras ach go bhfreastalaíonn an cúrsa seo ar an nGaeilge mar ábhar ach níos tábhachtaí ná sin, mar theanga chomh maith. Cuirtear léachtaí ar fáil (trí Ghaeilge ar ndóigh) ar nós: Pobal agus Teanga, Sean- agus Nua-fhilíocht, Béaloideas, Prós na Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban. Bíonn roghanna difriúla ann chuile bhliain. Anuas ar sin, tá Cumann Gaelach thar a bheith bríomhar i gColáiste na Tríonóide.
Ní fhéadfainn smaoineamh ar fhoireann teagaisc níos díograisí nó níos deise ná Foireann Roinn na Gaeilge. Cothaíonn said grá ionainn go léir don Ghaeilge agus tugtar spreagadh dúinn chun seoid ár n-oidhreachta a chaomhnú agus a fhorbairt chuile lá.”
Marie ní Bhraonáin, Céim sa Ghaeilge agus sa Drámaíocht
Láithreoir Spóirt ar TG4 agus múinteoir i gColáiste Gonzaga

“Do mholfainn an chéim seo go mór d’éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge i gcoitinne – mar atá sí sa lá atá inniu ann agus mar a bhí fadó – go háirithe dóibh siúd atá fiosrach faoin áit as a dtáinig sí i gcomhthéacs na hEorpa. Tá Roinn na Gaeilge ar cheann de na ranna is cabhraí agus is spreagúla dá bhfuil ann.”
Oisín Ó Muirthile, Céimí sa Luath agus Nua-Ghaeilge
Aistritheoir foilsithe ar ‘Cluiche na Corónach’ (Game of Thrones) agus iarchéimí ag Harvard