Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Comhdhála

8.3.2024 Lá Idirnáisiúnta na mBan

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil lae - 'Lá Idirnáisiúnta na mBan: Ceiliúradh ar Scoláireacht na mBan agus ar Cheist na hInscne i Léann na Gaeilge' ar an 8ú Márta. Beidh sé ar siúl ó 9.30am go dtí 6pm i Mol an tSeomra Fhada.

Tuilleadh eolais faoin léacht, faoin ábhar agus agus na cainteoirí anseo. Fáilte roimh chách.

9.11.2023 Léacht Chuimhneacháin Eleanor Knott

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, léacht chuimhneacháin in onóir do Eleanor Knott ar an 9ú Samhain. Beidh sé ar siúl ag 6pm in Téatar Mháirtín Uí Chadhain agus is é an tOllamh Ailbhe Ó Corráin (Ollscoil Uladh) a bheidh ag tabhairt na léachta.

Tuilleadh eolais faoin léacht, faoin ábhar agus faoin ionad anseo. Fáilte roimh chách.

26.5.2022 Comhdháil "Athchuairt ar Silva Gadelica / Silva Gadelica revisited"

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar an 20ú Bealtaine. Beidh an Chomhdháil lae á tionól ar an gcampas i Mol an tSeomra Fhada.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Fáilte roimh chách.

20.5.2023 Comhdháil "Dánta cogaidh agus dánta síochána ó lár an 17ú haois"

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar an 20ú Bealtaine. Tá súil againn an Chomhdháil lae a thionól beo ar an gcampas (agus ar líne), cé go mbeidh sé sin ag brath ar chúnisí sláinte poiblí ag an am.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

21.5.2021 Comhdháil Lae do Damian McManus

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ar an 21ú Bealtaine. Comhdháil lae ar líne a bheidh ann in onóir do Damian McManus agus é ag éirí as.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo. Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

20.11.2020 Comhdháil Uí Chadhain

Comhdháil Uí Chadhain 2020

Caitríona Pháidín le nótaí breactha air

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ag comóradh agus ag ceiliúradh beatha agus saothair an mhórscríbhneora Máirtín Ó Cadhain.

Tuilleadh eolais faoin gcomhdháil, faoi na cainteoirí, agus faoin gcaoi le ticéid a fháil anseo.Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

 

23.7.2019 Oíche Filíochta

Oíche filíochta - Dé Máirt 23 Iúil 2019 ag 7.30pm

Ailbhe ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Caitríona Ní Chléircín ag léamh a gcuid filíochta 23.7.19

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Biddy Jenkinson
Caitríona Ní Chléirchín

Léifidh triúr file cuid dá gcuid saothar filíochta sa Ghaeilge mar chuid de Chomhdháil 2019 IASIL. As Gaeilge a bheidh na himeachtaí ach míneofar an fhilíocht as Béarla freisin.

Cá háit? Acadamh Ríoga na hÉireann 19 Sráid Dhásain (in aice le Teach an Ard-Mhéara)

Saor in aisce Fáilte roimh chách

Tá an ócáid seo á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, mar chuid de Chomhdháil an Chumainn Idirnáisiúnta le Staidéar ar Litríochtaí na hÉireann, 2019 le tacaíocht fhial ó Fhoras na Gaeilge.

 

Scéalta, Scéilíní agus Nótaí Imill  as Litríocht na Gaeilge

16.5.19 - 17.5.19, Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide

Comhdháil dhá lá arna eagrú ag Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide i gcomhar leis an Leabharlann agus le tacaíocht ó Mhol an tSeomra Fhada

Déardaoin // Thursday 16.5.2019

9.30 –9.40                    Oscailt oifigiúil   //  Opening address (Damian McManus)

9.45–10.10       An Dr Eoghan Ó Raghallaigh: ‘The border wall of bones: a bardic prophecy.’
10.10–10.35      An Dr Christina Cleary: ‘Wrathful wives in medieval Irish literature.’
10.35–11.00      Deirdre Nic Chárthaigh: ‘An bodach agus bean an bharúin; eachtra imeallach.’

11.00–11.45                    Tae agus Caife   //   Tea and Coffee

11.45–12.00      Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (1) Rannta aonair //  Marginalia Medley (1) Verses
12.00–12.45      An tOllamh Liam Breatnach: ‘Marginalia in TCD MS H 3. 17’

12.45–2.30               Lón  & Taispeántas    //   Lunch & Exhibition

2.30–3.00        An Dr Mícheál Hoyne: ‘Merchants and monkeys in medieval Ireland.’
3.00–3.25        An Dr Katharine Simms: ‘The exception of the cat in the larder: adultery justified - the dindshenchas of Inis Saimér.’
3.30–4.00        An tOllamh Cathal Ó Háinle: ‘A lost story from the banks of the Shannon.’
4.00–4.15         Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (2) Nótaí le scríobhaithe   //  Marginalia Medley (2) Scribal notes

4.30                            Fáiltiú fíona   //   Wine reception.

 

Dé hAoine // Friday 17.5.2019

9.00 –9.30         An tOllamh Damian McManus: “Body and soul: tales from ‘this’ and the ‘other’ side in medieval Irish literature.”
9.30–10.00         An Dr Andrea Palandri: “Salamanders or Asbestos? The ‘horizon of expectation’ in the Irish Marco Polo.”

10.00–10.30        Peter Weakliam: ‘An scéal laistigh de na scéalta: scéal na teicneolaíochta i bhficsean Phádraig Uí Chíobháin.’
10.30–11.00        Meascán ó Imill na Lámhscríbhinní (3) Rannta aonair //  Marginalia Medley (3) Verses

11.00–11.45                      Tae agus Caife   //   Tea and Coffee

11.45–12.15         An Dr Eoin Mac Cárthaigh: ‘An scéal laistiar de nóta imill in Stonyhurst A II 20 (imleabhar 1).’
12.15–12.40        An Dr Nike Stam: ‘Céile Críst’s adventure in Rome.’
12.40–1.00          Ariana Malthaner: ‘The intersection of literature and law: the saga of Fergus mac Léti.’

1.00–2.15                                  Lón   //   Lunch

2.15–2.40           Philip Mac a’ Ghoill: ‘Coimirce, marú agus bagairt aoire: Díbirt Chú Choigcríche Uí Chléirigh, 1546.’
2.40–3.10           An Dr Chantal Kobel: ‘Peripheral voices: scribal marginalia in TCD MS H 3.18 (1337).’
3.10–3.25           Meascán Scéilíní  // Anecdotes Medley
3.45–4.30          An tOllamh Joseph Falaky Nagy: ‘Stories Cú Chulainn tells in Tochmarc Emire.