Nuacht
Seachtain spleodrach geallta d'Éigse na Tríonóide
Seo roinnt de na buaicphointí a bheas ann le linn Éigse na Tríonóide 2010 (féile bhliantúil Ghaeilge TCD) a bheas ar siúl ón 8-12 Márta i gcroílár na hardchathrach.
Cuirfear tús le himeachtaí ag am lóin Dé Luain le seoladh iris bhríomhar an Chumainn “Tuathal”. Baileoidh slua mór mac léinn sa Chearnóg Thosaigh ag 3.00in, iad gléasta i t-léintí dearga i bhfoirm Chroí Gaelach, agus réalt mór Chumann Lúthchleas Gael, James "Cha" Fitzpatrick i láthair.

Ar an Mháirt, beidh Aifreann i nGaeilge, Turas Ealaíne ar an gcampas agus Céilí Mór istoíche amuigh i Halla na Tríonóide, áit a bhfuil scéim chónaithe lonnaithe.
Ar an gCéadaoin, beidh ceardlanna díospóireachta na mac léinn, a bhí ar siúl le tamaillín anuas, ag teacht chun críche le Ceardlann Cheannais Díospóireachta ar an gCéadaoin. Beidh pearsantacht mhór TG4, Máirtín Tom Sheáinín, inár dteannta do Bhronnadh na bhFáinní, agus beidh ceol agus gloine fíona ar fáil! Ag 6.30in, déanfar ceiliúradh ar na nascanna idir Éire agus Albain sa Téatar Poiblí le ceol agus filíocht ó Louis dePaor, Ronán Browne agus Griogair Labhruidh.
Beidh an banna ceoil iomráiteach Aslan, mar aon le The Hounds of Culann, ag seinnt ag Gig Mór na Mac Léinn sa Village (Sráid Loch Garman) ag a 9in, agus táthar le slua mór bríomhar a fheiceáil ag an ócáid chéanna.
Ar an Déardaoin, beidh Urnaí na Nóna canta i nGaeilge sa séipéal. Níos déanaí, beidh mic léinn ag glacadh páirt i Rith 2010 i lár na cathrach agus feisteas galánta ócáide á gcaitheamh acu, do Ball na Gaeilge (buaicphointe na seachtaine!) a bheas ar siúl in Óstán an Russell Court ag a 9.30in. Beidh neart le n-ithe agus le n-ól, agus siamsaíocht ag dul ar aghaidh ó oíche go maidin!
Beidh Turas Gaeilge ar an gcampas stairiúil á reáchtáil ag a 2in ar an Aoine. Cuirfear clabhsúr cuí le himeachtaí na hÉigse le ceol agus craic i dtabhairne an Choláiste, an Pav, ag 3in agus scéaltaí na seachtaine á gcíoradh ag an gcomhluadar!
Brúigh anseo do Chlár na hÉigse 2010.
Bí linn mar sin agus an Ghaeilge á cheiliúradh againn i lár na cathrach, agus beidh fáilte mhór roimh gach éinne chuig na himeachtaí éagsúla. Beidh clár ama agus tuilleadh eolais ar ionaid agus imeachtaí na hÉigse ar fáil ar shuíomh an Chumainn Ghaelaigh ag www.cumann.ie agus ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag www.tcd.ie/gaeloifig.
BREIS EOLAIS:
Tá Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide mar an Cumann Gaelach is bríomhaire sa tír, le 800 mac léinn cláraithe mar bhaill leis. Bunaíodh é sa bhliain 1906. Bíonn ciorcal comhrá agus oíche na mac léinn ar siúl gach Máirt, agus eagraíonn an Cumann imeachtaí sóisialta go rialta, mar aon le comórtas díospóireachta.
Bíonn ranganna agus imeachtaí á n-eagrú do bhaill foirne ag Oifig na Gaeilge sa Choláiste, agus bíonn an Oifig i mbun cúraimí an Achta Teanga agus riaradh na scéimeanna cónaithe, maille le tacaíocht a thabhairt don Chumann Gaelach.
1 Márta 2010
Scéim Chónaithe ar-champas: iarratais le haghaidh 2010-2011 le hoscailt go luath
Osclófar próiseas na n-iarratas le haghaidh Scéim Chónaithe ar-champas TCD 2010-2011 go luath, agus is cosúil go mbeidh spriocdháta do na hiarratais ag deireadh mhí na Márta/tús mhí Aibreáin. Coinnigh súil ar an suíomh seo le haghaidh tuilleadh eolais.
25 Feabhra 2010
Scéim Teanga TCD seolta go hoifigiúil ag an Aire Ó Cuív

Sheol an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, an chéad Scéim Teanga de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla inniu (10 Feabhra).
Sa scéim seo, leagtar amach na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne. Cuimsíonn gealltanais na scéime traenáil agus earcaíocht foirne, seirbhísí custaiméara dátheangacha, suímh ghréasáin an Choláiste agus foilseacháin dhátheangacha, na meáin agus teicneolaíocht faisnéise, mar aon leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar an gcampas agus sa tsochaí. Déanfar scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn, ina mbíonn grúpa cainteoirí Gaeilge ina gcónaí le chéile i lóistín do mhic léinn, a fhorbairt a thuilleadh. Déanfar an caidreamh atá ann le heagraíochtaí Gaeilge, le alumni an Choláiste agus leis an phobal i gcoitinne, a neartú a thuilleadh.
D’fháiltigh Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr John Hegarty, roimh an Scéim trí bliana, ag rá: “Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an Choláiste. Mar ollscoil, tá nasc traidisiúnta fada againn leis an teanga. Bhí dlúthbhaint ag céad uachtarán na hÉireann, Dúghlás de hÍde, leis an Choláiste, mar a bhí ag an scríbhneoir agus acadóir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain. Tá an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné de shaol an Choláiste, agus beidh Scéim Teanga an Choláiste ag tógáil ar an mbunsraith láidir seo.”
“Tacóidh agus comhlánóidh an Scéim Teanga obair reatha an Oifigigh Gaeilge, agus obair Dhisciplín na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha sa réimse acadúil, mar aon le gníomhaíochtaí mac léinn lena n-áirítear obair an Chumainn Ghaelaigh.”
Ag cuir leis seo, dúirt Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane: “Tá céad Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin forleathan le pobal an Choláiste, mar aon le comhoibriú agus comhairle Choiste na Gaeilge agus Ghrúpa Oibre Acht na dTeangacha Oifigiúla. Léiríonn sí tiomantas Choláiste na Tríonóide do ról lárnach ár dteanga náisiúnta i saol na hÉireann.”
Tuilleadh eolais: brúigh anseo.
25 Feabhra 2010
Ranganna Gaeilge ag tosú arís an tseachain dar tús 25 Eanáir
Beidh Ranganna Gaeilge ata faoi stiúradh Ghael linn sa choláiste ag tosú arís an tseachtain dar tús 25 Eanáir 2010.
Mar bhreis orthu sin, beidh Rang Comhrá (do dhaoine le leibhéal réasunta Gaeilge) ar siul gach Déardaoin mar seo a leanas:
Mic Léinn- 12.00pm Seomra 3027 Foirgneamh na nEalaíon.
Baill Foirne: 1.00pm Seomra 3027 Foirgneamh na nEalaíon.
11 Eanáir 2010
Oifig na Gaeilge anois ar Facebook
Tá "TCD Oifig na Gaeilge" anois ar Facebook- dean cairdeas agus bí ar an eolas.
11 Eanáir 2010
2 lectures with Anglican Chaplaincy- Dhá léacht i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach
Léachtaí ag am lóin i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach- 11 agus 18 Samhain
1.30pm Céadaoin/Wednesday 11.11.09: “Protestants and Irish in today’s Northern Ireland”- Gordon McCoy.
1.30pm Céadaoin/ Wednesday 18.11.09: “The Welsh Language today”- Andrew Jones.
Ionad/Venue: Gallery Chapel. Both lectures in English. All welcome. Tuilleadh eolais ar fáil anseo
4 Samhain 2009
Ranganna Comhrá Gaeilge ar an Déardaoin
Beidh Ranganna Comhrá neamhfhoirmealta Gaeilge ar siul mar is gnáth amárach Déardaoin 5.11.09 i bhFoirgneamh na nEalaíon.
1. Rang do mhic léinn:
12.00- 1.00pm. Tá an rang seo teoranta do mhic léinn TCD, agus dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasunta Gaeilge acu. Ionad: Seomra 3126.
2. Rang do bhaill foirne:
1.00-2.00pm. Do bhaill foirne TCD. Ionad: Seomra 3051. Tuilleadh eolais ar fáil anseo:
4 Samhain 2009
Slua maith i láthair ag seisiún eolais "Gairmeacha le Gaeilge"
Bhí slua maith i láthair inniu ag seisún eolais "Gairmeacha le Gaeilge", a reáchtáladh i gColáiste na Trionóide. Thug aoichainteoirí ó earnálacha fostaíochta éagsúla, ina bhfuil labhairt na Gaeilge mar bhuntáiste, léargas ar dheiseanna fostaíochta ina réimsí féin. Tuilleadh eolais ar fáil anseo:
4 Samhain 2009
Gairmeacha le Gaeilge- seisiún eolais Céadaoin 4 Samhain
Gairmeacha le Gaeilge- san Atrium- seisiúin eolais- aoichainteoirí speisialta- sólaistí ar fáil- deiseanna fostaíochta- seastáin eolais
Do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu agus a bhfuil spéis acu i ndeiseanna fostaíochta agus iarchéime trí Ghaeilge
Dáta & am: Céadaoin 4 Samhain 2-4pm
Ionad: An tAtrium
2-3pm Athbhreithniú ar na hearnála. Ar an bpainéal beidh:
Aistriúchán san AE – Robert Gunning, Aistritheoir, Coimisiún na hEorpa
Na Meáin & Cultúr - Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir, nós*
Forbairt agus Pleanáil Teanga - Dr. Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontraíocht, DCU
An Earnáil Phríobháideach - Robert Smyth, Comhairleoir, Accenture
3-4pm Seastáin ag a mbeidh eolas faoi na hearnála agus faoi dheiseanna staidéir:
Fiontar, DCU; Acadamh na Gaeilge, OÉ Gaillimh; Coimisiún na hEorpa; OÉ Baile Átha Cliath; Nemeton; Roinn na Gaeilge TCD
Cuirfear sólaistí ar fáil.
Á chomheagrú ag an tSeirbhís Ghairmthreorach, Roinn na Gaeilge agus Oifigeach na Gaeilge.
www.tcd.ie/Careers www.tcd.ie/irish www.tcd.ie /gaeloifig
27 Deireadh Fómhair 2009
120 ag dul trí chúrsaí Gaeilge TCD anois gach seachtain
Tá Gael Linn ag soláthar cúrsaí Gaeilge ag ceithre leibhéil- A1, A2, B1 agus B2 'chuile sheachtain anois, do bhaill foirne agus do mhic léinn an Choláiste. Togra úrnua do Choláiste na Tríonóide atá anseo. Tá na cúrsaí comhoiriúnach do riachtanais an TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge- féach www.teg.ie).
Fuaireamar aischothú iontach ó phobal an Choláiste nuair a d'fhógraíomar na cúrsaí seo- léirigh nach mór 600 duine suim sna cúrsaí. Faraor, tá na ranganna uile líonta anois, don bhliain acadúil seo.
Tá Rang Comhrá sheachtainiúil ar fáil do mhic léinn gach seachtain- Déardaoin 12pm i Seomra 3126, Foirgneamh na nEalaíon. Tá an rang seo oscailte do gach éinne. Tá Rang Comhrá ar fáil don fhoireann chomh maith ar an Déardaoin- 1pm i Seomra 3051.
27 Deireadh Fómhair 2009
Seachtain na bhFreshers faoi lán seoil
Tá seachtain na bhFreshers anois faoi lán seoil sa Choláiste, agus seastán tarraingteach ag an gCumann Gaelach amuigh sa Chearnóg Thosaigh, i lár aonach na gCumann! Ansin, gheobhaidh tú neart eolais ar imeachtaí an Chumainn agus is féidir leat clárú mar bhall ar €3.00.
Istigh sa Halla Clárúcháin, tá seastán ag Oifig na Gaeilge le bileogaí eolais. Buailigí isteach agus glac páirt i saol na Gaeilge!
24 Meán Fómhair 2009
Gníomhairí teanga mhic léinn TCD 2009-2010
Tá Marie Ní Bhraonáin mar reachtaire ar an gCumann Gaelach sa Choláiste i mbliana. Ta fáil uirthi ag reachtaire@cumann.ie. Tá Stiofan Ó Broin ina leas-reachtaire, Cláir Johnston ina rúnaí, Colm Ó Braoin ina chisteoir, Fíona Ní Mharráin ina oifigeach teicneolaíochta, Róisín NicFheargusa ina oifigeach chaidreamh poiblí, Aisling Ní Fhoghlú ina oifigeach siamsaíochta, Róisín Adams ina oifigeach foilseachán, Clódagh NicGabhann ina oifigeach drámaíochta agus Peadar deBlúit ina oifigeach díospóireachta.

Tá Elaine Nic Réamoinn tofa mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn. Tá Uachtarán an Aontais, Conan Ó Broin, ina Ghaeilgeoir líofa chomh maith.
Tá Caitlín Ní Chinnéide mar Mhaor Tí ar an mbloc Gaelach i Halla na Tríonóide, ait a mbeidh mic léinn Scéim Chónaithe Dhartraí lonnaithe. 12 mac léinn a bheidh ar an scéim seo i mbliana.
Beidh 16 mac léinn páirteach i Sceim Chónaithe Ghaeilge an Champais, atá lonnaithe i mBá na Luibheolaíochta. Beidh Orlaith Foley ag obair mar mheantóir le lucht scéimeanna Dhartraí agus an Champais.
2 Meán Fómhair 2009