Nuacht
Scéim Chónaithe an Champais agus Dhartraí 2 na bliana seo chugainn (2013-2014)
.Tá súil agam an comortas do Scéim Chónaithe an Champais agus Dhartraí 2 na bliana seo chugainn (2013-2014) a oscailt thart ar an 8 Márta 2013. Coinnigh súil gear ar an suíomh seo www.tcd.ie/gaeloifig. Beidh an fhoirm iarratais le híoslódáil ansin.
Maidir le Sceim Chónaithe Dhartraí do mhic leinn atá ag deanamh na hArdteste i mbliana, osclófar an comortas sin ag tús mhí Aibreáin 2013. Coinnigh súil ar an leathnach seo.
1 Márta 2013
Clár spreagúil beartaithe d'Éigse na Tríonóide
Tá seachtain iontach spleodrach, ildaite - Éigse na Tríonóide - eagraithe ag Gaeilgeoirí na Tríonóide i gcroílár Bhaile Átha Chliath, agus tá sé oscailte do chách. Beidh an ceiliúradh Gaelach seo ag leanúint ón Luain 28 Eanáir go dtí an Aoine 1 Feabhra 2013.
Beidh ar a laghad ceithre imeachtaí trí mheán na Gaeilge gach uile lá, agus mar sin tá rud éigin do gach duine le gach cineál spéise. Ar bharr ar phancóga agus tae saor in aisce i Seomra na Gaeilge gach maidin, beidh pobal Gaeilge an Choláiste bailithe le chéile do chúpla mór-imeachtaí atá an-dhifriúil agus an-chorraitheach.
Leigh anseo le haghaidh tuilleadh eolas faoin Éigse.
Tá Clár Ama na hÉigse ar fáil anseo.
24 Eanáir 2013
Aighneachtai á lorg- an Dara Scéim Teanga á hullmhú ag Coláiste na Tríonóide
.Tá sé i gceist ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde. Tá an Scéim reatha (2010-2012) ar fáil ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/acht-na-dteangacha-oifigiula/sceim/
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dara scéime á lorg ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath anois ó aon pháirtí leasmhar. Is fearr aighneachtaí, a chuirfear ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Choláiste na Tríonóide, a sheoladh go leictreonach chuig gaeloifig@tcd.ie Ina ionad sin, is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig Aighneachtaí Scéim 2, Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Tá eolas maidir le mandáid agus ról Choláiste na Tríonóide agus na seirbhísí a chuireann sé ar fáil don phobal ar fáil ag www.tcd.ie
Ní ghlacfar le haighneachtaí i ndiaidh 5.00in, 31 Nollaig 2012.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ienó ar iarratas ríomhphoist chuig diarmaid.omordha@ahg.gov.ie
9 Samhain 2012
Seoladh Sheomra na Gaeilge agus liosta buíochais
Seo nasc chuig Liosta Buíochais agus Grianghrafanna ó sheoladh Sheomra na Gaeilge- brúigh anseo.
4 Deireadh Fómhair 2012
Foilseacháin úra Gaeilge TCD 2012-2013
Seo nasc chuig an broisiúr "TCD agus an Ghaeilge, 2012-2013"
Seo nasc chuig an leabhrán Treoir Sheirbhísí Mac Léinn
Seo nasc chuig an Treoir Leabharlainne
1 Deireadh Fómhair 2012
Turas na foirne go Cairlinn
hí turas lae den scoth ag scata de bhaill foirne TCD i gCairlinn ar an Satharn. Bhí an ghrian ag scolteadh na gcloch agus bhaineamar an-taitneamh as. Bhi lón deas againn, siúlóid staire, cuairt ar an Fhéile bhia agus deoch an dorais. Seo nasc chuig roinnt pictiúir ón lá.
29 Bealtaine 2012
Bróisiúr "TCD agus an Ghaeilge 2011-2012"
Tá nasc anseo chuig an broisiúr "TCD agus an Ghaeilge 2011-2012".
17 Aibreán 2012
Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Dhartraí na Chéad Bhliana 2012-2013
Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2012. Tá 12 áit á dtairiscint do 2012-2013.
Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.
Tabharfar tús aite d'iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge ar/roimh an Déardaoin 31 Bealtaine 2012. Seol d'iarratas chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai
17 Aibreán 2012
Scéim Dhartraí na Chéad Bhliana 2012-2013 le fhógairt anseo i ndiaidh an 15 Aibreán 2012
Más dalta meánscoile thú a bheidh ag tosu sa chéad bhliain i gColaiste na Trionóide i Meán Fómhair 2012, tabhair aire go mbeidh iarratais oscailte do Sceim Chónaithe Gaeilge na Chéad Bhliana (Dartraí) i ndiaidh an 15 Aibreán 2012.
5 Márta 2012
Iarratais á nglacadh anois do Scéim an Champais 2012-2013 agus Scéim Dhartraí na Dara Bliana 2012-2013
- Scéim Chonaithe an Champais (12-16 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh i mBliain 2-4 i 2012-2013
- Scéim Chónaithe Dhartraí do Mhic Léinn na Dara Bliana (6 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh sa dara bhliain i 2012-2013
NA SCÉIMEANNA
Tá Scéim 1 lonnaithe ar an gcampas sa chathair.
Tá Sceim 2 lonnaithe i Halla na Trionóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6.
Eolas faoi na Sceimeanna Cónaithe: http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/
IARRATAIS
Foirm Iarratais (don dá scéim) ar fáil anseo nó ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/assets/foilseachain/iarrataischampais12.doc
Spriocdháta (closing date): Dé Céadaoin 28 Márta 2011 ag 5pm.
Seol an fhoirm sa phost inmheánach nó buail isteach go dti an Oifig Fhiosrúchán leis (***NÁ buail isteach go hOifig na Gaeilge leis)
Beidh gearrliosta socraithe níos déanaí, agus cuirfear agallaimh ar bun i mí Aibreán.
5 Márta 2012
Treoir Ghaeilge-taispeántas Leabhar Cheanannais
Tá treoir ar thasispéantas Leabhar Cheanannais ar fáil trí Ghaeilge ag an nasc seo agus ón Sean-Leabharlann. Is feidir turas trí Ghaeilge a fháil ar an taispeántas ach réamhshocru a dhéanamh leis an tSean-Leabharlann.
3 Feabhra 2012
Treoir Leabharlainne TCD anois ar fáil i nGaeilge
Tá treoir Leabharlainne anois ar fail i nGaeilge a thabharfaidh eolas duit ar leagan amach na leabharlainne, agus na bailiuchain ata ar fáil inti. Tá an treoir seo le fail ón Cuntas Iontrála sa Leabharlann, ó Roinn na Gaeilge agus ó Oifig na Gaeilge. Tá leagan PDF ar fáil anseo.
3 Feabhra 2012
Ple géar déanta ag Siompóisiam an Achta Teanga i TCD
Bhí an-slua i láthair don Siompóisiam a reáchtaladh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i TCD ar an 21 Eanáir. 'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, a cuireadh ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta. Tá roinnt pictiúr ón la ar fáil anseo, mar aon le naisc chuig tuairiscí nuachta agus suíomh an Roinn Ealaion, Oidhreachtas agus Gaeltachta.
27 Eanáir 2012
Éigse na Tríonóide 2012
Tá seachtain ildánach spleodrach i ndán dúinn i mbliana i gcroílár na hardchathrach, in Éigse na Tríonóide 2012, féile bhliantúil Ghaeilge an Choláiste. Beidh TCD i mbun na hÉigse an tseachtain seo chugainn (Luan 30 Eanáir - Aoine 3 Feabhra). Tá clár na hÉigse anois fogartha. I measc na n-imeachtaí beidh: bricfeásta Gaelach gach maidin san Hist, diospóireacht agus caint mhór na seachtaine, turas stairiúil ar an gcampas, "cniotail tri Ghaeilge", seisiún eolais "Gairmeacha le Gaeilge", cluiche sacair na ndathanna, "Taster for Beginners" agus dhá sheirbhís eaglasta trí Ghaeilge- mar aon le neart eile! Buaicphointe na seachtaine do na mic léinn ná : Gig Mór na hÉigse le Aslan, san Workman's Club oíche Dhéardaoin. Tá Clár na hÉigse ina iomlán ar fáil anseo- tá imeachtaí ann do réimsi suime éagsula. Bainigi sult astu!
27 Eanáir 2012
Gairmeacha le Gaeilge- seisiún faisnéise do chainteoirí Gaeilge TCD- 1 Feabhra

Gairmeacha le Gaeilge- seisiún faisneise ar dheiseanna fostaiochta do chainteoirí Gaeilge ar champas.
Dé Céadaoin 1 Feabhra 14.00 - 16.30
Léachtlann Hoey, Mol an tSeomra Fhada
(an foirgneamh nua taobh le Bloc na nEalaíon)
Clár:
14.00-15.00 Plé painéil le ceisteanna & freagraí- Gairmeacha le Gaeilge
15.00-15.15 Caife
15.15-15.45 Léiriú ar chúrsaí iarchéime
15.45-16.30 Deis bualadh le soláthraithe iarchéime ag na seastáin
Beidh Painéal na nGairmeacha ag díriú ar:
- Aistriúchán & Ateangaireacht - Aislínn McCrory Aistritheoir in Aonad na Gaeilge, Coimisiún na hEorpa
- Na Meain & Cultúr - Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir, nós*
- Forbairt Teanga Gaeilge/An Earnáil Phoiblí - Julian de Spáinn, Árd Rúnaí, Conradh na Gaeilge
- Fiontraíocht/An Earnáil Phríobhaideach - An Dr Gearóid Trimble, Pobal & Gnó, Foras na Gaeilge
Soláthraithe Iarchéime:
TCD; Acadamh, NUIG; Fiontar, DCU;
Árna eagreu ag Roinn na Gaeilge; Oifig na Gaeilge; An tSeirbhis Ghairmthreorach.
27 Eanáir 2012
Clár an lae don Satharn- agus deis imeachtaí an tSiompóisiam a leanúint ar Twitter
Tá clár an tSiompóisiam ar fáil anseo.
Beidh an haischlib #achtgTCD in úsáid ar Twitter ar an Satharn 21ú agus beidh fáilte roimh ionchur ón bpobal trúíd an mbealach sin. Is féidir Oifig na Gaeilge, TCD a leanúint ar Twitter ag @GaeloifigTCD
Má tá suim agat freastal ar an Siompóisiam, seol ríomhphost chuig sine@cnag.ie, le do thoil.
17 Eanáir 2012
Siompóisiam ar Acht na dTeangacha Oifigiúla- Satharn 21 Eanáir 2012

Tá sé i gceist ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge (le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta), Siompóisiam Poiblí a reáchtáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn 21 Eanáir 2011.
'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, atá á chur ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta.
Seo mar a leanas leagan amach an tSiompóisiam:
- SEISIÚN 1 (10.00-11.45RN): SÚIL SIAR A CHAITHEAMH AR FHORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA Ó 2003 i leith, le haitheasc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó ionadaí as Roinn na hEalaíona, na hOidhreachta agus na Gaeltachta agus léargas a fháil ó Oifigeach Gaeilge in eagras poiblí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach in eagras.
- SEISIÚN 2 (12.00-1.30IN): LÉARGAIS A FHÁIL AR ÉIFEACHTACHT NA REACHTAÍOCHTA, ó chleachtóir dlí (Dáithí Mac Cárthaigh BL) maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí; ó Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú; agus ó Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.
- SEISIÚN 3 (2.00-3.00IN): RÉIMSE LEATHAN TUAIRIMÍ AR CHEIST NA REACHTAÍOCHTA, NA H-ATHBHREITHNITHE AGUS A FHEABHSAITHE, A BHAILIÚ le chéile ó ionadaithe na n-eagras Ghaeilge agus ó dhaoine aonair, trí Fhóram Plé oscailte a éascú. Eimear Ní Chonaola (TG4) a bheidh i mbun an Fhóram Plé.Is í Eimear Ní Chonaola an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Is an Spidéal di ó dhúchas agus is céimí í d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Beidh sé mar aidhm ag an Siompóisiam páipéar cuimsitheach a chur le chéile, bunaithe ar imeachtaí an lae, ar na ceisteanna uile atá le tabhairt san áireamh agus athbhreithniú an Rialtais ag dul ar aghaidh. Déanfar é seo trí Rapporteur /Tuairisceoir a fháil, a leanfaidh imeachtaí an lae go géar agus a thabharfaidh faoi pháipéar a chur le chéile. Cuirfear é seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe.
Beidh an ócáid seo oscailte do mhic léinn, cleachtóirí dlí agus phobal mór na Gaeilge, mar aon le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, agus gach éinne le spéis san ábhar, agus beidh fáilte ar leith roimh ionchur san Fhóram Plé.
Cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh imeachtaí an lae ag 10.00am le fáilte ón Ollamh Gerry Whyte ó Scoil an Dlí, Coláiste na Tríonóide, agus le cúpla focal ó Eithne Reid O’Doherty BL, rúnaí, Craobh na gCeithre Chúirteanna.
Sonraí na gcainteoirí
Seán Ó Cuirreáin
Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.
Aonghus Dwane
Tá Aonghus Dwane ag obair le Coláiste na Tríonóide mar Oifigeach Gaeilge (sheol an Coláiste a scéim teanga i 2010). Is aturnae é, agus nuair a bhí sé ag obair le hOifig an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí, bhí sé bainteach le scéim teanga na hoifige sin.
Dáithí Mac Cárthaigh
Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Chomh maith leis sin tá sé mar chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge le hÓstaí an Rí. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn.
Julian de Spáinn
Tá Julian de Spáinn mar Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó 2005 agus roimhe sin bhí sé mar Bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge Teo. Bhí sé mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn i 2000/01.
Éamonn Mac Niallais
Tá Éamonn Mac Niallais mar urlabhraí le Guth na Gaeltachta (feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta). Chomh maith leis sin tá Éamonn mar Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Tá eolas breise ar fáil ó na teagmhálaithe seo a leanas;
- Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge TCD.gaeloifig@tcd.ie, Teil; +353 (0)1 896 3652, 087 6232841
- Eithne O’Doherty BL, Craobh na gCeithre Chúirteanna, Conradh na Gaeilge eodoherty@lawlibrary.ie, Teil 086 8 380 380
- Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha & Oifige, Conradh na Gaeilge sine@cnag.ie, Teil +353 (0)1 4757401, 087 6546673
Eolas breise:
|
Tá thart ar 510 mac léinn fochéime agus 170 mac léinn iarchéime i Scoil an Dlí, TCD. Cuireann an Scoil oideachas orthusan a bheidh ina gceannairí ar cheird an Dlí, an tseirbhís phoiblí agus an tsochaí. Bíonn foireann acadúil na Scoile tiomanta don léann agus tá neart téacsleabhar, leabhar cásanna agus tráchtas foilsithe acu i réimsí éagsúla den dlí, lena n-áirítear dlí na bunreachta, an riaracháin, na fianaise, an Aontais Eorpaigh, na gcearta daonna agus eile. |
|
Tá Craobh na gCeithre Chúirteanna bainteach le cúis na Gaeilge le breis agus céad bliain. Scríobh Eoin Mac Néill litir stairiúil ó Oifig an Ard-Chuntasóra, sna Ceithre Chúirteanna, an 12 Meitheamh 1893 chuig scata daoine ar dhóigh spéis a bheith acu in eagraíocht nua Gaeilge a chur ar bun. De bharr na litreach úd (a bhí scríofa i mBéarla) cuireadh tús le Conradh na Gaeilge. I láthair na huaire tá 100 abhcóide le Gaeilge i mbun cleachtais i Leabharlann Dlí na gCeithre Chúirteanna. Cuireadh an chéad Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach i nGaeilge ar siúl an 24 Deireadh Fómhair 2011 den teideal Deiseanna Oibre do Chleachtóirí sna Blianta Tosaigh. Cinneadh i ndiaidh an tseimineáir seirbhís chomhairle dlí in aisce i nGaeilge a chur ar fáil, seirbhís a sholáthraítear anois ar bhonn náisiúnta i bpáirtíocht le FLAC. (Free Legal Advice Centres).Thóg cleachtóirí na Craoibhe neart cúiseanna le fiche bliain anuas ina n-aithníodh na cearta teanga a bhfuil anois mar Alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.Tá Craobh na gCeithre Chúirteanna tiomanta do sheirbhís dlí a sholáthar dóibh siúd arbh fhearr leo a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. |
|
Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe phoiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie |
|
Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. |
9 Eanáir 2012
Cúrsaí Gaeilge deonacha do mhic léinn TCD 2011-2012
- Ranganna saor in aisce
- Rogha leibhéil: Tosaitheoirí, Meánrang agus Rang Comhrá
- Béim ar labhairt na Gaeilge
- Ranganna ar siul i rith an lae agus tráthnóna Dé Mairt 6.00-7.00pm
- Seolfar eolas chuig gach mac léinn maidir le clárú agus amanna ag tús mí Dheireadh Fómhair
:
21 Meán Fómhair 2011
Seachtain na bhFreshers 2011
Seastán ag An Cumann Gaelach, TCD sa Chearnóg Thosaigh le linn Sheachtain na bhFreshers: 19 Meán Fómhair - 23 Meán Fómhair- cláraigh leo agus bí leis an gCumann is bríomhaire sa tír!
Clár imeachtaí Sheachtain na bhFreshers TCD anseo:
16 Meán Fómhair 2011
Turais Leabharlainne trí Ghaeilge Dé Máirt 20 Meán Fómhair 2011
Leabharlann Berkeley
Dé Máirt 20 Meán Fómhair
12:00, 15:00 and 16:00
Fáilte roimh chách ag aon cheann de na hamanna seo.
Tosóidh an turas san Halla Tosaigh i Leabharlann Berkeley.
16 Meán Fómhair 2011
Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Dhartraí na Chéad Bhliana 2011-2012
Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2010. Tá 12 áit á dtairiscint do 2010-2011.
Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.
Tabharfar tús aite d'iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge ar/roimh an Mháirt 31 Bealtaine 2011. Seol d'iarratas chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai
19 Aibreán 2011
Iarratais á nglacadh anois do Scéim an Champais 2011-2012 agus Scéim Dhartraí na Dara Bliana 2011-2012
- Scéim Chonaithe an Champais (16 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh i mBliain 2-4 i 2011-2012
- Scéim Chónaithe Dhartraí do Mhic Léinn na Dara Bliana (6 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh sa dara bhliain i 2012-2012
NA SCÉIMEANNA
Tá Scéim 1 lonnaithe ar an gcampas sa chathair.
Tá Sceim 2 lonnaithe i Halla na Trionóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6.
Eolas faoi na Sceimeanna Cónaithe: http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/
IARRATAIS
Foirm Iarratais (don dá scéim) ar fáil anseo nó ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/assets/foilseachain/iarrataischampais11.doc
Spriocdháta (closing date): DéLuain 4 Aibreán 2011 ag 5pm.
Seol an fhoirm sa phost inmheánach nó buail isteach go dti an Oifig Fhiosrúchán leis (***NÁ buail isteach go hOifig na Gaeilge leis)
Beidh gearrliosta socraithe níos déanaí, agus cuirfear agallaimh ar bun i mí Aibreán.
29 Márta 2011
Glór na mBan i dTraidisiún na nGael
Mar chuid d’fhéile Sheachtain Idirnáisiúnta na mBan agus Sheachtain na Gaeilge i mbliana, tá imeacht cultúrtha uathúil dátheangach á eagrú i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin 9 Márta 2011 ag 6.00in.
Tabharfaidh “Glór na mBan i dTraidisiún na nGael” filíocht agus amhránaíocht le chéile, i léiriúchán den scoth cois tine sa Phroinnteach (Dining Hall). Beidh an file, Celia de Fréine ag léamh óna saothar i nGaeilge agus i mBéarla, agus cloisfear amhránaíocht den scoth ar an stíl sean-nóis ó na deirfiúracha Naisrín agus Zahrah Elsafty. Beidh na deirfiúracha ag casadh amhrán a thugann léargas ar a n-oidhreacht Ghaelach agus Arabach araon.
Ní mór áirithintí a dhéanamh don imeacht seo (atá saor in aisce), trí ríomhphost a sheoladh chuig sourkel@tcd.ie
Tá an t-imeacht seo á eagrú mar chuid d’imeachtaí Sheachtain Idirnáisiúnta na mBan i gColáiste na Tríonóide.
Bígí linn cois tine sa Phroinnteach le haghaidh imeacht cultúrtha den scoth.
Eagraí: An Oifig Chomhionannais agus Oifig na Gaeilge, TCD
Tuilleadh eolais: www.tcd.ie/equality agus www.tcd.ie/gaeloifig
Teagmháil: 087 9942315.
3 Márta 2011
Iarratais á nglacadh anois do Scéim an Champais 2011-2012 agus Scéim Dhartraí na Dara Bliana 2011-2012
- Scéim Chonaithe an Champais (16 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh i mBliain 2-4 i 2011-2012
- Scéim Chónaithe Dhartraí do Mhic Léinn na Dara Bliana (6 spásanna)- oscailte do mhic léinn a bheidh sa dara bhliain i 2012-2012
NA SCÉIMEANNA
Tá Scéim 1 lonnaithe ar an gcampas sa chathair.
Tá Sceim 2 lonnaithe i Halla na Trionóide, Dartraí, Baile Átha Cliath 6.
Eolas faoi na Sceimeanna Cónaithe: http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/
IARRATAIS
Foirm Iarratais (don dá scéim) ar fáil anseo nó ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/assets/foilseachain/iarrataischampais11.doc
Spriocdháta (closing date): Dé Céadaoin 30 Márta 2011 ag 5pm.
Seol an fhoirm sa phost inmheánach nó buail isteach go dti an Oifig Fhiosrúchán leis (***NÁ buail isteach go hOifig na Gaeilge leis)
Beidh gearrliosta socraithe níos déanaí, agus cuirfear agallaimh ar bun i mí Aibreán.
3 Márta 2011
Clár spreagúil beartaithe d'Éigse na Tríonóide

Tá seachtain ildánach geallta d’Éigse na Tríonóide 2011 (Luan 31 Eanáir-Aoine 4 Feabhra). I measc na himeachtaí, beidh seoladh le réalt TG4 Máirtín Tom Sheáinín, Aifreann Córúil, Díospóireacht leis an “Phil” agus “Open Mike”.
Ar an gCéadaoin, beidh Maidin Chaife san Bhutrach, agus reáchtálfar Lá d’Fhoghlaimeoirí (le Seisiún do Thosaitheoirí i Téatar Edmund Burke). Ar an Déardaoin, beidh Turas ar an gcampas, seirbhís d’Urnaí na Nóna sa séipéal, agus Gig Mór san Village. Ar an Aoine, beidh laoch Chumann Lúthchleas Gael agus na Gaeilge, Micheál Ó Muircheartaigh, i TCD do chluiche peile idir TCD agus UCD ag 2.00in:
Leigh anseo le haghaidh tuilleadh eolas faoin Éigse.
Tá Clár Ama na hÉigse ar fáil anseo.
26 Eanáir 2010
Suíomh Gaeilge ag Oifig Rúnaí an Choláiste anois
Tá suíomh gréasáin Gaeilge anois ag Oifig Rúnaí an Cholaiste- le leathanach Baile agus liosta Teagmhalácha. Beidh an Fhrbairt chéanna a dhéanamh ar na suímh ghréasáin eile de reir a chéile, de reir na Scéime Teanga 2010-2012. Féach http://www.tcd.ie/Secretary/index.ga.php
8 Nollaig 2010
Agallamh le Tomaí Ó Conghaile, céimí de chuid TCD
Tá agallamh le Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir nós* agus iriseoir cáiliúil Gaeilge, foilsithe san eagrán reatha d'iris alumni TCD "Trinity Today". Is feidir é a léamh anseo. Tá leagan Béarla ar fáil anseo.
9 Samhain 2010
Oifig na Gaeilge TCD anois ar Twitter!
Tá Oifig na Gaeilge TCD ar Twitter anois. Má tá cuntas Twitter agat, lean muid ar @GaeloifigTCD nó téigh chuig www.twitter.com/GaeloifigTCD
6 Deireadh Fómhair 2010
An Chéadaoin san Bhutrach: caife agus Gaeilge
Comhrá agus craic as Gaeilge gach Céadaoin sa Bhutrach, 10.00-11.30am.
Fáilte mhór roimh mic léinn, baill foirne agus pobal na Gaeilge- bígí linn!
6 Deireadh Fómhair 2010
Clárúcháin do Ranganna Gaeilge TCD 2010-2011
Beidh dhá sheisiún clárúcháin ar siúl san Atrium amárach (Céadaoin 6.10.10, 2.30-5.00in) agus Déardaoin (7.10.10, 9.30-12.00in) do ranganna Gaeilge TCD 2010-2011. Tá ceithre leibhéil ar fáil A1, A2, B1 agus B2, do mhic léinn agus baill foirne TCD amháin. Dáilfear spásanna ar bhonn crannchuir. Tá tuilleadh eolas ar fáil anseo.
6 Deireadh Fómhair 2010
Spásanna do lucht na Dara Bliana (2010-2011) ar Scéim Dhartraí
Tá 6 áit ar fáil do mhic léinn sa Dara Bliain ar Scéim Chónaithe Dhartraí don bhliain acadúil 2010-2011. Tá na háiteanna seo ar fáil do mhic leinn a bheidh sa Dara Bliain sa bhlian acadúil 2010-2011
Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Clóígh amach an fhoirm, le do thoil.
Moltar duit an t-eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai a léamh go cúramach roimh duit an fhoirm seo a líonadh.
Seol cóip chrua de d'iarratas chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2 faoin Céadaoin 7 Iúil 2010. .
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai
15 Meitheamh 2010
Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Dhartraí 2010-2011
Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2010. Tá 12 áit á dtairiscint do 2010-2011.
Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.
Tabharfar tús aite d'iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge roimh an Luan 14 Meitheamh 2010. . Seol d'iarratas chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai
13 Bealtaine 2010
Próiseas na n-Iarratas le haghaidh Scéim Dhartraí (do lucht na hArdteistiméireachta 2010) le hoscailt go luath
Beidh an proiseas iarratas le haghaidh Scéim Chónaithe Dhartraí (lóistín lán-Ghaeilge do mhic léinn na hArdteistimeireachta 2010 a bheas ag teacht chuig TCD) ag oscailt go luath. Coinigh súil ghéar ar an leathanach gréasáin seo, le bhur dtoil.
20 Aibreán 2010
Iarratais á nglacadh anois do Scéim Chónaithe an Champais 2010-2011 (mic léinn leanúnacha)
Tá an scéim seo á riar ag Coiste na Gaeilge i gcomhar leis an Déan Sóisearach d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol an Choláiste trí iostas a chur ar fáil ar phraghas laghdaithe do roinnt mac léinn atá sásta glacadh le coinníollacha na Scéime.
Déanfar deontais (€1,000 an duine) a thairiscint do mhic léinn lánaimseartha, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil agus atá tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge nó i gcumainn Ghaeilge, le cuid de chíos iostais ar Champas an Choláiste a ghlanadh dóibh. Díolfar an chéad leath den deontas i ndiaidh na Nollag agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.
Glacfar anois le hiarratais ar áiteanna ar scéim chónaithe 2010-2011 .
Tá 16 áit á dtairiscint. Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-ar-champas/
Ní mór na hiarratais a bheith faighte istigh in Oifig na Gaeilge ag 5.00pm ar an gCéadaoin 7 Aibreán 2010 ar a dhéanaí. Ní ghlacfar le hiarratas ar bith ina dhiaidh sin.
**FÁG D'FHOIRM IARRATAIS SAN OIFIG FHIOSRÚCHÁN (ENQUIRIES OFFICE) sa Téatar Thiar (West Theatre)** Nó seol chuig Oifig na Gaeilge í.
Beidh Oifigeach na Gaeilge ar fáil in Oifig na Gaeilge idir 1.30in agus 5.00in ar an 7 Aibreán chun glacadh go pearsanta le hiarratais chomh maith..
Tá treoracha chuig Oifig na Gaeilge ar fáil anseo.
Roghnófar na mic léinn a dtabharfar deontais dóibh de dhroim agallaimh ar an gCéadaoin 14 Aibreán 2009.
Déanfar na freagraí a thugtar ar an bhfoirm iarratais a úsáid chun gearrliosta a dhréachtadh de na daoine a gcuirfear agallamh orthu.
Ní mór do na mic léinn a dtugtar deontas dóibh an Ghaeilge a labhairt ina saol laethúil, ballraíocht a ghlacadh sa Chumann Gaelach agus páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne. Beidh orthu foirm a shíniú á dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha na Scéime agus iarrfar orthu tuairiscí a thabhairt do Oifigeach na Gaeilge i dtús an dara théarma agus ag tús an tríú théarma ar na slite inar chomhlíon siad na coinníollacha sin le linn an téarma roimhe sin.
Sa chás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac léinn, beidh sé de cheart ag an gCoiste a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.
25 Márta 2010
Seachtain spleodrach geallta d'Éigse na Tríonóide
Seo roinnt de na buaicphointí a bheas ann le linn Éigse na Tríonóide 2010 (féile bhliantúil Ghaeilge TCD) a bheas ar siúl ón 8-12 Márta i gcroílár na hardchathrach.
Cuirfear tús le himeachtaí ag am lóin Dé Luain le seoladh iris bhríomhar an Chumainn “Tuathal”. Baileoidh slua mór mac léinn sa Chearnóg Thosaigh ag 3.00in, iad gléasta i t-léintí dearga i bhfoirm Chroí Gaelach, agus réalt mór Chumann Lúthchleas Gael, James "Cha" Fitzpatrick i láthair.

Ar an Mháirt, beidh Aifreann i nGaeilge, Turas Ealaíne ar an gcampas agus Céilí Mór istoíche amuigh i Halla na Tríonóide, áit a bhfuil scéim chónaithe lonnaithe.
Ar an gCéadaoin, beidh ceardlanna díospóireachta na mac léinn, a bhí ar siúl le tamaillín anuas, ag teacht chun críche le Ceardlann Cheannais Díospóireachta ar an gCéadaoin. Beidh pearsantacht mhór TG4, Máirtín Tom Sheáinín, inár dteannta do Bhronnadh na bhFáinní, agus beidh ceol agus gloine fíona ar fáil! Ag 6.30in, déanfar ceiliúradh ar na nascanna idir Éire agus Albain sa Téatar Poiblí le ceol agus filíocht ó Louis dePaor, Ronán Browne agus Griogair Labhruidh.
Beidh an banna ceoil iomráiteach Aslan, mar aon le The Hounds of Culann, ag seinnt ag Gig Mór na Mac Léinn sa Village (Sráid Loch Garman) ag a 9in, agus táthar le slua mór bríomhar a fheiceáil ag an ócáid chéanna.
Ar an Déardaoin, beidh Urnaí na Nóna canta i nGaeilge sa séipéal. Níos déanaí, beidh mic léinn ag glacadh páirt i Rith 2010 i lár na cathrach agus feisteas galánta ócáide á gcaitheamh acu, do Ball na Gaeilge (buaicphointe na seachtaine!) a bheas ar siúl in Óstán an Russell Court ag a 9.30in. Beidh neart le n-ithe agus le n-ól, agus siamsaíocht ag dul ar aghaidh ó oíche go maidin!
Beidh Turas Gaeilge ar an gcampas stairiúil á reáchtáil ag a 2in ar an Aoine. Cuirfear clabhsúr cuí le himeachtaí na hÉigse le ceol agus craic i dtabhairne an Choláiste, an Pav, ag 3in agus scéaltaí na seachtaine á gcíoradh ag an gcomhluadar!
Brúigh anseo do Chlár na hÉigse 2010.
Bí linn mar sin agus an Ghaeilge á cheiliúradh againn i lár na cathrach, agus beidh fáilte mhór roimh gach éinne chuig na himeachtaí éagsúla. Beidh clár ama agus tuilleadh eolais ar ionaid agus imeachtaí na hÉigse ar fáil ar shuíomh an Chumainn Ghaelaigh ag www.cumann.ie agus ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag www.tcd.ie/gaeloifig.
BREIS EOLAIS:
Tá Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide mar an Cumann Gaelach is bríomhaire sa tír, le 800 mac léinn cláraithe mar bhaill leis. Bunaíodh é sa bhliain 1906. Bíonn ciorcal comhrá agus oíche na mac léinn ar siúl gach Máirt, agus eagraíonn an Cumann imeachtaí sóisialta go rialta, mar aon le comórtas díospóireachta.
Bíonn ranganna agus imeachtaí á n-eagrú do bhaill foirne ag Oifig na Gaeilge sa Choláiste, agus bíonn an Oifig i mbun cúraimí an Achta Teanga agus riaradh na scéimeanna cónaithe, maille le tacaíocht a thabhairt don Chumann Gaelach.
1 Márta 2010
Scéim Chónaithe ar-champas: iarratais le haghaidh 2010-2011 le hoscailt go luath
Osclófar próiseas na n-iarratas le haghaidh Scéim Chónaithe ar-champas TCD 2010-2011 go luath, agus is cosúil go mbeidh spriocdháta do na hiarratais ag deireadh mhí na Márta/tús mhí Aibreáin. Coinnigh súil ar an suíomh seo le haghaidh tuilleadh eolais.
25 Feabhra 2010
Scéim Teanga TCD seolta go hoifigiúil ag an Aire Ó Cuív

Sheol an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, an chéad Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla inniu (10 Feabhra).
Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne. Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí. Déanfar scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn, ina mbíonn grúpa cainteoirí Gaeilge ina gcónaí le chéile i lóistín do mhic léinn, a fhorbairt a thuilleadh. Déanfar an caidreamh atá ann le heagraíochtaí Gaeilge, le alumni an Choláiste agus leis an phobal i gcoitinne, a neartú a thuilleadh.
D’fháiltigh Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr John Hegarty, roimh an Scéim trí bliana, ag rá: “Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an Choláiste. Mar ollscoil, tá nasc traidisiúnta fada againn leis an teanga. Bhí dlúthbhaint ag céad uachtarán na hÉireann, Dúghlás de hÍde, leis an Choláiste, mar a bhí ag an scríbhneoir agus acadóir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain. Tá an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné de shaol an Choláiste, agus beidh Scéim Teanga an Choláiste ag tógáil ar an mbunsraith láidir seo.”
“Tacóidh agus comhlánóidh an Scéim Teanga obair reatha an Oifigigh Gaeilge, agus obair Dhisciplín na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha sa réimse acadúil, mar aon le gníomhaíochtaí mac léinn lena n-áirítear obair an Chumainn Ghaelaigh.”
Ag cuir leis seo, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane: “Tá céad Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin forleathan le pobal an Choláiste, mar aon le comhoibriú agus comhairle Choiste na Gaeilge agus Ghrúpa Oibre Acht na dTeangacha Oifigiúla. Léiríonn sí tiomantas Choláiste na Tríonóide do ról lárnach ár dteanga náisiúnta i saol na hÉireann.”
Tuilleadh eolais: brúigh anseo.
25 Feabhra 2010
Ranganna Gaeilge ag tosú arís an tseachain dar tús 25 Eanáir
Beidh Ranganna Gaeilge ata faoi stiúradh Ghael linn sa choláiste ag tosú arís an tseachtain dar tús 25 Eanáir 2010.
Mar bhreis orthu sin, beidh Rang Comhrá (do dhaoine le leibhéal réasunta Gaeilge) ar siul gach Déardaoin mar seo a leanas:
Mic Léinn- 12.00pm Seomra 3027 Foirgneamh na nEalaíon.
Baill Foirne: 1.00pm Seomra 3027 Foirgneamh na nEalaíon.
11 Eanáir 2010
Oifig na Gaeilge anois ar Facebook
Tá "TCD Oifig na Gaeilge" anois ar Facebook- dean cairdeas agus bí ar an eolas.
11 Eanáir 2010
2 lectures with Anglican Chaplaincy- Dhá léacht i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach
Léachtaí ag am lóin i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach- 11 agus 18 Samhain
1.30pm Céadaoin/Wednesday 11.11.09: “Protestants and Irish in today’s Northern Ireland”- Gordon McCoy.
1.30pm Céadaoin/ Wednesday 18.11.09: “The Welsh Language today”- Andrew Jones.
Ionad/Venue: Gallery Chapel. Both lectures in English. All welcome. Tuilleadh eolais ar fáil anseo
4 Samhain 2009
Ranganna Comhrá Gaeilge ar an Déardaoin
Beidh Ranganna Comhrá neamhfhoirmealta Gaeilge ar siul mar is gnáth amárach Déardaoin 5.11.09 i bhFoirgneamh na nEalaíon.
1. Rang do mhic léinn:
12.00- 1.00pm. Tá an rang seo teoranta do mhic léinn TCD, agus dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasunta Gaeilge acu. Ionad: Seomra 3126.
2. Rang do bhaill foirne:
1.00-2.00pm. Do bhaill foirne TCD. Ionad: Seomra 3051. Tuilleadh eolais ar fáil anseo:
4 Samhain 2009
Slua maith i láthair ag seisiún eolais "Gairmeacha le Gaeilge"
Bhí slua maith i láthair inniu ag seisún eolais "Gairmeacha le Gaeilge", a reáchtáladh i gColáiste na Trionóide. Thug aoichainteoirí ó earnálacha fostaíochta éagsúla, ina bhfuil labhairt na Gaeilge mar bhuntáiste, léargas ar dheiseanna fostaíochta ina réimsí féin. Tuilleadh eolais ar fáil anseo:
4 Samhain 2009
Gairmeacha le Gaeilge- seisiún eolais Céadaoin 4 Samhain
Gairmeacha le Gaeilge- san Atrium- seisiúin eolais- aoichainteoirí speisialta- sólaistí ar fáil- deiseanna fostaíochta- seastáin eolais
Do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu agus a bhfuil spéis acu i ndeiseanna fostaíochta agus iarchéime trí Ghaeilge
Dáta & am: Céadaoin 4 Samhain 2-4pm
Ionad: An tAtrium
2-3pm Athbhreithniú ar na hearnála. Ar an bpainéal beidh:
Aistriúchán san AE – Robert Gunning, Aistritheoir, Coimisiún na hEorpa
Na Meáin & Cultúr - Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir, nós*
Forbairt agus Pleanáil Teanga - Dr. Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontraíocht, DCU
An Earnáil Phríobháideach - Robert Smyth, Comhairleoir, Accenture
3-4pm Seastáin ag a mbeidh eolas faoi na hearnála agus faoi dheiseanna staidéir:
Fiontar, DCU; Acadamh na Gaeilge, OÉ Gaillimh; Coimisiún na hEorpa; OÉ Baile Átha Cliath; Nemeton; Roinn na Gaeilge TCD
Cuirfear sólaistí ar fáil.
Á chomheagrú ag an tSeirbhís Ghairmthreorach, Roinn na Gaeilge agus Oifigeach na Gaeilge.
www.tcd.ie/Careers www.tcd.ie/irish www.tcd.ie /gaeloifig
27 Deireadh Fómhair 2009
120 ag dul trí chúrsaí Gaeilge TCD anois gach seachtain
Tá Gael Linn ag soláthar cúrsaí Gaeilge ag ceithre leibhéil- A1, A2, B1 agus B2 'chuile sheachtain anois, do bhaill foirne agus do mhic léinn an Choláiste. Togra úrnua do Choláiste na Tríonóide atá anseo. Tá na cúrsaí comhoiriúnach do riachtanais an TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge- féach www.teg.ie).
Fuaireamar aischothú iontach ó phobal an Choláiste nuair a d'fhógraíomar na cúrsaí seo- léirigh nach mór 600 duine suim sna cúrsaí. Faraor, tá na ranganna uile líonta anois, don bhliain acadúil seo.
Tá Rang Comhrá sheachtainiúil ar fáil do mhic léinn gach seachtain- Déardaoin 12pm i Seomra 3126, Foirgneamh na nEalaíon. Tá an rang seo oscailte do gach éinne. Tá Rang Comhrá ar fáil don fhoireann chomh maith ar an Déardaoin- 1pm i Seomra 3051.
27 Deireadh Fómhair 2009
Seachtain na bhFreshers faoi lán seoil
Tá seachtain na bhFreshers anois faoi lán seoil sa Choláiste, agus seastán tarraingteach ag an gCumann Gaelach amuigh sa Chearnóg Thosaigh, i lár aonach na gCumann! Ansin, gheobhaidh tú neart eolais ar imeachtaí an Chumainn agus is féidir leat clárú mar bhall ar €3.00.
Istigh sa Halla Clárúcháin, tá seastán ag Oifig na Gaeilge le bileogaí eolais. Buailigí isteach agus glac páirt i saol na Gaeilge!
24 Meán Fómhair 2009
Gníomhairí teanga mhic léinn TCD 2009-2010
Tá Marie Ní Bhraonáin mar reachtaire ar an gCumann Gaelach sa Choláiste i mbliana. Ta fáil uirthi ag reachtaire@cumann.ie. Tá Stiofan Ó Broin ina leas-reachtaire, Cláir Johnston ina rúnaí, Colm Ó Braoin ina chisteoir, Fíona Ní Mharráin ina oifigeach teicneolaíochta, Róisín NicFheargusa ina oifigeach chaidreamh poiblí, Aisling Ní Fhoghlú ina oifigeach siamsaíochta, Róisín Adams ina oifigeach foilseachán, Clódagh NicGabhann ina oifigeach drámaíochta agus Peadar deBlúit ina oifigeach díospóireachta.

Tá Elaine Nic Réamoinn tofa mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn. Tá Uachtarán an Aontais, Conan Ó Broin, ina Ghaeilgeoir líofa chomh maith.
Tá Caitlín Ní Chinnéide mar Mhaor Tí ar an mbloc Gaelach i Halla na Tríonóide, ait a mbeidh mic léinn Scéim Chónaithe Dhartraí lonnaithe. 12 mac léinn a bheidh ar an scéim seo i mbliana.
Beidh 16 mac léinn páirteach i Sceim Chónaithe Ghaeilge an Champais, atá lonnaithe i mBá na Luibheolaíochta. Beidh Orlaith Foley ag obair mar mheantóir le lucht scéimeanna Dhartraí agus an Champais.
2 Meán Fómhair 2009