Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Teanga

Oifig na Gaeilge

Irish language Office

Gradaim na Gaeilge

Bronnadh Gradaim Ghaeilge Choláiste na Tríonóide 2019 ag ócáid speisialta ar an Máirt, an 9 Aibreán 2019. Bhí an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, i láthair ag an ócáid cheiliúrtha i Seomra na Gaeilge chun na gradaim agus teastais ardmholta a bhronnadh ar na daoine seo a leanas.

Gradaim:
• Gradam an Mhic Léinn: Cúnla Morris (mac léinn dara bliana le Nua-Ghaeilge & Fraincis)
• Gradam an Chéimí: Aonghus Ó Lochlainn (Ceol & Stair 2012)

Teastais ardmholta:
• Céimí: Ciarán Wadd (Nua-Ghaeilge & Fraincis 2018)
• Mac Léinn: Malachi Ó Marcaigh (mac léinn dara bliana le Stair & Polaitíocht)
• Mac Léinn: Dillon Cotter (mac léinn dara bliana le Fisic Theoiriciúil)

Gradaim na Gaeilge 2014/15

Ag deireadh na bliana acadúla 2014/15, don chéad uair, bronnadh Gradaim na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh clár na nGradam le haitheantas a thabhairt ar an obair iontach a dhéantar ar son na Gaeilge sa Choláiste seo. Ar an leathanach seo gheofar gach eolas faoi na Gradaim.

Brúigh anseo le haghaidh chur síos ar bhuaiteoirí 2015!

Brúigh anseo chun grianghraif ón oíche bhronnta a fheiceáil!

 

Trofaithe

Na Gradaim

Bíonn gradam le bronnadh i 5 réimse, sa chás go bhfuil éacht suntasach déanta ag ainmnitheach sa réimse sin:

  • Mac léinn aonair
  • Ball foirne aonair (seachas Oifigeach na Gaeilge)
  • Cumann Mac Léinn (seachas an Cumann Gaelach)
  • Seirbhís sa Choláiste
  • Céimí

Mar aon leis an aitheantas a thugtar, is é a bhíonn sa ghradam ná trófaí agus ainm an bhuaiteora ar crochadh i Seomra na Gaeilge.

Na Crítéir

Déanfaidh coiste roghnúcháin measúnú ar na hainmhnithigh de réir na gcrítéar san fhoirm iarratais, mar shampla, tionchar an ainmnithigh ar phobal na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ar phobal an Choláiste ina iomláine agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá 5 cheist le freagairt agus is fiú 20 marc gach ceist.

Is féidir Gradam a bhronnadh ar éacht de chineál ar bith i réimse na Gaeilge. Níl sa liosta seo thíos ach samplaí le tú a chur ag smaoineamh:

  • Ardú phróifíl na teanga
  • Leathnú phobal na teanga
  • Nascanna a chruthú idir dhaoine / ghrúpaí
  • Seirbhísí d'ardchaighdeán a sholáthar
  • Gníomhaíochtaí acadúla
  • Foghlaim na teanga
  • Tiomantas laethúil don teanga
  • Smaointí cruthaitheacha

An Coiste Roghnúcháin

Is iad seo a leanas atá ar an gcoiste roghnúcháin:

  • John Coman, Rúnaí an Choláiste
  • An Dr Melanie Ní Dhuinn, Scoil an Oideachais
  • Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge
  • Caolán Mac Grianna, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh

Sa chás go n-ainmnítear duine ón gcoiste roghnúcháin le haghaidh Gradaim, ní thugann siad marcanna ar aon ainmniúchán sa chatagóir ábharthach, agus ní bhíonn siad i láthair don chuid sin den chruinniú roghnúcháin.

Is féidir le baill den choiste roghnúcháin a dhéanamh, ach arís, ní thugann siad marcanna ar aon ainmniúchán sa chatagóir ábharthach.

Ainmniúcháin

Tá an próiseas iarratais do Ghradaim na Gaeilge 2018/19 dúnta anois.

 

Léid nó dhó...

  • Tá fáilte romhat tú féin nó do sheirbhís / chumann féin a ainmniú
  • Tá fáilte romhat duine nó grúpa eile a ainmniú chomh maith
  • Is féidir leat níos mó ná ainmniúchán amháin a dhéanamh
  • Tá seans go ndéanfaidh an coiste roghnúcháin teagmháil leat le tuilleadh eolais a fháil faoin ainmnitheach
  • Tabhair fianaise agus sonraí ar leith chomh minic agus is féidir san fhoirm
  • Beidh fáilte romhat nó roimh d'ainmnitheach aiseolas a lorg, ach ní féidir achomarc a dhéanamh ar rogha an fhochoiste

Nuashonraithe 7 12 2020 ag .