Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Comhdháil :: Athchuairt ar Silva Gadelica / Silva Gadelica revisited :: 26 Bealtaine 2023

Fáilte

postaer

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar champas i Mol an tSeomra Fhada ar an 26ú Bealtaine 2023. An téama atá ag an gComhdháil i mbliana Athchuairt ar Silva Gadelica / Silva Gadelica revisited. As Gaeilge agus as Béarla a bheidh na himeachtaí.

Eolas

Cathain? Dé hAoine 26 Bealtaine 2023

Cén Áit? Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide.

Cláraigh anseo: Cláraigh le Eventbrite.

Ticéid: Iontráil saor in aisce ach cláraigh le Eventbrite roimh ré. Fáilte roimh chách!

Seolfaidh Propast an Choláiste, an t-Ollamh Linda Doyle an Chomhdháil ag 9.45am - bígí linn!

 

Cainteoirí agus CathaoirlighRubrics (red building) TCD

  • Eoin Mac Cárthaigh
  • Propast Choláiste na Tríonóide, An t-Oll. Linda Doyle
  • Caoimhín Breatnach
  • Mícheál Ó Cróinín
  • Brianán Ní Bhuachalla
  • Deirdre Nic Chárthaigh
  • Meidhbhín Ní Úrdail
  • Mícheál Hoyne
  • Ann Dooley
  • Christina Cleary
  • Ciara Ní Mhurchú
  • Breandán Ó Cróinín
  • Liam Mac Cóil
  • Eiléan Ní Chuilleanáin

Táimid fíor-bhuíoch de Fhoras na Gaeilge agus de Dháimh na nEalaíon agus na nDaonnachtaí as a gcuid tacaíochta don ócáid seo.

Clár iomlán an lae anseo ar PDF.

Beathaisnéis na gcainteoirí agus achoimrí ar a gcuid cainteanna anseo ar PDF.

Teagmháil

rphost nibhraoc@tcd.ie
fón +353 1 896 1450
Instagram: tcd_r_na_gaeilge
Twitter: @TCDRnaGaeilge