Scéimeanna Cónaithe do mhic léinn
- Dhá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn
- Árasáin ar an gCearnóg Thosaigh do mhic léinn 2ú-4ú bhliain
- Árasáin i Halla na Tríonóide nDartraí i mBaile Átha Cliath 6 do mhic léinn na chéad bhliana
- Dhá mhion-Ghaeltacht cathrach
- An Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga laethúil.
Sa rannóg seo, gheofar eolas ar Scéim Chónaithe an Champais agus ar Scéim Chónaithe Dhartraí.
Deir Séamus Conboy, leas-uachtarán Aontas na Mac Léinn:
“Ghlac mé páirt i scéim Chónaithe an Choláiste sa bhliain acadúil 04-05, agus mé i mo chéad bhliain sa Choláiste. Agus mé ag tabhairt aghaidh ar thréimhse iomlán nua im’shaol, thug an scéim deis dom cairde a dhéanamh le daoine a raibh an tsuim chéanna sa Ghaeilge acu is atá agamsa. Bhí atmaisféar iontach i gcónaí sa teach againn – bríomhar, cairdiúil agus Gaelach. Thug an Scéim deis dom páirt lárnach a ghlacadh i saol Gaeilge an Choláiste. Is cinnte go raibh tionchar fíor- dhearfach ag mo bhliain sa Scéim ar an chuid eile dem’ shaol sa Tríonóid”.